An t-ísliú céime ag déanamh tinnis d’foirne sa tsraith peile faoi láthair

Agus trí bhabhta den tsraith fágtha, tá tábhacht ar leith ag baint le cluichí an lae inniu agus foirne ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint

An t-ísliú céime ag déanamh tinnis d’foirne sa tsraith peile faoi láthair

Imreoir an Chabháin, Niall Murray. INPHO/Tommy Dickson

Maigh Eo v An Cabhán, Páirc Mhic hÉil, 14:00

Seans maith go mbeidh tionchar éigin ag an ngreasáil a thug Baile Átha Cliath do Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin ar shéasúr na gConnachtach ach ní fios fós an amhlaidh a spreagfaidh sé iad nó an gcloífidh sé an spiorad a bhí iontu go dtí seo.

Agus iad ag iarraidh ísliú céime a sheachaint, beidh súil ag an gCabhán iad féin gur cloíte a fágadh iad. Tabharfaidh foireann Mattie McGleenan cuairt ar Chaisleán an Bharraigh tráthnóna agus gan ach pointe amháin aimsithe ag a fhoireann ón gcéad cheithre chluiche agus gach cuma ar an scéal nach i Roinn 1 a bheidh siad an bhliain seo chugainn.

Níl ach 41 pointe scóráilte ag an gCabhán sna ceithre chluiche a bhí acu go dtí seo, beagán os cionn deich gcinn in aghaidh an chluiche, agus fiú má bhíonn Maigh Eo fós in ísle brí, shamhlófá go mbeadh níos mó ná sin ag teastáil chun iad a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Bainisteoir Ros Comáin, Kevin McStay. INPHO/James Crombie

Muineachán v Ros Comáin, Inis Caoin, 14:00

Níl pointe ar bith ag Ros Comáin go dtí seo sa tsraith, agus an chuma air go bhfuil a rás rite i Roinn 1. Thabharfadh bua tráthnóna misneach éigin dóibh ach ní bhíonn sé riamh éasca an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán, go háirithe agus iad ag imirt sa bhaile.

Bhí Ros Comáin cuibheasach in aghaidh Dhún na nGall agus ag tréimhsí áirithe in aghaidh Chiarraí ach fós níl aon radharc ar an bhfuinneamh sin a bhí iontu anuraidh nuair a d’éiirigh leo teacht aniar aduaidh ar roinnt foirne.

Agus iad i Roinn 1 le trí bliana, aithnítear Muineachán ar cheann de na foirne is láidre sa tír agus léiriú ar an méid sin ab ea a mbua in aghaidh Chiarraí i bPáirc Mhic Gearailt coicís ó shin. Fiú nuair a bhí Ros Comáin i mbarr a réime anuraidh, níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán agus is beag seans go dtarlóidh a leithéid tráthnóna ach an oiread.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Barry Mulrone (Fear Manach) agus Barry McHugh (Gaillimh). INPHO/Presseye/Andrew Paton

Gaillimh v Doire, Tuaim, 14:00

Tá sé bliana as a chéile caite ag Gaillimh i Roinn 2 den tsraith agus caithfidh siad cluichí ar chuma chluiche an lae inniu in aghaidh Dhoire i dTuaim a bhuachan mura bhfuil siad ag iarraidh bliain eile a chaitheamh ann.

Is mór an chailliúint é Damien Comer, a bhris cnámh ina chos an mhí seo caite, d’fhoireann Kevin Walsh ach fós ba cheart go mbeadh a ndóthain acu chun Doire, nach bhfuil teacht acu ar imreoirí Shleacht Néill fós, a shárú.

Cé go bhfuil Doire cúig áit chun deiridh ar Ghaillimh ar an tábla, d’fhéadfadh siad dul chun tosaigh bhfoireann baile má éiríonn leo an bua a fháil tráthnóna, rud a léiríonn an ghéariomaíocht atá ann i Roinn 2.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Peadar Healy, bainisteoir Chorcaí. INPHO/Mike Shaughnessy

Corcaigh v An Mhí, Páirc Uí Rinn, 14:00

Idir 2014 agus 2016, thit peileadóirí Chill Dara agus na hIarmhí ó Roinn 1 go dtí Roinn 3 sa tsraith. Tá an titim chéanna i ndán do Chorcaigh mura n-éiríonn le foireann Pheadar Healy cúrsaí a chur ina gceart as seo go deireadh na sraithe.

Coicís ó shin, in aghaidh an Chláir, chonaiceamar ceann de na taispeántais is measa ag Corcaigh le fada an lá ach caithfidh siad teacht chucu féin más fúthu ísliú céime a sheachaint.

Tabharfaidh Corcaigh aghaidh ar an Mhí tráthnóna, foireann nach bhfuil ach áit amháin agus pointe amháin chun cinn orthu ar an tábla ach a mbeidh muiníne acu i ndiaidh dóibh an lá a thabhairt leo in aghaidh na Gaillimhe i mBabhta a 4. Bheadh tú ag súil, áfach, go mbeadh Corcaigh ábalta dóibh agus iad ag imirt sa bhaile.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'An t-ísliú céime ag déanamh tinnis d’foirne sa tsraith peile faoi láthair'