An sprioc chéanna ag Fianna Fáil agus Fine Gael – cur in aghaidh Shinn Féin

Is léir go bhfeictear d’Fhine Gael gurb iad Sinn Féin an bhagairt is mó dá dtréimhse fhada i gcumhacht

An sprioc chéanna ag Fianna Fáil agus Fine Gael – cur in aghaidh Shinn Féin

Ní bréag a rá gur díol iontais a bhí ann dúinn ar fad nuair a chuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael i gcomhrialtas oifigiúil lena chéile. Ar ndóigh, bhí tréimhse an rialtais roimhe sin caite acu ag comhoibriú le chéile freisin lena gComhaontú Muiníne agus Soláthair.

Ar bhealach ní díol iontais go mbeidís in ann ceart a bhaint dá chéile; nach as aon síol amháin a tháinig siad le linn Chogadh na gCarad céad bliain ó shin?  Tar éis dhá bhliain ag bord an rialtais le chéile ní bréag a rá go bhfuil deacrachtaí le sárú agus fadhbanna le réiteach, gan trácht ar argóintí eatarthu féin. Bíodh sin mar atá is cinnte go bhfuil rud amháin a aontaíonn Fianna Fáil agus Fine Gael níos mó ná riamh ar na saolta seo – go gcaithfear cur in aghaidh Shinn Féin agus a chinntiú chomh maith agus is féidir leo go ndéanfaidh siad dochar dóibh i súile an phobail.

Léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad le roinnt míonna go bhfuil Sinn Féin ar an bpáirtí is mó tacaíocht i measc an phobail. Léirigh an ceann is déanaí ón Red C go bhfuil siad fós ar cheann an chomhairimh agus níos mó tacaíochta acu ná Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile. Tá an bhearna ag méadú le cúpla mí anuas. Ta an ‘big Mo’ mar a thugtar air i bpolaitíocht na Stát Aontaithe leo faoi láthair.

Déarfaidh tráchtaire polaitiúil ar bith leat gur furasta dóibh. Mar phríomhpháirtí an fhreasúra an dualgas is mó atá orthu ná lochtanna a fháil ar pholasaithe an rialtais agus aird a tharraingt ar na deacrachtaí atá acu. Ní mórán de dhúshlán atá ansin faoi láthair má bhreathnaíonn tú ar na deacrachtaí ar fad atá le sárú ag an rialtas.

Tá daoine tuirseach tar éis Covid. Tá daoine briste anois ag na harduithe i bpraghsanna earraí agus gan mórán dóchais go bhfeabhsóidh an scéal sin go luath. Cén t-iontas ansin go bhfuil siad ag cur a muinín sa dream atá ag tairiscint malairt treo dóibh, fiú má deir na saineolaithe airgeadais gur treo na díchéillí atá ann.

Le tamall de bhlianta siad Fianna Fáil, agus go háirithe an té atá in oifig anois, a bhíodh síoraí seasta ag cáineadh Shinn Féin, a gcuid polasaithe agus a gcuid ceannairí. Ba mhinic a fiafraíodh nár chóra dóibh aird a thabhairt ar a ngnó féin agus iarracht a dhéanamh bisiú? Tá Fine Gael i mbun gnímh leis an rud céanna a dhéanamh anois, sé sin, an bonn a bhaint de Shinn Féin agus a gcuid polasaithe. Tá cáipéis ocht leathanach déag scaipthe i measc a gcuid ionadaithe dar teideal ‘Fimíneacht Shinn Féin’. Tá sraith nodanna agus leidí eile curtha ar fáil acu freisin do bhaill an pháirtí agus an aidhm atá leo Sinn Féin a bhréagnú. Tá dua caite leis na huirlisí toghchánaíochta seo. Is léir go bhfeictear d’Fhine Gael gurb iad Sinn Féin an bhagairt is mó dá dtréimhse fhada i gcumhacht.

Tá Fine Gael ag tnúth le greim a fháil ina athuair ar oifig an Taoisigh. Tá Teachtaí Dála i bhFianna Fáil corrthónach mar go bhfeictear dóibh go bhfuil aitheantas an pháirtí dá chreimeadh ag an gcomhrialtas. Tá aon ní amháin thar a bheith follasach faoin dá pháirtí – is túisce a fhanfaidh siad le chéile faoi láthair ar aon nós ná deis a thabhairt do Shinn Féin an ceann is fearr a fháil orthu i dtoghchán. An cheist ná cén seasamh a bheidh ag an aontas eatarthu sa bhfadtéarma?

Fág freagra ar 'An sprioc chéanna ag Fianna Fáil agus Fine Gael – cur in aghaidh Shinn Féin'

  • Joe Breathnach

    Ní hiad na fadhbanna atá agat ach an chaoi a ndéileálann tú leo atá tábhachtach. Sin an áit ar theip ar ár rialtas orainn

  • neil

    nach iomlán nádúrtha an scéal go mbeidh SF i gceannas tar éis FFFG? beidh slua go deo ag FG ach tá FF briste anois i dá taobh, an taobh shinn féin aagus an taobh Fhine Gael. níl muinín ag an taobh shin féin sa ceannaireacht agus tar éis tamall beidh an taobh fhine gael ag dul abhaile; go dtí fine gael. is féidir le Sf a bheith ina FF den fichiú haois