An Stát le costais chúirte a íoc le grúpa iascairí sa Ghaeltacht Láir

Is iad Iascach Intíre na hÉireann a thionscain na cásanna agus téann cuid acu siar go 2008

An Stát le costais chúirte a íoc le grúpa iascairí sa Ghaeltacht Láir

Rialaigh an Breitheamh Paul Kelly ag Cúirt Dúiche an Chlocháin Léith an tseachtain seo go gcaithfidh an Stát íoc as na costais uilig do bhaicle iascairí ar cuireadh ina leith go raibh siad ag iascaireacht gan cheadúnais ar abhainn Ghaoth Beara sa Ghaeltacht Láir.

Bhí breis agus 150 toghairm chúirte i gceist, cásanna a glacadh in éadan leathchéad iascaire. Is iad Iascach Intíre na hÉireann a thionscain na cásanna. Chuaigh cuid acu siar go 2008, ach caitheadh amach iad mí an Mhárta anuraidh.

Dúirt an Breitheamh Kelly gur tarraingíodh siar na cásanna seo mar gheall ar easnamh sa dlí a chuir bac ar na húdaráis iascaireachta dul ar aghaidh leis na cásanna maidir le daoine a bheith ag iascach gan na ceadúnais chuí a bheith acu.

Chuaigh na cásanna ar aghaidh ar feadh blianta fada, a dúirt sé, agus ní raibh sé ceart nó cóir ag Iascach Intíre na hÉireann a ghabháil ar aghaidh leis na cásanna sin mura raibh siad in ann iad a ionchúiseamh. Dúirt sé chomh maith go raibh costas mór ar na cosantóirí agus go raibh orthu a bheith i láthair ag go leor suíonna de chuid na cúirte 

Dúirt an Breitheamh Paul Kelly nach ag tabhairt a bhreithiúnas ar an chás féin a bhí sé ach ar na costais agus rialaigh sé go n-íocfaí costais gach aon chosantóra.

Cuireadh an cás siar go dtí an 13 Márta le deis a thabhairt don dá thaobh teacht ar shocrú faoi mhéid na gcostas sin.

Fág freagra ar 'An Stát le costais chúirte a íoc le grúpa iascairí sa Ghaeltacht Láir'