An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach gur gá a bheith ‘praiticiúil agus réasúnta’ faoi aistriú cáipéisí dlí go Gaeilge

Tá achomharc á dhéanamh ag an Aire Tithíochta sa Chúirt Uachtarach in aghaidh cinneadh Ard-Chúirte gur chóir go mbeadh reachtaíocht áirithe ar fáil i nGaeilge

An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach gur gá a bheith ‘praiticiúil agus réasúnta’ faoi aistriú cáipéisí dlí go Gaeilge

Maífidh an Stát sa Chúirt Uachtarach an tseachtain seo go bhfuil gá le ‘teorainn phraiticiúil agus réasúnta’ a chur le líon na gcáipéisí dlí a bhfuil dualgas ann iad a chur ar fáil i nGaeilge.

Beifear ag áitiú chomh maith nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge agus go mbeadh brú míréasúnta ag baint lena leithéid a dhéanamh.

Baineann achomharc an Stáit sa Chúirt Uachtarach le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Cuirfear tús le himeachtaí sa chúirt ar maidin agus meastar go mairfidh an éisteacht lá go leith.

D’éirigh san Ard-Chúirt leis an athbhreithniú breithiúnach ach ceadaíodh achomharc sa Chúirt Uachtarach don Stát ina dhiaidh sin.

Deir na forbróirí Gaeltachta san argóint atá curtha faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí acu gurb ionann dearcadh an Stáit i leith a gcearta teanga agus a rá leo: ‘bainigí úsáid as an reachtaíocht seo i mBéarla, nó cuirigí bhur n-aistriúcháin féin ar fáil’.

Deir siad chomh maith nach bhfuil sé ceart ná cuí go mbeadh an Stát ag brath ar ‘a theip stairiúil’ éifeacht a thabhairt do chearta teanga an tsaoránaigh chun na cearta sin a cheilt air.

Deir siad chomh maith nár cheart ligean don Stát ‘easpa acmhainní’ a úsáid mar leithscéal chun cur i gcoinne a n-oibleagáidí i leith na Gaeilge faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

‘Ag deireadh an lae, cad is fiú Achtanna an Oireachtais a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla más féidir iad a leasú in aon teanga amháin?’ a deirtear.

Luaitear chomh maith go gcuirtear gach treoir agus gach rialachán Eorpach ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus sna teangacha oifigiúla eile.

Tugadh an cás in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt toisc nach raibh fáil i nGaeilge ar reachtaíocht a bhain le hachomharc faoi chúrsaí pleanála atá ar bun ag na hiarratasóirí.

Tá na hiarratasóirí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a dtalamh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Beidh éisteacht phoiblí faoin achomharc pleanála sin ar siúl amach anseo.

Deir an Stát – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála – dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.

Ach dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh san Ard-Chúirt go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála “míréasúnta”.

Bhí an leagan aistrithe den Acht ar fáil sular críochnaíodh an cás san Ard-Chúirt, ach dúirt an Breitheamh gur drochmheasúil an beart ag an Stát é gan na hiarratasóirí a chur ar an eolas faoin méid sin.

Deir an Stát go ndearna an Breitheamh O’Hanlon ‘earráid dlí’ nuair a chinn sí gur mhoill mhíréasúnta a bhí i 17 mí.

D’fhéadfadh, a deir lucht an achomhairc, go mbeadh ‘impleachtaí an-tromchúiseach’ ag baint leis an gcinneadh sin.

Bheadh an baol ann sa chás áirithe seo go gcuirfí moill ar fhorbairt ‘thábhachtach chomhshaoil’. Deir na hachomharcóirí freisin go bhfuil brú oibre ar Rannóg an Aistriúcháin mar atá agus iad ag iarraidh leagan Gaeilge a chur ar fail ar ‘riaráiste mhór’ d’Achtanna an Oireachtais.

Ní bheadh sé ‘praiticiúil nó réasúnta’, a deir siad, tabhairt ar an Stát ionstraimí reachtúla a aistriú chomh maith.

Athdhearbhú a bhí sa chás san Ard-Chúirt mí Bealtaine seo caite ar an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Daingniú eile a bhí sa chinneadh ar chearta teanga a tástáladh cheana sna cúirteanna i gcásanna éagsúla ach cuirfear tástáil eile ar na cearta sin sa Chúirt Uachtarach inniu agus amárach.

Dúirt painéal triúr Breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí go n-éistfí an t-achomharc mar go raibh ceisteanna tábhachtacha dlí ag éirí as. D’fhéadfadh na ceisteanna sin tionchar a bheith acu ar chásanna cúirte eile agus ar an riarachán poiblí go ginearálta, a dúirt na Breithiúna.

 

Fág freagra ar 'An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach gur gá a bheith ‘praiticiúil agus réasúnta’ faoi aistriú cáipéisí dlí go Gaeilge'

  • Seán ÓM

    Náireach go bhfuil a leithéid de chás ann ar chor ar bith.

    Ní chreideann an stát seo nó a státseirbísigh i gcearta teanga ar bith, fiú taobh istigh de na Gaeltachtaí.

    Bíonn státseirbísigh ag magadh faoin gcoincheap go príobháideach fiú. Tá fhios agam faoi sin.

    I mo thuairim féin:
    Cultúr nimhneach i leith gach teanga seachas Béarla atá ann, agus sin an oidhreacht a fuair státseirbhísigh na tíre seo ó impireacht na Breataine.

    Is trua go maireann an cultúr impiriúil seo fós sna 26, cé go bhfuil an impireacht féin marbh.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Is iomaí seift phraiticiúil a d’fhéadfadh an Státchóras a úsáid le cur ar a chumas a dhualgas bunreachtúil a dhéanamh. Is é an tseift is bunúsaí agus is follasaí acu sin státseirbhís a earcú a bheadh inniúil ar a cuid oibre a dhéanamh sna teangacha oifigiúla. D’fhéadfadh a leithéid sin de státseirbhís sciar den reachtaíocht a dhréachtú i nGaeilge (agus sciar eile i mBéarla). Ní bheifí ag brath oiread ar an aistriúchán ó EN go GA. Cuireadh deireadh in 1973, le cinneadh rialtais, le riachtanas na Gaeilge mar cháilíocht ag státseirbhísigh. Dá réir sin, is é an Stát féin a chruthaigh an státchóras dífheidhmiúil neamhinniúil atá ann inniu. Agus ní réiteoidh an 20% d’earcaigh nua an fhadhb (rud atá san Acht Teanga úr). Ba cheart dóibh tabhairt faoi sin uilig a chur ina cheart seachas bheith ag caitheamh airgead poiblí ar chásanna cúirte atá dírithe ar mhugadh magadh a dhéanamh den Bhunreacht.

  • Dónall Mac Billings Mór

    — Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Cóiriúil’ (Polaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E

  • Antóin

    ‘Réasúnta’ nach deas an focal é! Mura n-aontaíonn tú, tá tú míréasúnta.

  • Éamonn Ó Gribín

    B’fhéidir dá gcuirfeadh an Stát na cáipéisí ar fáil sa teanga náisiúnta ar an gcéad dul síos, ní bheadh fadhb ar bith ann ina dhiaidh sin!