Moladh seachas mallachtaí tuillte ag Gatland

Na laethanta seo, mhothófá go bhfuil an tír uile ag iarraidh go dteipfeadh ar Warren Gatland ach ní amhlaidh a bhí i gcónaí. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar an tréimhse a thug sé in Éirinn

Seans nach mbeadh an craic céanna idir Eddie O’Sullivan (ar dheis) agus Warren Gatland (ar chlé) na laethanta seo. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Seans nach mbeadh an craic céanna idir Eddie O’Sullivan (ar dheis) agus Warren Gatland (ar chlé) na laethanta seo. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Le roinnt blianta anuas in Éirinn, aon uair a luaitear ainm Warren Gatland, is minic a leanann mallacht an tagairt.

Is de bharr go raibh Gatland ina bhainisteoir ar an mBreatain Bheag a bhíonn an mallachtú seo ann. Is iad na Breathnaigh agus na hÉireannaigh is mó a bhí san iomaíocht i gcomórtas na Sé Náisiún le cúpla bliain, cibé acu an Chraobh nó an Choróin Thriarach a bhí i gceist, rud a fhágann an-naimhdeas idir an dá fhoireann.

Is é a chothaíonn an naimhdeas, ar ndóigh, ná gur fhág Gatland laoch na hÉireann, Brian O’Driscoll, ar an taobhlíne do chluiche cinniúnach na Leon i gcoinne na hAstráile i 2013, agus is beag duine a mhaitheann an méid sin d’fhear na Nua-Shéalainne.

Leis an ngráin seo uile, tá éasca dearmad a dhéanamh go bhfuil nasc thar a bheith láidir ag Gatland le rugbaí na tíre seo agus go raibh ról lárnach aige sa dul chun cinn a rinne an spórt le scór blianta anuas.

Nuair a chuimhnítear ar na himreoirí is fearr a chaith an geansaí glas le roinnt blianta anuas – O’Driscoll, O’Gara, Darcy, Horgan, Stringer – tá rud amháin i gcoiteann acu: fuair siad uile a gcéad deis imeartha faoi chúram Gatland. Chomh maith leis sin, bhí an-tionchar go deo ag an Nua-Shéalannach ar an dul chun cinn iontach atá déanta ag Cúige Chonnacht ó thosaigh sé á gcóitseáil.

Tháinig Gatland go dtí an tír seo den chéad uair i 1989, mar bhall d’fhoireann na All Blacks, a bhí ar camchuairt sa leathsféar thuaidh. Agus é i mBaile Átha Cliath, thairg oifigeach Galwegians post do Gatland mar chóitseálaí. Bhí Gatland ag obair mar mhúinteoir ag an am agus ní cluiche gairmiúil a bhí sa rugbaí fós sa tír seo. Mar sin féin, thapaigh sé an deis teacht chuig iarthar na hÉireann agus ghlac sé leis an bpost.

Chaith sé cúig bliana ann agus bhain Galwegians ardú céime amach lena chabhair sular fhill sé ar a thír dhúchais. Níor thúisce é sa bhaile nó go bhfuair sé glaoch i 1996 ó Billy Glynn, uachtarán an IRFU, agus seo leis ar ais go Gaillimh chun post mar bhainisteoir Chonnacht a ghlacadh.

Mar a tharla sé, ba é Eddie O’Sullivan a bhí i gceannas ar Chonnachta roimh theacht Gatland ach bhí fear Chorcaí ag iarraidh conradh níos faide ná a bhí an IRFU sásta a thabhairt. Mar a d’fheicfeadh muid go luath ina dhiaidh, níorbh é seo an uair dheireanach a thiocfadh an dá fhear trasna ar a chéile.

Rinne na Connachtaigh dul chun cinn suntasach faoi chúram Gatland, go háirithe san Eoraip, agus ba iad an chéad chúige a bhuaigh cluiche sa Fhrainc agus bhuaigh siad ar Northampton sa bhaile agus i Sasana. Nuair a d’éirigh Brian Ashton as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann i mí Feabhra 1998, ba é Gatland, gan é ach 34 bliain d’aois, an fear a roghnaigh an IRFU chun teacht i gcomharbacht air.

Thóg sé tamaillín air rudaí a chur ina gceart leis an bhfoireann náisiúnta ach faoin am a raibh comórtas na Sé Náisiún faoi lánseol i mbliain an dá mhíle, bhí Gatland agus a chuid imreoirí óga réidh chun a rian a fhágáil ar an gcomórtas. Bhuaigh na hÉireannaigh na chéad trí chluiche i gcomórtas na bliana sin agus, bua cáiliúil i bPáras ar cheann acu.

I 2001, bhuaigh na hÉireannaigh an chéad dá chluiche sa chomórtas arís ach mar gheall ar an ngalar crúb agus béil, bhí orthu fanacht go dtí Meán Fómhair chun a gcéad chluiche eile a imirt agus theip orthu an beart a dhéanamh in aghaidh na nAlbanach i Murrayfield. Nuair a tháinig Sasana chuig Baile Átha Cliath ar thóir na caithréime móire, bhí gach duine ag súil le cailliúint eile ach thug an fhoireann baile sárthaispeántais uathu chun barra thuisle a bhaint as na Sasanaigh.

Bhí conradh Gatland le críochnú ag deireadh na bliana sin agus bhí féin ag iarraidh ceann nua a chinnteodh go mbeadh sé i gceannas go dtí aimsir Chorn an Domhain i 2003. Bhí rud éigin eile ar intinn ag an IRFU, áfach, agus thugadar an bóthar dó.

gur bhuaigh Gatland níos mó cluichí aon bhainisteoir eile a bhí ar an bhfoireann náisiúnta go dtí sin, agus cé nár chaill siad ach dhá chluiche as aon cheann déag i 2001, bhí amhras ar oifigigh san IRFU faoi stíl bhainistíochta Gatland. Ní raibh dearmad déanta acu ar an drochthaispeántas a thug Éire i gCorn an Domhain i 1999.  Ba é Eddie O’Sullivan a thóg áit Gatland an uair seo, a mhalairt den méid a tharla i gConnachta cúpla bliain roimhe. Bhí O’Sullivan ina leasbhainisteoir ag Gatland ó 2000 agus mheas an IRFU gurbh é an Corcaíoch is mó ba chúis leis an dul chun cinn.

Chuaigh na hÉireannaigh ó neart go neart faoi stiúir O’Sullivan ach i bhfianaise an ratha a bhí ar Gatland ó d’fhág sé an tír seo, ní féidir rá nach mbeadh an fhorbairt chéanna déanta againn agus eisean i gceannas.

Nuair a bhreathnaíonn muid siar ar an gcaoi in a raibh cúrsaí rugbaí sa tír seo roimh theacht Gatland agus ar an áit a bhfuil muid faoi láthair, b’fhéidir gur cheart dúinn a bheith buíoch dó , seachas a bheith á cháineadh roimh gach uile chluiche in aghaidh na Breataine Bige.

Fág freagra ar 'Moladh seachas mallachtaí tuillte ag Gatland'