An solas inmhéanach: aiséirí Dag Hammarskjöld

Agus torthaí fiosrú faoi bhás Iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe le teacht, is tráthúil go dtabharfaí chun cuimhne arís é

Dag-hammarskjold_2Agus muid ag feitheamh ar thorthaí fiosrú nua de chuid na Náisiún Aontaithe mar gheall ar bhás (nó feallmharú) an tarna Ard-Rúnaí acu, Dag Hammarskjöld, i 1961, ní foláir aitheantas a thabhairt arís don stair ait a bhaineann leis an bpost sin.

Bhí beirt Iar-Ard-Rúnaithe sáite sa Naitsíochas: Trygve Lie as an Iorua agus an Ginearál Kurt Waldheim ón Ostair. (Ball den Wehrmacht sa Iúgsláiv ab ea Waldheim sa Dara Cogadh Domhanda). Ní raibh Ard-Rúnaí eile, U Thant, in ann smacht a chur ar na Meiriceánaigh le linn éigeandáil Chúba i 1962, agus ar dhuine eile acu a thiteann cuid den fhreagracht as an áir i Rwanda sna nóchaidí (Kofie Anan).

D’fhéadfaí a rá freisin gurbh é an tSualannach Hammarskjöld an státseirbhíseach ba shainiúla ó 1945.

Dar le saineolaithe áirithe gur dúnmharaíodh é sa Chongó le linn an chogaidh chathartha sa tír sin agus go raibh sé thíos le hiarracht chúige saibhir amháin, Katanga, í féin a dheighilt ón gcuid eile den tír.

Ní léir fós an iad na Beilgigh nó fórsaí slándála rúnda na Breataine a bhí freagrach as titim eitleáin Hammarskjöld, a bhí i mbun iarrachta an tír a choimeád le chéile ag an am le cabhair Conor Cruise O’Brien.

Agus an tuarascáil nua seo á hullmhú, is ceart agus cóir cuimhneamh arís ar phearsantacht neamhghnách Hammarskjöld.

Fear cliste glic ab ea é agus é á fhéachaint le John  FitzGerald Kennedy agus Harold Macmillan, ach istigh ann féin ba dhuine lách séimh chomh maith é, rud a léiríodh go glin glé ina dhialanna pearsanta a foilsíodh nuair a cailleadh é.

Foilsíodh na dialanna seo fén dteideal Markings i 1964, agus b’é W.H. Auden a chuir in eagar. Ba bheag an fhéinmhuinín a bhí ag Hammarskjöld ina shaol pearsanta cé gur nocht sé pearsantacht bheo bhríomhar don saol mór, go háirithe agus cearta na náisiún beag á gcosaint aige le linn na mblianta deireanacha des na himpírí móra tar éis 1960.

D’fhéadfaí comparáid chuí a dhéanamh idir Markings agus dialainní cáiliúla W.E. Gladstone le linn ré Victoria, nó W.L. Mackenzie King sa fichiú haois.

D’úsáid an triúr seo an dialann phríobháideach chun a gcuid sceimhle pearsanta a bhreacadh agus achainí a dhéanamh ar Dhia cabhrú leo bheith níos muiníní, níos láidre, níos cróga ina gcuid oibre laethúil.

D’iarr Hammarskjöld ar a Dhia “Give me a pure heart-that I may see Thee/A humble heart-that I might hear Thee/A heart of love-that I may serve Thee/ A heart of faith-that I may abide in Thee.”

Tugann na smaointe seo le fios gurbh fear domhain leochaileach Hammarskjöld a dhéanadh iarracht gach lá ceangal a dhéanamh idir a chuid dualgaisí polaitiúla sna Náisiúin Aontaithe agus riachtanais spioradálta a linne.

I measc na riachtanas seo, dar leis, bhí dualgaisí áirithe ag áireamh “helping people to settle their differences, arguing against wanton attack and pleading for the suppression of arms” ionas go bhféadfaí “state of continual warfare” a sheachaint.

Cinnte bhí mórán gach polaiteoir ar domhan ag tarraingt ar an bhfoclóir céanna, ach bhain ceol speisialta leis na briathra nuair ba é Hammarskjöld a bhí ag caint.

Nuair a cailleadh é san Aifric i 1961, tháinig céad tír le chéile i Nua Eabhrac chun comhbhrón a dhéanamh. Mhaígh ambasadóir Mheiriceá Adlai Stevenson “I doubt if any living man has done more to further the search for a world in which men solve their problems by peaceful means and not by force than this gallant friend of us all”. Níor tugadh a leithéid do mholadh mothálach d’éinne i Nua Eabhrac ó shin i leith.

Fág freagra ar 'An solas inmhéanach: aiséirí Dag Hammarskjöld'