Bhailigh plúr na gceoltóirí agus daoine eile nach iad le chéile i Sráid na Cathrach an tseachtain seo chun ceol a roinnt, a sheinnt agus a fhoghlaim ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Bhí an-seachtain ann agus anois ag an deireadh beidh slua mór ón gcontae ag déanamh ar Áth Cliath agus deireadh seachtaine ollmhór iomána ag tosú um thráthnóna .
Is dócha, chun an fhírinne a insint, go raibh na ceithre chontae atá san iomaíocht ar ghearrliosta mórán sular buaileadh aon sliotar i mbliana agus, dar ndóigh, is iad na foirne céanna a bhí sna babhtaí leathcheannais anuraidh.
Tosnóidh an t-aicsean inniu agus na seaimpíní Luimneach agus an Ghaillimh á fhéachaint lena chéile. An féidir cás a dhéanamh don Ghaillimh? Ceapaim gur féidir. Ach mar is gnáth le foirne na Gaillimhe le blianta fada, braitheann an cás a dhéanfá dóibh ar cén Ghaillimh a rachaidh chun páirce . An é an Ghaillimh lán de spiorad agus díocas chun oibre, a bhuaigh ar Thiobraid Árann coicís ó shin a bheidh ann nó an Ghaillimh a chaill an dá chluiche ceannais deireanach i gcraobh Laighean agus nach mbíonn ach measartha i ngach re cluiche?
N’fheadar, ach caithfidh go bhfuil an-mhuinín acu i ndiaidh an taispeántais a thug siad nuair a bhí an bua acu ar Thiobraid Árann coicís ó shin. Tá Conor Whelan ar ais ar a sheanléim. Bhí Cathal Mannion ar fheabhas sa chluiche deireanach agus caithfidh go bhfuil an bainisteoir Henry Shefflin an-sásta le leithéidí Cianan Fahy, Seán Linnane, Darragh Morrissey, Tom Monaghan agus Evan Niland. Tráthúil go leor bhí an scór céanna ag an dá chontae an dá uair dheireanach a bhuaileadar lena chéile sa chluiche leathcheannais. In 2022 bhí 0-27 ag Luimneach agus 1-21 ag an nGaillimh agus in 2020 bhí an bua ag Luimneach, 0-27 in aghaidh 0-24. Bhí tréimhse ann i dtreo dheireadh an chluiche eatarthu anuraidh nuair a bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag an nGaillimh. Ach, mar atá feicthe againn le déanaí arís, tá Luimneach ábalta na cluichí a bhíonn cothrom go maith a bhuachaint.
Ach d’uireasa Declan Hannon agus Sean Finn, is laige iad agus tá sé fíor a rá go raibh cuid den ádh acu i gcúpla cluiche craoibhe i mbliana. Ach fós d’éirigh leo na cluichí móra a bhuachan, cé nár thug siad aon taispeántas iontach fós i mbliana. An bhfuil ceann iontu? Nílim róchinnte faoi sin .Ó thosnaigh ré órga Luimnigh, tá eolas á bhailiú ag gach foireann eile faoina stíl agus a gcóras imeartha agus faoi imreoirí an chontae. Bíodh sin mar atá, tá na coirn acu agus iad fós ina seaimpíní ina gcúige agus ar Éirinn. An cheist mhór ná an bhfuil painéal láidir go leor ag an nGaillimh chun an ghaoth a bhaint de sheolta na ngaiscíoch i nglas? N’fheadar faoi sin ach má bhíonn an faobhar agus an díocas chun oibre a léirigh siad i gcoinne Thiobraid Árann orthu inniu (fiú gan Jason Flynn) tugaim seans réasúnta dóibh.
Ansin amárach, dála chluiche an tSathairn beidh na foirne céanna ag imirt agus a d’imir anuraidh, cluiche a bhuaigh Cill Chainnigh 2-26 in aghaidh 0-20 don Chlár. Ar an lá bhí an Clár an-bhocht i gcomparáid leis an ardtaispeántas a thug siad i gcluiche ceannais na Mumhan. Tá an bóthar céanna á thaisteal acu i mbliana agus caithfidh go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu ó anuraidh. Caithfidh go rabhadar sásta go leor leis an taispeántas i gcoinne Átha Cliath coicís ó shin agus níl aon dabht ach go bhfuil siad ag imirt níos fearr mar fhoireann ná anuraidh. Má bhíonn fáil acu ar John Conlan, Aidan McCarthy, David McInerney agus Conor Cleary cuirfidh sé sin go mór leo.
Ach is iad Cill Chainnigh an freasúra agus fiú amháin gan Brian Cody ina sheasamh ar an taobhlíne tá mianach iontu agus ní féidir a bheith cinnte aon uair go bhfuil siad buaite go dtí go séidtear an fhead deiridh. Chonaiceamar sampla de sin i gcluiche ceannais Laighean agus iad gan leithéidí Adrian Mullen, Richie Reid agus Mikey Carey. Tá an fhoireann fós breac le réalta agus lán de thaithí. Beidh an cluiche seo níos cothroime ná anuraidh. Tá sé thar a bheith deacair buaiteoir a roghnú. Beidh an Clár níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh agus le Mark Rogers, Shane O’Donnell agus Ryan Taylor mar thacaíocht ag Tony Kelly (más féidir leis Mikey Butler a chur de) ceapaim go bhfuil an-seans acu.
Fág freagra ar 'An-seans ag an nGaillimh agus contae an Chláir'