An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air

Is maith an ní go bhfuil polaiteoir tofa amháin sa tír seo a bhfuil muinín ag ár bhformhór as – Micheál D Ó hUigínn

RollingNews.ie
RollingNews.ie

Samhlaigh slua mór tagtha le chéile, in áit ar bith sa tír.  Iarrtar ciúnas, agus deirtear:

“A dhaoine uaisle, cuirigí fáilte roimh An Taoiseach Enda Kenny…

Nó…An tAire Comhshaoil Alan Kelly…

Nó… Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin…

Nó… Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams…

Nó…

Ar ndóigh bíonn Éireannaigh béasach de ghnáth, fiú má iarrtar orthu fáilte a  chur roimh dhaoine nach bhfuil aon mheas acu orthu. Mar sin féin, is ar éigean a chuirfeadh mórán léitheoirí in aghaidh an bhuille faoi thuairim seo a leanas.

Dá mbeadh duine ar bith ón liosta thuas, nó duine dá gcomrádaithe ó pháirtí polaitiúil ar bith, ag dul os comhair gnáthshlua ar bith sa tír (ní áirím a lucht leanúna féin), bí cinnte nach le bualadh bos croíúil ó chách a chuirfí fáilte rompu.

Ní hionann cás an Uachtaráin. D’fhreastail an scríbhneoir seo ar dhá ócáid le gairid nuair a fógraíodh go raibh Micheál D Ó hUigínn inár láthair. Ní le seasamh ná le bualadh bos amháin ach le háthas agus le gártha láidre molta a cuireadh fáilte roimhe.

Léirigh an pobal ardmheas arís ar an Uachtarán le linn na searmanas a reáchtáladh  mar chuimhneachán ar Éirí Amach 1916. De réir tuairiscí eile le tamall anuas fáilte chroíúil a cuireadh roimhe in áiteanna ar fud na tíre le déanaí.

Is léir don cholúnaí seo dhá chúis le meas seo an phobail ar an Uachtarán.

Ar an gcéad dul síos, is maith lenár bhformhór a chur chuige, a phearsantacht agus a stíl. Gan dabht, bíonn a óráidíocht rófhoclach agus róchasta uaireanta (féach an sampla thíos*). Ach bíonn spreagadh, gríosú agus ábhar fiúntach machnaimh ina chuid cainte freisin, mar a bhí sna hóráidí go léir a thug sé le linn na searmanas cuimhneacháin.

Nuair a labhair sé Dé hAoine seo caite le slógadh de ghaolta na ndaoine a maraíodh le linn an Éirí Amach, bhí gríosú láidir do gach saoránach in aon abairt amháin:

“Inniu, tá sé de dhualgas orainn ar fad Poblacht a shamhlú agus a chruthú as a mbeadh na bunaitheoirí bródúil.”

Tá cúis eile, sílim, lenár meas ar an gceann stáit. Spreagann a theacht agus a bhriathra meas ní hamháin air féin, ach ar ár dtír agus ar ár leas coitinn. Tá ár gcion air ag dul i dtreise, ní in ainneoin drochmheas a bheith ag daoine ar pholaiteoirí ach mar thoradh ar an drochmheas sin.

Níl vótóirí ar aon tuairim faoin gcur chuige a theastaíonn leis an tír a rialú, mar a léirigh toradh an olltoghcháin, ach is léir dúinn an riachtanas. Is ionadaí agus urlabhraí den scoth ar son an chomhriachtanais sin é Micheál D Ó hUigínn.

Sna laethanta atá romhainn, i dTeach Laighean agus lasmuigh de, beidh tábhacht sa bhreis leis an meas seo a léirítear ar an Uachtarán má bhaineann sé leas as a chearta sa Bhunreacht chun:

1. Labhairt le cruinniú den Oireachtas, nó go díreach leis an bpobal. Deir an Bunreacht nach foláir do rialtas a bheith  “sásta” le ráiteas dá leithéid,  ach is ar éigean a chuirfí srian air dá bharr.

2.  An 32ú Dáil a choinneáil beo, agus gan é a scor ar iarratas an Taoisigh. Mar a deir Airteagal 13.2.2:

Tig leis an Uachtarán, as a chomhairle féin, diúltú do Dháil Éireann a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.

Má theipeann ar feadh i bhfad eile ar chainteanna faoi bhunú rialtais, beidh iontas ar mhórán mura mbeidh focal nó dhó, ar a laghad, le rá linn ina thaobh ag an uachtarán.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

* “For example, when we speak of globalisation, do we speak of something that acknowledges coexistence, interdependency, or are we simply giving a label to the unregulated free march of an expanding and increasing speculative, and not necessarily productive, capital?“ Óráid a thug sé ag comhdháil faoi thrádáil dhomhanda a reáchtáladh sa Ghinéiv ar an 23 Samhain. An téacs iomlán anseo.

Fág freagra ar 'An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air'

  • padraig

    Comhlíonann sé an ról onórach atá dlite dhó go maith, admhaím, ach ceapaim nár cheart aon Uachtarán a bheith againn in aon chor sa tírín bheag shuaite seo. Níl ach fíorbheagán cumhachtaí ag gabháil leis an bpost sin aige, agus is maith atá a fhios sin aige. Is cainteoir snasta, tréithiúil, teanntásach é ach cén mhaith dhúinn éin? ‘Ní chothaíonn na bréithre na bráithre’. Gabhann costaisí, tuarastail, poimp, cúirialtacht agus buaileam-sciath thar meán leis an bpost agus gan de bhun leo uile ach mór-égo an sealbhóra a shásamh. Ní dóigh liom go dtagann cás mhuintir na hÉireann idir é agus codladh na hoíche. Iar-chóilíneachas paiteanta mí-náireach ó Phálás Ionadaí an Rí in Éirinn agus bladhmann síoraí ó fhear saibhir a mbíonn searbhóntaithe ‘pearsanta’ ag tindeáil air, ar chostas na coismhuintire. Is Sósialach é, dar leis, ach ní dhearna sé aon mhoill an Bille um Uisce Éireann a shíniú (i measc rudaí eile). Bítear mórálach as mar gheall ar go ‘dtugann sé dúshlán an rialtais’ uair umá seach ach níl ansin ach fogha fóisí gan feidhm. Tá sé breá seascair socair ag labhairt dó ex cathedra ach ní bheidh faic dá bharra againne ach tuilleadh billí agus tuilleadh Billí.

  • Seán

    níl meas mada agum ar phioc díbh ná ar pháirtí an locht oibre… ach duine uasal is ea Ó hUiginn. déarfainn ná taobhóinn sé leis na rátaí is é ar lic an tínteáin fhéin ná le saighdiúirí Mheirice bheith ag stopadh in árfort na Sionna. dá dtagfadh an tuar fén dtairngire, is streachailt níos fíochmhaire idir na daoine agus an stát de bharr na héagóire so, sheasfadh sé ar ár son.

    • Seán

      *rátaí uisce