An seanscaradh neamhshóisialta ar ais in Stormont i ndiaidh conspóid sochraide

An é go gcreideann Sinn Féin go bhfuil rud éigin eisceachtúil ag baint leo féin? Sin an cheist a bhí á cur i ndiaidh na conspóide faoi shochraid mhór Bobby Storey

An seanscaradh neamhshóisialta ar ais in Stormont i ndiaidh conspóid sochraide

An LeasChéad-Aire, Michelle O'Neill. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Is iomaí duine a thug chun cuimhne Albert Reynolds agus ‘it’s the little things that trip you up’ an tseachtain seo agus iad ag smaoineamh ar an aighneas nua in Stormont.
Sinn Féin a bhí i ról an pháirtí cheanndána neamhghéilliúil an uair seo.

Bhí an poblachtánach Bobby Storey conspóideach lena bheo agus b’amhlaidh an cás faoina shochraid. Bhí gach mórpháirtí eile in Stormont ag éileamh go ndéanfadh Michelle O’Neill gníomh dóláis as taispeántas tacaíochta poiblí Shinn Féin ar shochraid Storey d’ainneoin na srianta a bhaineann le paindéim Covid-19.

Dhiúltaigh an LeasChéad-Aire leithscéal a ghabháil láithreach aagus thug sí an t-eiteachas do na héilimh go seasfadh sí i leataobh fad is a d’fhiosrófaí ar sháraigh sí cód iompair na nAirí agus na treoirlínte maidir leis an scaradh sóisialta. Faoin am gur ghabh sí cineál leithscéil Dé hAoine, bhí cuid mhaith dochair déanta. Dúirt Arlene Foster go raibh dochar déanta don Fheidhmeannas féin ag an eachtra.

Ba dheacair cúrsa an achrainn a thuar ach bhí difríocht mhór idir é agus dráma Albert agus Pháirtí an Lucht Oibre sa mhéid is go raibh gach páirtí ag iarraidh go mairfeadh Feidhmeannas Stormont.

Thuig siad go léir go n-íocfadh siad go daor as dá loicfeadh Stormont agus gan iad ach sé mhí i mbun oibre i ndiaidh trí bliana d’fholús.

Troid na mbó maol mar sin, seans. Chífimid.

Ach, idir an dá linn, conas a réiteofar an t-aighneas?

Tá damáiste déanta agus ní bheidh sé furasta caidreamh a leigheas nó muinín a chothú.

Dúirt an LeasChéad-Aire in Stormont Michelle O’Neill gur chloígh sí leis na rialacháin ag sochraid Bobby Storey i mBéal Feirste an tseachtain seo ach dúirt sí chomh maith go raibh “brón” uirthi má ghoill an eachtra ar aon duine a bhí ag déanamh bróin le tamall.

Maith go leor ach cé a thabharfas aird ar a cuid foláireamh feasta, go háirithe ó bhí roinnt daoine éirithe ar nós cuma liom faoi na srianta roimhe sin? Cén t-údarás a bheidh ag a ráitis nuair a mheasann daoine – bídís ceart nó mícheart – gur sháraigh sí treoracha a dhréachtaigh sí féin?

Dhá lá i ndiaidh na sochraide cuireadh ar ceal an ghnáth-nuachtócáid sheachtainiúil faoin bpaindéim a mbíodh an Chéad agus an LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill ina feighil.

Fuair na céadta bás abhus le linn na paindéime agus ní raibh a muintir in ann freastal ar a sochraidí. “Buille sa bpus dúinne ab ea sochraid Storey,” arsa bean ar cailleadh a máthair.

Ní raibh sí féin in ann slán a rá léi, freastal ar Aifreann ná seasamh le hais na huaighe.

B’éigean di iompú ar ais abhaile nuair a chuaigh an t-eileatram isteach trí gheataí Roselawn. Bhí an scéal céanna ag a lán daoine eile agus ghoill sé go mór orthu nuair a chonaic siad sluaite ollmhóra, garda onóra agus ceannasaíocht uilig Shinn Féin ag tionlacan Bobby Storey chun na hEaglaise agus go reilig Bhaile an Mhuilinn, áit ar tugadh óráid onóra.

Laoch ab ea Storey ag poblachtánaithe. Bhí go leor den bharúil roimh ré go raibh baol ann go mbeadh sochraid mhór air. Mhaígh Sinn Féin go mbeadh an slua i bhfad ní ba mhó murach gur achainigh siad ar dhaoine fanacht sa mbaile.

Thairis sin bhí dhá rogha ag Sinn Féin.

D’fhéadfaidís cinneadh a dhéanamh nach mbeidís ar an tsochraid i bhfianaise na paindéime agus mar aitheantas don gcruáil atá fulaingthe ag na céadta eile.

