An seans céanna ag na Dragons in aghaidh Chonnacht is a bhí ag dragúin rás an Árais…

Tá neart cluichí rugbaí againn an deireadh seachtaine seo, idir Bhabhta 8 an PRO 14 agus chluiche na hÉireann i Chicago

An seans céanna ag na Dragons in aghaidh Chonnacht is a bhí ag dragúin rás an Árais…

Rory Scholes le Gavin Henson i 2017. Pictoúr: INPHO/Ian Cook

Má bhí an mí-ádh ar Chúige Chonnacht nuair a ghéill siad an t-úd a d’fhág an bua ag na hOspreys agus an t-am caite sa gcluiche ar an Aoine seo caite, bhí an t-ádh glan ar Chúige Mumhan gur éirigh le Rory Scannell cic éirice a bhí os cionn leathchéad méadar ó na postaí a shlánú. Chinntigh an cic céanna sin bua le pointe amháin d’fhir na Mumhan ar Ghlaschú, foireann atá fós ar bharr Roinn 1 den Pro 14.

An deireadh seachtaine seo, beidh na cúigí ag imirt i mBabhta 8 den chomórtas agus go leor dá gcuid imreoirí sinsearacha thar sáile in Chicago agus iad ag imirt i gcoinne na hIodáile i Soldier Field.

Ar an Satharn beidh na Connachtaigh ag iarraidh rudaí a chur ina gceart arís agus iad ag cur fáilte roimh na Dragons chuig an mBóthar Beag. Ach an oiread leis na Dragúin i Rás an Árais, is deacair bua a thuar do na dragúin seo ach oiread sa gcluiche seo.

Go deimhin má theipeann ar na Connachtaigh an lá a thabhairt leo, seans go mbeidh a rás rite don séasúr seo. Ar an Satharn freisin a bheas na hUltaigh ag imirt san Iodáil i gcoinne Treviso. Tá an oiread imreoirí ar iarraidh ón dá fhoireann seo de bharr dualgais idirnáisiúnta gur deacair an toradh a thuar.

San Afraic Theas a bheas Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag imirt an Domhnach seo i gcoinne na Kings agus na Cheetahs. Ní bheidh glacadh le toradh ar bith seachas bua don dá chúige agus bua cuimsitheach i gcás Chúige Laighean, foireann a bheas ag imirt i gcoinne na Kings, dream atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Beidh a ndóthain le déanamh ag na Muimhnigh i gcoinne na Cheetahs ach tá mise ag súil le bua, más cúng féin é. 

Ar an gcéad chluiche i gcomórtas idirnáisiúnta na Samhna seo a bheas aird chuile dhuine an Satharn seo. Tús a bheas ann le turas na hÉireann agus iad ag déanamh a mbealach go dtí an tSeapáin don Chorn Domhanda faoi cheann bliana nó mar sin. Más faoi na Gaeil a bheith ag caint faoi chur leis an stádas atá acu mar an dara foireann rugbaí is fearr ar domhan, níor cheart go mbeadh mórán stró orthu bata agus bóthar a thabhairt do na hIodálaigh an Satharn seo, fiú agus gan fáil acu ar Sexton, Best, O’Mahony, Stander ná O’Brien chomh maith le cúpla imreoir sinsearach eile nár thaistil go Chicago. Is cinnte go mbeadh díomá agus iontas orainn dá dteipfeadh ar na Gaeil, ach is mó suim a bheas ag go leor dá lucht leanta i gcur chuige na foirne agus iad ag réiteach don aistear fada, crua atá amach rompu.

Fág freagra ar 'An seans céanna ag na Dragons in aghaidh Chonnacht is a bhí ag dragúin rás an Árais…'