FÍSEÁN: Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – ‘When you’re on a dead horse, the best thing to do is get off’

Deir an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh nárbh údar náire a bheadh ann an Straitéis a chur ar leataobh agus plean nua a cheapadh don Ghaeltacht a bheadh dírithe ar dheiseanna fostaíochta a chruthú

FÍSEÁN: Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – ‘When you’re on a dead horse, the best thing to do is get off’

An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Chuaigh an Seanadóir neamhspleách Pádraig Ó Céidigh i muinín ghaois John Wayne sa Seanad an tseachtain seo agus an polaiteoir Gaeltachta ag moladh go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Ní fheictear dom go bhfuil ag éirí leis an straitéis sin. Bhain mé úsáid cúpla uair as rud a dúirt John Wayne uair amháin i seanscannán. Dúirt sé, ‘When you are on a dead horse, the best thing to do is to get off’.

“Tá fadhb mhór againn ó thaobh na Gaeilge de, ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh na straitéise de mar, dar liomsa agus dar le go leor daoine, níl ag éirí leis. Bhí comhráite agam leis an Aire Stáit [Joe McHugh] le roinnt seachtainí anuas. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag iarraidh bheith dáiríre agus é seo a fhorbairt, ach ceaptar nach bhfuil ag éirí leis an straitéis. Caithfimid tosú arís.”

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta nárbh údar náire a bheadh ann an Straitéis a chur ar leataobh agus plean nua a cheapadh ina háit.

“Níl tada mícheart leis sin. Tarlaíonn sé i gcúrsaí gnó agus cúrsaí an tsaoil an-mhinic. Is maith an rud é agus is rud ciallmhar a rá go gcaithfimid tosú le plean nua,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Céidigh go raibh seacht mbliana de thréimhse na straitéise caite agus gur léir, i bhfianaise an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht i bhfigiúirí daonáirimh, go raibh ag teip ar an bplean náisiúnta don teanga.

“Deireann an plean go mbeidh méadú ar an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge ó 83,000 go dtí 250,000. Tharla a mhalairt. Táimid imithe ó 83,000 in 2010 go dtí 73,800 anois. Sin laghdú de 10%. Táimid ag rá go n-ardófar líon na gcainteoirí dúchais 25% ón méid atá ann faoi láthair agus, faraor, is é a mhalairt atá ag tarlú. In 2010, bhí thart ar 20,000 cainteoir dúchais ann. De réir an daonáirimh in 2011, bhí 23,000 ann agus tá an figiúr sin íslithe go dtí 20,000 in 2016.

Mhol an Seanadóir go dtabharfaí isteach straitéis nua don Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar an bpobal ionas go mbeadh seans acu post a fháil agus fanacht san “áit inar rugadh agus tógadh iad”.

Dúirt an fear gnó gur chóir an straitéis nua a bheith bunaithe “ar fhostaíocht agus comhoibriú idir na Ranna Stáit éagsúla” atá ag feidhmiú “i gcineál silos” faoi láthair, dar leis. 

Mhol Ó Céidigh chomh maith go ndéanfaí infheistíocht bhreise i gcomharchumainn na Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag an Seanadóir, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh “cuid mhór obair dhearfach” á déanamh “maidir leis an teanga a bhogadh chun cinn”. 

“Bhí laghdú mór san airgead a bhí ar fáil do na comharchumainn thar na blianta a chuaigh thart. Tá siadsan ag obair go deonach fosta. Bíonn siad ag obair ar achan rud maidir leis an teanga chomh maith le cúrsaí forbartha agus fostaíochta. Tá mé ag amharc ar an chuidiú dóibh freisin,” a dúirt Joe McHugh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – ‘When you’re on a dead horse, the best thing to do is get off’'

  • Mánus

    Bravó don Seanadóir Ó Céidigh! Caith an Straitéis 20 bhliain sa bhruscair. Plean réadúil atá de dhíth orainn. Ní mór an teip glan a admháil agus tosú as an nua le spriocanna réadúla .