An t-ochtú oibrí sláinte básaithe de dheasca an choróinvíris

Oibrí tús líne a bhí sa Dr Waqar Ali Shah a d’oibrigh sa Mater agus in ospidéil eile mar dhochtúir ionaid i dtosach na paindéime

An t-ochtú oibrí sláinte básaithe de dheasca an choróinvíris

Dheimhnigh Ospidéal an Mater inniu go raibh dochtúir a tholg Covid-19 tar éis bháis i ndiaidh trí mhí in ICU.

Dúradh gur oibrí tús líne a bhí sa Dr Waqar Ali Shah a bhíodh ag obair sa Mater agus in ospidéil eile mar dhochtúir ionaid i dtosach na paindéime agus gur chuir sé cúram éigeandála den scoth ar fáil do dhaoine a bhí buailte ag an ngalar.

Is é an Dr Waqar Ali Shah an t-ochtú oibrí sláinte a fuair bás de dheasca an choróinvíris.

Ba as an bPacastáin ó dhúchas don Dr Waqar Ali Shah a bhí ag obair sa chóras sláinte anseo le 15 bliain anuas. Bhí cúigear clainne air.

Dúradh gur dhochtúir “díograiseach” agus fear “lách umhal é”.

Baineann thart ar an tríú cuid de na cásanna Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo le hoibrithe sláinte.

Idir an dá linn, rinne ceannaire Shinn Féin Mary Lou Mac Donald cáineadh láidir sa Dáil inniu ar an Rialtas i dtaca leis an ‘liosta glas’ a d’fhoilsigh siad aréir.

15 tír atá ar an liosta glas de thíortha nach gá do dhuine dul ar coraintín 14 lá ar theacht dó go hÉirinn astu.

Is iad na tíortha atá ar an liosta ná an Iodáil, an Chipir, an Ghréig, an Iorua, an Ungáir, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an tSlóvaic, Málta, an Fhionlainn, an Ghraonlainn, Giobráltar, Monacó agus San Mairíne.

Tíortha iad go léir a bhfuil mórán an leibhéal céanna den Covid-19 iontu is atá in Éirinn.

Dúirt Mary Lou MacDonald go raibh “cocstí” déanta ag an Rialtas de scéal an liosta agus go raibh mearbhall mór curtha ag a gcur chuige ar an bpobal. Dúirt sí go raibh foilsiú an liosta ag teacht salach ar an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí nár cheart dul thar lear ar chor ar bith ach amháin más turas riachtanach atá i gceist.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aon doiléire ag baint le teachtaireacht an rialtais faoi chúrsaí taistil.

Foilsíodh an ‘liosta glas’ tráth a bhfuil imní ar oifigigh sláinte poiblí faoi ghnéithe áirithe de scaipeadh an ghalair in Éirinn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, gur údar imní go háirithe líon ard na ndaoine nach raibh ag teacht i láthair chun tástáil don ghalar a dhéanamh.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE an Dr Colm Henry nach iad an pobal féin “is fearr chun breith a thabhairt an bhfuil gá acu le tástáil a fháil” go háirithe mar gheall ar an líon ard cásanna ina scaipeann duine nach bhfuil aon chomharthaí air an galar.

Fág freagra ar 'An t-ochtú oibrí sláinte básaithe de dheasca an choróinvíris'