An t-ádh dearg le Corcaigh – agus Áth Cliath

Bhí an t-ádh le Corcaigh sa tarraingt don chraobh iomána 2015 agus beidh bliain shuimiúil ag Baile Átha Cliath faoi stiúir láimh oilte Ger Cunningham

Ger Cunningham 28/9/2013
Ger Cunningham. Pictir:©INPHO/Ryan Byrne

Seachtain ó shin a cuireadh an rollchóstóir iomána i bhfearas arís agus cé nár cuireadh ag gluaiseacht ceart fós é, táimid ag smaoineamh cheana ar a bhfuil romhainn amach.

Is ar éigean go raibh críoch tagtha le séasúr iomána 2014 nuair a thosaigh an chaint faoin mbliain seo chugainn.

Deineadh an tarraingt an Déardaoin seo caite do 2015 agus tá a fhios ag gach duine anois cé a bheidh i gcoinne a chontae féin.

I gcúige Mumhan, is dóigh liom go raibh an t-ádh le mo chontae féin, Corcaigh.

Imreoidh siad Port Láirge i gcluiche leathcheannais craoibhe agus bunaithe ar an méid a chonaiceamar anuraidh, beidh an lá le Corcaigh sa choimhlint sin.

Chonaic mé craobh shinsir na nDéise le déanaí ach is beag a chonaic mé a chuirfeadh imní ar Chorcaigh. I mo thuairim féin, tógfaidh sé bliain nó dhó eile ar na Déisigh foireann sách láidir a bheith acu.

Dar ndóigh, tá scata maith imreoirí acu ó fhoireann bhuacach na mionúr, 2013, ach is léir, agus is léir go háirithe do lucht leanta dílis na Gaillimhe nár cheart talamh slán a dhéanamh de go ndéanfaidh foirne maithe faoi aois an beart an ngrád sinsir.

Ar an taobh eile den tarraingt sa Mhumhan, tabharfaidh na comharsana Luimneach agus an Clár aghaidh ar a chéile sa chluiche ceathrú craoibhe. Beidh an ceann sin suimúil agus cluiche i gcoinne Thiobrad Árann mar dhuais do na buaiteoirí!

Tá sé suimiúil nár bhuaigh seampíní na Mumhan craobh na hÉireann ó 2005.

Cuireann foirne na Mumhan an milleán ar bhearna cúig seachtaine a bheith idir cluiche ceannais na Mumhan agus cluiche leathcheannais na hÉireann. Ach tá sé suimiúil freisin gur féidir an rud céanna a rá faoi sheampíní Laighean mar go mbíonn an bhearna chéanna le líonadh acu sin. Cloisim go bhfuil Comhairle na Mumhan ag caint faoin tréimhse ama idir na cluichí a laghdú.

I gcúige Laighean tá sé deacair aon rud eile a shamhlú ach bua do Chill Chainnigh. Ó thosach na mílaoise tá gach craobh Laighean buaite acu seachas péire. Tá siad ar an taobh céanna den tarraingt le Loch Garman agus is trua san d’fhir na mbolg buí. Tá siad ag feabhsú ach níl siad ag leibhéal na gCat fós.

Ar an taobh eile bualfaidh Baile Átha Cliath agus an Ghaillimh le chéile sa chéad bhabhta, rud a chiallaíonn go mbeidh ceann amháin díobh ag taisteal an chuairdbhóthair ar thóir Chorn Mhic Cárthaigh.

Tá seachtain ann ó ainmníodh Ger Cunningham mar bhainisteoir nua ar iománaithe na príomhchathrach. Déanfaidh sé a dhícheall – níl aon dabht faoi sin.

Bhí sé mar roghnóir agam i gCorcaigh i 2005, an uair dheireanach a bhuamaar craobh na hÉireann cois Laoi agus dar ndóigh bhí sé i mbun cóitseála le Jimmy Barry Murphy i 2012 agus 2013.

Mar sin, níl aon easpa taithí ag an bhfear a chaith beagnach scór blianta mar chúlbáire Chorcaí.

Tá an-mheas agam air. Tá tuiscint ar an gcluiche go smior ann. Tá an-cur amach aige ar theaicticí. Tuigeann sé imreoirí agus déanann se a dhícheall iad a thabhairt leis, rud a rinne sé bliain i ndiaidh bliana le foireann mhic léinn na chéad bhliana i gColáiste na hOllscoile Corcaigh .

Tá an t-ádh le Baile Átha Cliath go mbeidh sé acu ar feadh trí shéasúr eile. Tá súil agam go n-oibreoidh rudaí amach dóibh.

Is dúshlán mór é agus an chéad fhadhb a bheidh ag Ger ná socrú éigin a dhéanamh a d’fhágfadh go mbeadh cuid de na hiománaithe atá ar an bpáinéal peile ag imirt iomanaíochta i 2015 . Mar sin, away leat, a Ger!