An seanréimeas beo i gcónaí agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann

Beidh Tiobraid Árann ag súil le craobh na hÉireann a bhuachan don 28ú uair i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman i sárchluiche tráthnóna

An seanréimeas beo i gcónaí agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann

Maireann an seanréimeas beo i gcónaí agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann. Bhí bua iontach ag Tiobraid Árann ar Loch Garman tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh, rud a fhágann go dtabharfaidh siad aghaidh sa chluiche ceannais faoi cheann trí seachtaine ar Chill Chainnigh, a fuair an ceann is fearr ar churaidh na hÉireann, Luimneach aréir. Beidh Tiobraid Árann ag súil le craobh na hÉireann a bhuachan don 28ú huair agus beidh na Cait ag súil leis an gcraobh a thabhairt leo don 37ú huair.

Cluiche corrach a bhí againn aréir ach bhí cluiche an lae inniu thar barr ar fad agus é i measc na gcoimhlintí is fearr riamh atá feicthe againn i bPáirc an Chrócaigh.

 Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag deireadh na himeartha, 1-28 in aghaidh 3-20, agus Loch Garman croíbhriste nár éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó bhuaigh siad an chraobh i 1996.

 Buaileadh buille i ndiaidh buille ar Thiobraid Árann i rith an chluiche ach tháinig siad ar ais arís agus arís eile.

 Bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Davy Fitzgerald agus gach ach 20 nóiméad fágtha. Nuair a fuair Lee Chin cúl, bhí Loch Garman cúig chúilín chun cinn, c, 2-18 in aghaidh 1-16, agus fear sa bhreis acu ó tugadh an dara cárta buí do John McGrath tar éis 45 nóiméad.

 Léirigh ceannairí Thiobraid Árann a mianach sa chuid dheireanach den chluiche, áfach. I measc na gcosantóirí, bhí Ronan Maher ar fheabhas, agus faoin tráth sin bhí a lorg á fhágáil  ag Séamus Callanan ar an imirt agus bhí Noel McGrath ina rí lár na páirce.

D’aimsigh Tiobraid Árann cúig phointe as a chéile agus bhí na foirne ar comhscór tar éis 57 nóiméad. Fiú nuair a d’aimsigh Conor McDonald an tríú cúl do Loch Garman agus 10 nóiméad de ghnáth-am fágtha, is ar éigean a chuir sé isteach ar a gcéilí comhraic.

 D’aimsigh Noel McGrath péire chun an bhearna a laghdú agus chuir an fear ionaid, Mark Kehoe ar comhscór arís iad. Chuaigh Loch Garman chun cinn arís a bhuí le cúilín ag Lee Chin ó phoc saor, ach fuair fear ionaid eile, de chuid na dTiobraid Árannach Willie Connors scór maith chun na foirne a chur ar comhscór.

Bhí an cluiche á imirt ar luas lasrach anois agus fuair Jason Forde dhá chúilín in am cúitimh sula bhfuair Lee Chin ceann eile do Loch Garman. Ansin agus an t-am beagnach caite fuair Jake Morris scór den chéad scoth ón taobhlíne chun an bhearna a mhéadú arís agus an beart a dhéanamh dá fhoireann.

 Ní fhéadfá ach trua a bheith agat do Loch Garman. Chuir siad a gcroí agus a n-anam sa chluiche seo. Chuir na Carmannaigh tús iontach leis an imirt bhí siad trí phointe chun tosaigh tar éis ceithre nóiméad.

©INPHO/Tommy Dickson

 Ach níor éirigh leo Tiobraid Árann a chur de dhroim seoil riamh.

 Cheap na Muimhnigh go raibh a gcéad chúl scóráilte acu tar éis seacht nóiméad nuair a chiceáil Michael Breen an liathróid isteach san eangach ach coinníodh an imirt siar chun go bhféadfadh Hawkeye cinneadh dhéanamh faoi scór ar an taobh eile den pháirc. Ní fada eile a bhí Tiobraid Árann ag fanacht go raibh brat glas crochta sa naoú nóiméad nuair a bhuail Séamus Callanan raspar isteach san eangach.

 Chuir sé sin Tiobraid Árann chun tosaigh, 1-2 in aghaidh 0-4, ach bhí an dúrúch oibre a bhí ar Loch Garman dochreidte. D’aimsigh Conor McDonald cúl dóibh tar éis 25 nóiméad chun iad a chur ceithre phointe chun tosaigh ach bhí freagra arís ag Tiobraid Árann.

D’aimsigh na Tiobraid Árannaigh trí phointe as a chéile roimh leath-am agus ní raibh siad ach dhá chúilín taobh thiar, 1-14 in aghaidh 1-12. Ach thuirsigh na Carmanniagh sa dara leath agus léirigh Tiobraid Árann diongbháilteacht dhochreidte chun an ceann is fearr a fháil orthu.

©INPHO/James Crombie

B’amhlaidh an scéal aréir ag Cill Chainnigh nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar sheaimpíní na hÉireann, 1-21 in aghaidh 2-17, i gcluiche drámata eile. Bhí bearna naoi gcúilín idir na foirne tar éis 15 nóiméad agus forlámhas ar an imirt ag Cill Chainnigh i dtús an chluiche.

Rinne Luimneach an-teacht aniar ach níor éirigh leo riamh tarraingt ar comhscór gan trácht ar dhul chun tosaigh ar Chill Chainnigh a raibh tine ar a gcraiceann ó thús go deireadh. Bhain conspóid le críoch an chluiche nuair a ceileadh ar Luimneach seans comhscór a fháil nuair a cinneadh go mícheart gur iarracht ar fóraoil seachas ’65 a bhí i bpoc sleasa Darragh O’Donavan. D’fhéadfadh áfach gurb amhlaidh gur ag cáiseamh na gcúig cinn déag de sheansanna a chuir siad amú a bheidh Luimneach.

Maidir le Cill Chainnigh beidh siadsan ag cuimhneamh anois ar an gcraobh a bhuachan den 12ú uair faoi Brian Cody. Gach seans go mbeadh sé sin ar an mbua is milse agus is fearr ar fad acu.

Fág freagra ar 'An seanréimeas beo i gcónaí agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann'