Tá an t-alt seo ag teacht chugat ó aigne nach bhfuair aon chodladh.
Ach oiread le go leor daoine ar fud na cruinne faoi láthair, nílim ag codladh go rómhaith le roinnt míonna anuas. Buairt faoin gcoróinvíreas, uaigneas i ndiaidh an tsaoil mar a bhí, faitíos roimh an todhchaí – an cineál sin ruda. Níl tae ná teicníc shuaimhnis a chuirfeadh an ruaig orthu.
Níorbh í gnáthimní na linne seo a bhí ag cur isteach orm anocht, áfach, ach comharsana sa bhloc árasán in aice liom a bhfuil a n-árasán buailte, is baolach, ar m’árasán féin.
Ag a naoi a chlog san oíche a thosaigh an chraic agus bhí sí fós ag dul ar aghaidh ag a 01:27, na comharsana agus a gcuideachta ag scairtíl gháire, ag canadh agus, scaití, ag argóint.
Faoin am sin bhí mise ag dul as mo chranna cumhachta faoi na braillíní, plugaí i mo chluasa agus mo sheacht míle dícheall á dhéanamh agam gan aird a thabhairt ar an gcallán a chuala mé de m’ainneoin. Lig duine de na comharsana liú ard as agus ba é sin buille maraithe na muice. Léim mé amach as mo leaba agus chuir bríste agus léine orm. Amach liom san oíche agus anonn chuig príomhdhoras an bhloc árasán in aice le mo cheann féin. Bhrúigh mé cnaipe an idirchum.
Bean a d’oscail an doras, rud nach raibh mé ag súil leis. Fear a d’oscail an doras céanna roinnt míonna ó shin nuair a tharla eachtra den chineál céanna. Ghabh an fear sin a leithscéal agus an uair sin bhí deireadh leis an trup tar éis tamaillín gearr – ach bean í an bhean a bhí romham nár mhaith leat dul ag argóint léi, ba léir sin ón gcéad radharc. Badhbh agus mionsciorta jíons uirthi, agus ualach smididh a chuirfeadh éad ar Kat Slater EastEnders.
Bheannaigh mé di chomh múinte is a bhí mé in ann agus mhínigh go raibh an callán ag cur isteach orm.
Chuir sí na súile tríom agus labhair go mall, a guth lán tarcaisne.
‘Is baolach, a mhac, go mbeidh mé ag cur isteach ort chomh fada agus is áil liom.’
Bíonn fonn orm i gcónaí i gcásanna mar seo úsáid a bhaint as an eascaine is fearr atá ar m’eolas – ‘go siúla míle dreancaid suas do thóin agus go ndéanfaidh siad nead ann’ – ach caint amú a bhíonn i mallachtaí na Gaeilge, dá chumhachtaí iad, nuair nach bhfuil an teanga sin ag an duine eile agus ar ndóigh tharla an eachtra seo ar fad sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm.
Lig mé ‘oxente’ asam – ‘a leithéid’ – chas timpeall agus chuaigh ar ais chuig m’fhoirgneamh féin. Ar ais i m’árasán féin sheiceáil mé na glais faoi dhó ar eagla go dtiocfadh badhbh an bhloic béal dorais i mo dhiaidh.
Níor tháinig, agus tá rudaí ciúnaithe síos san árasán béal dorais faoin am seo. Bhain mé triail as an leaba, ach ní raibh aon mhaith ann, ag tiontú ó thaobh go taobh ag iarraidh teacht aníos le freagra níos fearr ar tharcaisne na mná. An chéad rud eile, bhí an colún seo agam.
Cloisim coileach taobh amuigh.
Agus colúir, mar bharr ar an donas. Is iad is measa lena gcuid rucúcu, rucúcu. Is baolach nach dtuigeann colúir Gaeilge ach oiread – ach ar an dea-uair, ní gá.
Bíonn colúir lán dreancaidí mar atá.
Ciarán
Bhrisfí ar an bhfoighne agam agus ligfinn “Vai se foder sua vagabunda filha da puta!” asam. Is fear níos uaisle thú, a Alex.