An stair ina hábhar misnigh ag Éire Óg i gcoinne sheaimpíní Átha Cliath

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Laighean i bPort Laoise tráthnóna nuair a chasfaidh Baile Buadáin agus Éire Óg ar a chéile

An stair ina hábhar misnigh ag Éire Óg i gcoinne sheaimpíní Átha Cliath

Colm Basquel (Baile Buadáin Naomh Éanna). Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Baile Buadáin Naomh Éanna (Áth Cliath) v Éire Óg (Ceatharlach)
Páirc Uí Mhórdha, 2.00pm (Beo ar TG4)

Is iad Baile Buadáin Naomh Éanna rogha láidir na n-údar i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Laighean tráthnóna ach tabharfaidh an stair spreagadh d’Éire Óg.

Bhuaigh an cumann as Ceatharlach Craobh Laighean cúig uaire idir 1992 agus 1998 agus fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Átha Cliath i dtrí cinn acu sin (1993, 96 agus 98).

Beidh taithí na bhfoirne le blianta beaga anuas níos tábhachtaí tráthnóna, áfach.

Cé go bhfuil Craobh Cheatharlach buaite ag Éire Óg seacht n-uaire ó 1998, is í seo an chéad uair acu cluiche ceannais an chúige a bhaint amach ó shin. Sháraigh Mullach an Leachta iad faoi dhó le cúpla bliain anuas agus thug seaimpíní Longfoirt greadadh dóibh anuraidh i gcluiche a chríochnaigh ar scór 2-15 in aghaidh 0-3.

Tá siad tagtha chucu féin arís i mbliana, áfach, agus tar éis dóibh craobh an chontae a bhaint den tríú bliain as a chéile fuair Éire Óg an ceann is fearr ar Bhaile an Chaisleáin (Loch Garman), na Sáirséalaigh (Cill Dara) agus Port Laoise (Laois) chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an lae inniu.

Bhuaigh Baile Buadáin Craobh Laighean ceithre bliana ó shin agus an fhoireann ar a mbealach chuig Craobh na hÉireann a bhuachan. Ach bhí cúpla drochbhliain acu ó shin.

Chliseadar i mBabhta 1 agus Babhta 2 na craoibhe in 2016 agus 2017 agus cé go ndeachaigh siad chomh fada leis na cluichí leathcheannais anuraidh, bhuaigh Cill Mochuda orthu.

Tá Baile Buadáin feabhsaithe i mbliana, áfach, agus tá 23 cluiche as 24 buaite acu idir an tsraith agus an chraobh in 2019. Bhí siad cumasach ina gcluichí i gCraobh Laighean agus an ceann is fearr faighte acu go héasca ar Ghormaithe an Bhaile Nua (Co Lú) agus ar Chaisleán an Gharraí (an Iarmhí).                

Tá scata imreoirí acu a d’imir d’fhoireann shinsir Átha Cliath le blianta beaga anuas. Is é Michael Darragh MacAuley is mó a bhfuil aithne ag daoine air ach tá dhá bhonn uile-Éireann buaite ag Robert McDaid agus seal caite ag an bheirt Basquel, Colm agus Ryan, le foireann an chontae chomh maith.

Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche dúshláin i rith an tsamhraidh agus ní fhéadfaí iad a scaradh óna chéile. Agus leithéidí MacAuley agus McDaid anois ar fáil don chlub as Baile Átha Cliath arís, beidh siad beagán níos fearr tráthnóna.

Fág freagra ar 'An stair ina hábhar misnigh ag Éire Óg i gcoinne sheaimpíní Átha Cliath'