An seó mór iomána ar an mbóthar agus diancheisteanna le freagairt ag na seaimpíní

Beidh curaidh na hÉireann, Luimneach, agus buaiteoirí na sraithe, Port Láirge, ag súil le tús maith a chur leis an gcraobh an deireadh seachtaine seo

An seó mór iomána ar an mbóthar agus diancheisteanna le freagairt ag na seaimpíní

Tá deireadh seachtaine thar a bheith tábhachtach i mbliain na hiomána idirchontae sroichte againn. Ó deineadh na tarraingtí dos na craobhacha cúige, an deireadh seachtaine seo an sprioc a bhí ag beagnach gach aon chontae.

Tá tábhacht ag baint leis na cluichí go léir ach beidh an-suim ag leantóirí na hiomána i gcoitinne i dtaispeántas sheaimpíní na hÉireann Luimneach agus iad ag iarraidh trí chraobh as a chéile a bhuachan.

Tá daoine ann atá amhrasach faoi Luimneach agus an t-amhras sin bunaithe ar a dtaispeántais laga i rith chomórtas na sraithe. Ach tá a fhios againn go léir an cumas atá san fhoireann seo agus cuimhne mhaith againn ar na hardtaispeántais go léir atá tugtha acu ó 2018 nuair a bhuadar a gcéad chraobh ó 1973. Is cuimhin linn go háirithe an taispeántas iontach a thugadar sa dara leath de chluiche ceannais na Mumhan anuraidh in aghaidh Thiobraid Árann agus i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chorcaí. Ach, agus ní ‘ach’ mór é, tá ceisteanna fúthu agus ní bheidh freagraí na gceisteanna sin againn go dtí go séidfear an fheadóg dheiridh i bPáirc Uí Chaoimh amárach. Táimid níos eolaí faoi Chorcaigh agus tá tuairim níos fearr ag lucht bainistíochta Chorcaí faoi conas mar atá siad ag imirt faoi láthair.

Ach tá na ceisteanna céanna le cur fúthu agus a bhí á gcur i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Agus ar bharr an liosta a scaoilte agus a oscailte is a bhíonn aonad cosanta Chorcaí . Bhí cuma an-saonta orthu anuraidh i gcoinne Luimnigh agus an bhí an chuma chéanna orthu i gcoinne Phort Láirge coicís ó shin. Caithfear é sin a leigheas roimh a ceathair a chlog tráthnóna amárach. Bhí sé thar a bheith ait i gcraobh na sraithe gur bhaineadar cúigear tosaithe den pháirc agus gur ghéilleadar ceithre chúl mar sin féin. Tá feabhas ag teastáil ar an bpáirc agus ar an taobhlíne amárach.

Beidh sé ina chath ceart agus mar Chorcaíoch ba mhaith liom go mbuafaidís ach ní chuirfinn mo theachín air.

Beidh sé ina chath freisin i bPáirc an Bhreatnaigh mar a mbeidh Tiobraid Árann i dtaobh leis an dóchas cuid mhór agus iad ag iarraidh seaimpíní na sraithe a chloí. Is deacair cás a dhéanamh do na Tiobraid Árannaigh bunaithe ar an méid a chonaiceamar i rith an fheachtais sraithe agus ó tharla iad a bheith gan slám maith imreoirí atá gortaithe nó éirithe as.

Tá na buntáistí go léir ag na Déise. Tá siad sa bhaile, tá painéal thar a bheith láidir acu agus murab ionann agus Tiobraid Árann tá siad lán de mhuinín faoi láthair.

Bhíodar gan imreoirí Bhaile Gunnair do chuid den fheachtas sraithe rud a chuir iachall ar an lucht bainistíochta níos mó imreoirí imeallacha a thriail. Ní dóigh liom go bhfuil aon bhainisteoir a bhfuil tuiscint níos fearr aige ar a phainéal ná mar atá ag Liam Cahill i láthair na huaire. Beidh ionadh orm mura mbuann siad an choimhlint seo.

Um thráthnóna tá cluiche tábhachtach eile ar siúl idir Loch Garman agus an Ghaillimh. Go dtí cluiche leathcheannais na sraithe caithfidh go raibh Darragh Egan agus a mheitheal bainistíochta thar a bheith sásta le feachtas na gCarmannach. Ach tá cuid maith ceisteanna ina dtaobh tar éis an chluiche leathcheannais i gcoinne Phort Láirge. Ach ní scaoth breac agus caithfidh go bhfuil siad muiníneach a ndóthain sa champa agus an buntáiste acu go bhfuil rabhadh faighte acu agus am acu chun iarracht a dhéanamh a gcuid fadhbanna a leigheas.

Maidir leis an nGaillimh, bhuel d’fhéadfainn an cur síos céanna a dhéanamh orthu agus a dhéanaim beagnach gach bliain. Tá easpa seasmhachta ag baint lena gcuid imeartha arís agus mórán cinntí le déanamh ag a mbainisteoir Henry Shefflin.

Tá sé thar a bheith deacair a rá cé buafaidh é seo. Tá an buntáiste ag Loch Garman a bheith ina gcúlghairdín féin ach taobh amuigh de sin is beag atá eatarthu.

Mar sin, tá an seó mór iomána ar an mbóthar deireadh seachtaine na Cásca. Cé chreidfeadh é?

Fág freagra ar 'An seó mór iomána ar an mbóthar agus diancheisteanna le freagairt ag na seaimpíní'