Tá mé ag smaoineamh le tamall ar na daoine a choinnigh ag imeacht muid le linn na géarchéime. Tá a fhios againn ar fad faoi na dochtúirí, na haltraí agus an fhoireann cúram leighis atá amuigh ‘ar an líne thosaigh.’
Ach go minic ní bhíonn aon amharc ar dhream eile atá ag streachailt leis an éigeandáil.
B’fhéidir go dtugaimid faoi deara anois is arís go bhfuil na boscaí bruscair folmhaithe.
Feicimid go bhfuil cuma níos slachtmhaire ar na sráideanna, go tobann. Taibhsí b’fhéidir?
Le linn an bhrothaill le gairid bhí tarraingt mhór mhillteach ar thránna na cathrach.
De bharr go raibh go leor daoine ‘díomhaoin’, bhí daoine ag caitheamh laethanta cois farraige thart sna bólaí seo.
Thabharfainn an leabhar nach raibh a fhios ag go leor acu roimhe sin go raibh an oiread sin áiteacha deasa timpeall orthu sa gcathair.
Labhair mé le fear a raibh sé de phribhléid aige na málaí cac madra, na boscaí folmha ‘pizza’, na cannaí, na buidéil agus an bia leath-ite, a bhailiú i bhfeithicil dramhaíola na Comhairle Contae.
Bhí a dhá oiread caite ar an talamh mórthimpeall an bhosca is a bhí sa bhosca féin.
‘Fair play duit,’ a dúirt mé féin.
‘An mbíonn ort é seo a dhéanamh go minic?’
‘Trí nó ceithre huaire sa lá,’ a dúirt sé.
Rinne mé iontas nach raibh daoine in ann a gcuid bruscair a thabhairt abhaile leo nuair a thugadar faoi deara go raibh na boscaí ar an tsráid ag cur thar maoil.
‘É a thabhairt abhaile?’ arsa mo dhuine agus d’éirigh as an tsluaisteáil ar feadh meandair.
‘Ní hé amháin nach dtugann siad abhaile é,’ a dúirt sé, ‘ach is é a chaoi a dtugann siad a gcuid bruscar teaghlaigh síos ag na ‘bins’ anseo.
An stuif is troime ar fad – go háirithe ‘nappies’ agus a leithéidí. Toisc go mbíonn orthu íoc de réir meáchain – faigheann siad réidh leis anseo sna boscaí poiblí bruscair- nó lena dtaobh.’
Sin fear amháin a bheas sásta go bhfuil an dianghlasáil scaoilte beagán le tamall. Beidh sé ag súil go ngabhfaidh cuid de na daoine ar a laghad ar ais ag obair.
Agus beidh áthas mór air go bhfuil an aimsir mheirbh imithe go fóill agus níos lú daoine ag tarraingt ar thránna na cathrach.
Ní minic a tugadh aon aitheantas dá leithéid agus don arm mór oibrithe a choinnigh orthu ag obair i rith na géarchéime.
Luath ar maidin a thagadh na trucailí príobháideacha dramhaíola thart. Bhí obair mhór orthu siúd freisin.
Dúirt comharsa liom, agus í ag déanamh cineál leithscéil go raibh an oiread sin dramhaíola ‘athchúrsála’ aici, nach raibh sí in ann bia a choinneáil leis an gclann sa mbaile.
“Seasann siad os comhair an chuisneora,” a dúirt sí. “Beidh sé ag cur thar maoil le bia agus déarfaidh siad – ‘A Mhama, níl tada le n-ithe sa teach seo’.”
Taobh thiar di ar an gcosán – ní hé go raibh mé ag coinneáil súil uirthi nó tada –a chomhair mé ceithre mhála mhóra phlaisteacha in éindí leis an ‘mbin’ glas, agus iad ag pléascadh le boscaí folmha pizza, cannaí deochanna, páipéar agus cairtchlár ón mbialann ‘beir leat,’ agus níl a fhios céard eile.
