An t-imreoir sóisearach fós ag déanamh a bhealaigh ar fhoirne móra

An bhfuil deireadh ag teacht leis an lá a mbíonn imreoirí as clubanna beaga sóisearacha san iomaíocht i mbabhtaí ceannais na gcraobhacha idirchontae?

An t-imreoir sóisearach fós ag déanamh a bhealaigh ar fhoirne móra

Ciarán Kilkenny ag imirt do Chaisleán Cnucha. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Sular thosaigh Craobh na hÉireann 2013 tharraing an Ciarraíoch Jack O’Shea beagán clampair air féin nuair a dúirt sé in alt sa Sunday Times gur ‘peileadóir sóisearach’ ab ea Ciarán Kilkenny. Bhí an grád sin díreach fágtha ina ndiaidh ag Caisleán Cnucha lenar imir Ciarán a bhí naoi mbliana déag ag an am. Iomarca ama a bheith á chaitheamh aige ina sheasamh ina staic le linn imeartha ceann de na lochtanna a fuair Jack ar an ógánach.

Chuir Kilkenny a chloigeann faoi. Seachtain tar éis dó an 20ú breithlá a cheiliúradh mí Iúil na bliana sin thuill sé gradam ‘Laoch na hImeartha’ i gCluiche Ceannais Laighean in aghaidh na Mí agus faoin am a raibh an samhradh caite bhí bonn chraobh na hÉireann ina phóca aige. Tá ceithre cinn eile sleamhnaithe síos ansiúd ó shin.

Lena cheart a thabhairt do Jack O’Shea d’admhaigh sé agus cluiche ceannais an chúige thart go raibh mianach maith peileadóra sa bhfear óg. Dúirt sé freisin gur ag tagairt don ghrád lenar imir a chlub a bhí sé nuair a thagair sé don pheileadóir ‘sóisearach’. Ní raibh sé cruinn sa méid sin ach oiread mar foireann idirmheánach a bhí ag Caisleán Cnucha faoin tráth sin agus craobh na sóisear buaite acu an séasúr roimhe.

Ar aon dath ní foláir aithreachas a bheith minic go leor ar Jacko ó shin agus é ag breathnú síos ar Kilkenny ag sodar gan stad ar fud na páirce. Ní móide gur buíoch dó ach an oiread atá cosantóirí ar fud na tíre a bhfuil na bróga caite acu ag iarraidh coinneáil leis an bprintíseach a raibh an faisean aige a bheith ‘ag seasamh ina staic’.

Aisteach go leor tá stair fhada ag baint le ‘imreoirí sóisearacha’ a bheith ar fhoirne móra peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael.

Tá laoch eile de chuid Átha Cliath ar dhuine acu. Paddy Cullen a thug a shaol imeartha le club i gceartlár na cathrach darbh ainm Buachaillí Uí Chonaill. Is acu atá ceann de na geansaithe is ildaite sa gCumann Lúthchleas – marún, ómra agus corcra. Duine de na bráithre a bhí ag teagasc sa scoil ar Shráid Richmond a roghnaigh iad agus cuairt tugtha ar an Róimh aige áit a bhfaca sé an éide atá ag na Gardaí Eilvéiseacha.

As clubanna sinsearacha a thagann iomlán an 32 imreoir atá ar phainéal Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Imríonn a mbunáite (23) ar fhoirne atá san iomaíocht i gCraobh Shinsir 1 agus bíonn naonúr eile ag imirt le leithéidí Cuala, Cumann Parnell, Naomh Olaf, Naomh Peregrine, Fionnbhrú Colmcille i Sinsear 2.

Nuair a chaith Conor Lane isteach an liathróid i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh ba imreoirí as clubanna sinsearacha ar fad a bhí ar an bpáirc cé is moite de Frank Burns, Kevin McGeary agus Cathal McShane a imríonn sa ngrád idirmheánach le Cabhán a’ Chaorthainn agus le Eoghan Rua.

Is é James Carr as Ardach i dtuaisceart Mhaigh Eo, fear a scóráil dhá chúl in aghaidh na Gaillimhe i mBabhta Cáilithe 4, an t-aon imreoir ar phainéal an chontae sin a imríonn le cumann sóisearach. Is le foirne idirmheánacha a imríonn Keith Higgins (Béal Átha hAmhnais) agus Jason Doherty (Buiríos Umhail). Seachas sin is ó chlubanna sinsearacha seanbhunaithe Mhaigh Eo a imríonn na peileadóirí eile a bhí ar dualgas i bPáirc an Chrócaigh inné.

An bhfuil deireadh ag teacht mar sin leis an lá a mbíonn imreoirí as clubanna beaga sóisearacha san iomaíocht i mbabhtaí ceannais na gcraobhacha idirchontae? Féach nach bhfuil agus féach freisin gur i gCiarraí is mó atá bréagnú an scéil.

Fearacht gach contae eile sa tír is ina réigiúin atá tíreolaíocht Chumann Lúthchleas Gael roinnte i gCiarraí freisin. Imríonn na clubanna sinsearacha sna réigiúin sin astu féin i gCraobh Chiarraí, ach is ceadaitheach freisin do na clubanna idirmheánacha agus sóisearacha sna réigiún a dhul i bpáirt lena chéile agus imirt sa gcomórtas sinsearach ar son na dúiche – Deisceart Chiarraí, Naomh Breandán, Oirthear agus Tuaisceart Chiarraí agus mar sin de.

Tá mé ag dul amú nó is i ngrád na sóisear a bhí an Ghaeltacht agus Páidí Ó Sé ag imirt leo agus le Ciarraí nuair a bhí siadsan i mbarr a réime sna 1970idí agus 80idí. Ba amhlaidh an cás ag Eoin Liston agus ag Ogie Moran a d’imir le Biaille.

Go deimhin tá grád sa gcontae nár chuala mé trácht riamh air in aon áit eile – Craobh na Nóibhíseach, atá faoi bhun ghrád na sóisear. Bhuaigh Biaille sin i 1977 agus rinne an Ghaeltacht amhlaidh i 1992. Cheapfainn gur maith siar ina phluc a bhí a theanga ag an té a chuir na ceithre fhocal sin i ndiaidh a chéile – ‘Craobh Peile Nóibhíseach Chiarraí’. Sin nó ba mar chomórtas do chlochair ina mbíodh údair mná rialta a tosaíodh é!

Fágann an chaoi a bhfuil craobhacha an chontae leagtha amach go bhfuil roinnt níos cothroime ar mhuintir Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh inniu – is le cumann sóisearach, Fosadh, a imríonn David Clifford an peileadóir óg is mó a tharraing aird ar féin le bliain. Is amhlaidh cás do Killian Young (Rinn Ard), Mark Griffin (Naomh Micheál/An Fhaill Mhór), Shane Enright (Tairbeart), Jason Foley (Baile Uí Dhonnchú) agus Jack Sherwood (Na Faighrí/Na Faoibhir).

As clubanna idirmheánacha iad deichniúr eile de phainéal Chiarraí agus is do chlubanna sinsearacha a imríonn an t-ochtar déag eile.

Fág freagra ar 'An t-imreoir sóisearach fós ag déanamh a bhealaigh ar fhoirne móra'