Deir an tAE go bhfuil sé róluath a rá cén uair a dhéanfar cinneadh faoi iarratas atá déanta ag an Spáinn go mbronnfaí an stádas céanna atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe eile chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.
D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.
I litir a sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh an tseachtain seo caite, dúirt sé gur chóir teangacha oifigiúla eile na Spáinne a chur leis an liosta 24 teanga a bhfuil stádas oifigiúil san AE acu.
Mhol Albares go bhféadfaí an cheist a chur ar chlár oibre na bpolaiteoirí an mhí seo chugainn.
Deir an tAE go bhfuil iarratas na Spáinne á “scagadh” ach go raibh sé róluath a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ar chlár oibre na n-airí an mhí seo chugainn.
Dúirt ceannaire an pháirtí Chatalónaigh Junts, iaruachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont go raibh deis iontach faoi láthair ann dul chun cinn tapaidh a dhéanamh faoi cheist stádas na dteangacha ó tharla uachtaránacht na Comhairle a bheith ag an Spáinn faoi láthair.
Dúirt Puigdemont gur deis iontach a bhí ann chomh maith do Sánchez a chruthú gur féidir leis beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
De na mionteangacha san Eoraip atá ina gcomhtheangacha oifigiúla chomh maith, is í an Ghaeilge an t-aon cheann a bhfuil stádas oifigiúil aici san AE.
Bronnadh stádas oifigiúil san AE ar an nGaeilge in 2007 ach níor baineadh lánstádas amach di go dtí 2022.
Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh a cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.
Is faoin Spáinn a bheadh sé tacaíocht na mballstát eile go léir a fháil don phlean stádas oifigiúil a bhronnadh ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.
Meastar nach gan dua a mheallfaí tacaíocht na mballstáit go léir agus go mbeadh imní ar thíortha áirithe go spreagfaí a thuilleadh iarratas ar stádas agus go gcuirfí a thuilleadh costais agus brú ar an AE ó thaobh cúrsaí aistriúcháin.
Mar chuid den idirbheartaíocht iarthoghcháin sa Spáinn, thacaigh scarúnaithe Junts cheana féin leis na Sóisialaithe i dtaca le vóta tábhachtach amháin – ceapachán uachtarán nua Pharlaimint na Spáinne, Francina Armengol, an t-iarrthóir sóisialach.
In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.
Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.
Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.
In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022
Deirtear gur 30 lá a thógann sé 100 leathanach a aistriú san AE. 2021 an bhliain ba mhó ar deineadh obair aistriúcháin nuair a aistríodh 2.77 milliún leathanach.
Pádraig O'hEipicín
Go n-éirí leis an Spáinn.