Agus b’in díol seachtaine sa teach. Cúigear acu. Agus cinnte bheadh an bosca dubh bruscair lán go béal freisin. Agus an bosca donn.
Céard a dhéanfaimis gan an t-arm saighdiúirí glantacháin a théann thart ag glanadh suas inár ndiaidh? Dá mbeadh fíor-dhianghlasáil i bhfeidhm, nach mbeimis i ndrochstaid i gceart?
Le roinnt seachtainí anuas, bhí drochscéal ag teacht as na monarchana feola.
Ach bhí bia ar fáil go forleathan le linn na géarchéime. Ní raibh aon ghanntanas feola ann ariamh, an raibh? Cé costas a bhain le tairgeadh na feola sin? Ar chaitheamar nóiméad ag smaoineamh ar choinníollacha oibre na n-oibrithe sna monarchana sin?
Deirtear anois, gurb é an fáth ar scaip an galar chomh héifeachtach sin sna monarchana ná toisc go mbíonn na hoibrithe ag fanacht i lóistín, ina mbíonn siad ag roinnt seomraí agus áiseanna eile lena chéile.
Deirtear go mbíonn siad ag béicíl lena chéile ar urlár na monarcha toisc go mbíonn an torann chomh hard sin iontu.
Cuidíonn an bhéicíl sin le scaipeadh braonacha ón scornach….agus scaipeann an víreas.
Agus ar smaoinigh muid ariamh, agus muid ag déanamh comhghairdis lena chéile faoi chomh maith agus a d’éirigh linn bia a chur ar an mbord, cé, i ndáiríre a chuir ar an mbord é?
Bhí mé i dTamhlacht inné – ag baint leas as an teorainn nua 20km. Bhí mé róluath do mo choinne ag garáiste carranna athláimhe.
Fuair mé boladh dinnéir. Ach bhí sé luath go maith sa lá. Shiúil mé píosa síos an bóthar.
Bhí ‘bin’ mór ann le éadaí athláimhe a bhailiú, taobh amuigh de mhonarcha. Ach níorbh iad ‘Pieta House’ ná ‘Barnardo’s’ a bhí ag bailiú éadaí. ‘Islamic Relief’ a bhí scríofa ar an lipéad.
Bhí sórt binse agus scáth plaisteach os a chionn, mar a bheadh stad bus ann, os comhair na monarchan agus bhí daoine ag bailiú ann.
Cuid díobh ag suí in aice a chéile, cuid eile ag seasamh thart agus na mná ag tabhairt barróg dá chéile.
Ná ceap go raibh an méadar féin, gan trácht ar an dá mhéadar eatarthu. Ní raibh masc ná clúdach éadain le feiceáil. D’fhéach mé orthu ar feadh tamaillín, cuid den fhórsa mór oibrithe eachtrannacha a choinníonn ag imeacht muid.
Ní dóigh go mbeidís ag breathnú ar an Six One ná ag éisteacht le Joe Duffy.
Drochsheans go mbeadh a fhios acu cé hé an Dr Tony Holohan.
Thosaigh seal nua oibre agus chuadar isteach sa mhonarcha le tuilleadh béilí réamhdhéanta a réiteach.
Ar ais ar m’eastát féin, nuair a tháinig na trucailí príobháideacha bruscair thart leis na boscaí a fholmhú agus na málaí plaisteacha pacáilte a chaitheamh isteach chun deiridh, thug mé faoi deara go raibh an fhoireann sna suíocháin chun tosaigh méadaithe – ó bheirt go triúr.
Cúpla ceintiméadar eatarthu, má bhí an t-ádh leo.
Brú millteanach ar na hoibrithe – as an Eoraip Thoir, den chuid is mó, agus contúirt an ghalair méadaithe dá réir.
Ach cé eile a phiocfadh suas na boscaí píotsa? Ní cheapann tú go mbeadh muide sásta é sin a dhéanamh, an gceapann?
Nuala
Ábhar machnaimh gan dabht.