Dea-shampla a bheadh ansin. D’fhéadfaí ócáid chuimhneacháin nó fiú ócáid ómóis a eagrú amach anseo. Ní taispeántas nirt a bheadh ansin áfach. Ba í an rogha a rinneadh go n-eagródh Sinn Féin an tsochraid i gcomhar leis an teaghlach.

Ar chinn an páirtí nár mhór don ghlúin pholaitiúil meas a léiriú go poiblí ar iarbhaill an IRA? Mórán mar a bhí ar Gerry Adams cónra bhuamadóir na Seanchille a iompar i 1993 cé gur chothaigh sé sin guagacht i bpróiseas na síochána? Ach is ré nua í seo sa pholaitíocht. Agus tá paindéim Covid-19 contúirteach i gcónaí.

Is minic a bhíonn lucht tacaíochta Shinn Féin agus daoine nach iad ag caitheamh anuas ar rialtas Boris Johnson as iompar a thugann le fios go bhfuil an Bhreatain eisceachtúil – níos láidre agus níos cumasaí ná tíortha eile. Ach ar léirigh sochraid Bobby Storey go gcreideann Sinn Féin go bhfuil blas den eisceachtúlacht sin ag baint leo féin? An raibh fear a raibh meas ag Sinn Féin air níos tábhachtaí ná éinne eile a fuair bás ó lá ’le Padraig?

Mhaígh a lucht tacaíochta nach raibh brú ar bith á chur ag a muintir féin ar Michelle O’Neill; bhí an páirtí agus an chosmhuintir docht daingean ar a son.

Cá bhfágann sé sin an t-aighneas in Stormont? Conas a fhuasclófar an tsáinn?
An lá i ndiaidh na sochraide, dúirt Arlene Foster gur cheart do Michelle O’Neill leithscéal a ghabháil.

Níor éiligh Foster go seasfadh O’Neill i leataobh agus mheabhraigh sí d’iriseoirí nach raibh cumhacht ag aon pháirtí iallach a chur ar Aire é sin a dhéanamh. (Dhiúltaigh sise é sin a dhéanamh in 2017 faoin RHI agus thit Stormont.)

An oíche chéanna sin áfach d’eisigh cathaoirleach an DUP, Lord Morrow, an t-éileamh sin. An mhaidin dár gcionn d’fhógair Jeffrey Donaldson go raibh litir scríofa ag Foster chuig O’Neill ag iarraidh uirthi seasamh i leataobh.

Shéan an cathaoirleach agus feisirí gur chuireadar iallach ar Arlene an chéim sin a ghlacadh.

Ba é seo an chéad tástáil ar an bhFeidhmeannas nuabhunaithe agus ní léir go bhfuil córas éifeachtach acu chun déileáil lena leithéid. Ó tharla nach ndearna O’Neill iarracht ar bith ar an chuimilt meala ar an gCéadaoin ba chosúil nach raibh an dara rogha ag Foster ar an Déardaoin ach beart nach bhfuil infheidhmithe a éileamh.

Imíonn cúrsaí ó smacht go sciobtha.

Thóg sé achar rófhada ar Shinn Féin a dhul i ngleic lena mbotún.

Thóg sé go dtí an Aoine ar Michelle O’Neill iarracht theoranta a dhéanamh an ghoimh a bhaint as an gconspóid. Ghabh an leasChéad-Aire leithscéal le daoine a chaill lucht gaoil ach nach raibh in ann freastal ar shochraidí, leide go raibh cuid dá lucht vótála féin ag gearán.

“Bhí sé an-dian ar theaghlaigh nach raibh siad ábalta tacaíocht a muintire agus a dteaghlaigh a bheith acu le cuidiú leo ag am fíorchrua,” arsa O’Neill.

“Cuireann sé as dom chomh maith má goineadh na teaghlaigh atá ag déanamh bróin arís le roinnt laethanta. Is oth liom é sin.”

B’in é.

Dúirt O’Neill gur “mí-ámharach” go raibh scoilt sa bhFeidhmeannas de bharr na conspóide ach ba é dearcadh na ndaoine a bhí ag déanamh tinnis di – ní údarás agus iontaofacht an Fheidhmeannais.

B’fhéidir gur leor é chun caoirigh a chur thar abhainn mar nach bhfuil éinne ag iarraidh Stormont a scor.

Ach rinneadh dochar d’údarás Michelle O’Neill agus don mhuinín a bhí tuillte aici le linn na paindéime.

Ba chosúil go raibh an seanscaradh neamhshóisialta i ndán dúinn in Stormont arís.

Fág freagra ar 'An seanscaradh neamhshóisialta ar ais in Stormont i ndiaidh conspóid sochraide'