An seanscéal céanna ag an Roinn Iompair maidir le stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair

Maíodh le déanaí nach bhfuil ‘aon fhadhb’ ag an Shane Ross leis an moladh go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí bóthair, ach nuair a cuireadh ceist faoin scéal chuir an Roinn Iompair ráiteas ó 2014 amach thar ceann an Aire

An seanscéal céanna ag an Roinn Iompair maidir le stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair

An tAire Iompair Shane Ross. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá an Roinn Iompair ag maíomh i gcónaí go bhfuil comharthaí bóthair an stáit bunaithe ar “thaighde, ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar thuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóithre na hÉireann” cé gur admhaigh siad féin trí bliana ó shin nach ndearnadh a leithéid de thaighde riamh.

Ag freagairt iarratas ó Tuairisc.ie ar ráiteas ón Aire Iompair Shane Ross faoina thuairim féin maidir leis an moladh go gcuirfí an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí bóthair an stáit, mar a mhol Conradh na Gaeilge i gcáipéis a foilsíodh in 2013, thug urlabhraí na Roinne an freagra ceannann céanna a thug an t-iar-aire iompair Paschal Donohoe i bhfreagra Dála sa bhliain 2014.

Dúirt Donohoe i bhfreagra ar cheist ó Éamon Ó Cuív go bhfuil comharthaí bóthair na hÉireann “bunaithe ar thaighde, ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar thuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóithre na hÉireann”. An ráiteas ceannann céanna sa fhreagra a tugadh ar iarratas Tuairisc.ie ar ráiteas ón Aire Shane Ross.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas ar an Roinn Iompair ar aon taifid a bhaineann leis an taighde “náisiúnta” a rinneadh faoi dhearadh na gcomharthaí bóthair, ní raibh a leithéid ar fáil.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhfuil an cló a úsáidtear ar dhearadh na gcomharthaí bunaithe ar chóras a tháinig chun cinn thar thréimhse fhada de bhlianta.

“Cé nach bhfuil aon tuarascálacha ar leith againn, d’eascair an cló Transport Font as taighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus glacadh leis an dearadh sin le húsáid ar na comharthaí bóthair i roinnt mhaith tíortha, Éire san áireamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Tá an chlófhoireann Transport Font in úsáid don dá theanga oifigiúil in Éirinn le breis agus tríocha bliain.

Is i mBéarla amháin a bhíonn na comharthaí bóthair sa Ríocht Aontaithe agus níor cuireadh an chomharthaíocht dhátheangach san áireamh nuair a dearadh Transport Font.

Dar leis an Roinn Iompair, cuireadh an chlófhoireann in oiriúint do chás na hÉireann trí mhionathruithe a dhéanamh ar an dearadh.

Agus na mionathruithe sin á mbeartú, cuireadh san áireamh “go bhfuil logainmneacha Gaeilge tuairim is 40% níos faide, ar an meán, ná a gcomhionann sa Bhéarla”.

Cuireadh nithe eile san áireamh freisin “mar shampla infheictheacht agus inléiteacht na gcomharthaí”.

Faoi láthair, is i gceannlitreacha a scríobhtar an logainm Béarla agus i litreacha beaga agus i gcló iodálach a scríobhtar an leagan Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh le fada an lá go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre.

Mhaíodh i dtuarascáil a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge go ndéanann an cur chuige atá ann faoi láthair é níos deacra ar an tiománaí comharthaí bóthair a léamh.

D’admhaigh urlabhraí na Roinne Iompair le Tuairisc.ie in 2014 nach dtagann an dearadh atá i bhfeidhm faoi láthair leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

“…dar leis an taighde idirnáisiúnta, aontaítear go bhfuil sé níos éasca téacs a léamh atá scríofa i gcás íochtair abairte (le ceannlitir ag an tús) ná ina cheannlitreacha ar fad, ach amháin d’fhocail ghearra ar nós “STOP” ina bhfuil  ceannlitreacha níos fusa a léamh”.

Tá míniú iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn faoina chosúla agus atá  “tuairim phearsanta an Aire Ross” leis an bhfreagra a thug a réamhtheachtaí trí bliana ó shin. Táthar fós ag fanacht ar fhreagra ón Roinn.

Mhaígh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín le déanaí gur thug an tAire Shane Ross le fios dó le déanaí nach bhfuil aon “fhadhb” ach leis an moladh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre.

Fág freagra ar 'An seanscéal céanna ag an Roinn Iompair maidir le stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair'

  • Maire

    Kildare/Cill Dara…..’welcome to Kill’…comhartha ar thaobh bóthair ansiúd. Sábháilteacht ar bhóithre??

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bhfuil aon freagra go fóill maidir leis an dá alt deireanach sa tuairisc seo?

    Ní amháin go bhfuil an ‘cleachtas’ seo (ceannlitreacha i mBéarla) ar chomharthaí bóithre, ach tá sé leitheadach sa státchóras – mar a bheadh ailse ann. Féach ar an chlófhoireann atá a úsáid ag Eircode – achan seoladh i gceannlitreacha!! Litreacha ón FSS (Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte) agus ó Chomhairlí Contae – Dún na nGall ina measc agus ainmneacha agus seoltaí orthu i gceannlitreacha, srl, srl.

    Tá teangaidh oifigiúil úr ar tí bheith againn sa tír seo – Teanga Chomharthaíochta na hÉireann…an dtabharfaí aitheantas cheart don Ghaeilg de thoradh ar an teangaidh úr seo….?