Amharc aduaidh ar scrios an tseanreachta ó dheas…

Fágann caithréim Shinn Féin go bhfuil tréimhse shuimiúil thuaidh agus theas i ndán dúinn

Amharc aduaidh ar scrios an tseanreachta ó dheas…

“Tá greim scóige na seanpháirtithe scaoilte agus táimid ag dréim le ré órga.”

“Tá Éire aontaithe i bhfad níos gaire dúinn.”

“Níl mé buartha, níl móramh ag iarraidh reifreann faoin teorainn.”

“Tá Éire thuaidh agus theas millte ag fás Shinn Féin, a bhuíochas dóibh sin a lig isteach in Stormont iad.”

Níl ansin ach blaiseadh den réimse leathan freagraí ó thuaidh ar chaithréim mhillteanach Shinn Féin san olltoghchán ó dheas. Bhí sé intuigthe sna tuairimí sin uilig gurbh fhéidir glacadh leis go mbeifí in ann rialtas a chur le chéile, go mbeadh ról lárnach ag Sinn Féin ann agus gur ag dul i neart a bheidís feasta.

Lena bhfocal féin a úsáid, tá an méid sin uaillmhianach, ach buannúil seans.

Bhí lucht tacaíochta Shinn Féin chomh sásta le cat an dá eireaball, agus údar acu. Chuaigh na sluaite acu ó dheas le cuidiú leis an stocaireacht agus d’airigh siad go raibh siad rannpháirteach san ollbhua. Éacht ab ea é a bheith i dtús áite ar an gcéad chomhaireamh, an bua a bheith ag beagnach 90% dá n-iarrthóirí agus tionchar a bheith ag a n-aistrithe ar shuíocháin na heite clé.

Luach saothair agus aitheantas do cheannaireacht Mary Lou McDonald, Pearse Doherty agus Eoin Ó Broin as an gcasadh dearfach a chuir siad i gcinniúint an pháirtí le leathbhliain, go háirithe i bhfianaise an olltoghcháin abhus i mí na Nollag nuair nach raibh a dtorthaí thar mholadh beirte.

Baineadh plaic as an íomhá nua nuair a chuaigh lucht tacaíochta Dessie Ellis ag an ionad comhairimh ag fógairt in ard a gcinn  agus a ngutha a chuid tacaíochta don IRA (agus ag baint mí-úsáid as bratach na hÉireann). Seans nárbh thada é sin i gcomparáid leis an bhfíseán de David Cullinane ag ceiliúradh a bhua le ‘Up the Ra’. Maítear go bhfuil Cullinane ar dhuine de na Teachtaí Dála is cumasaí dá bhfuil acu. Bhí a míchompord le léamh go soiléir ar aghaidh Mary Lou McDonald ag an bpreasócáid nuair a thairg Cullinane míniú, gan dul siar ar a ndúirt sé ná leithscéal a ghabháil. Má tá Sinn Féin ag dul i rialtas beidh gá le cinnteacht go n-aithneoidh siad gurb é Arm na hÉireann na hÓglaigh dlisteanacha.

Cén sórt rialtais? Níorbh iontas é gur fhógair ceannaire Shinn Féin go raibh sí ag dul i dteagmháil le ceannairí na bpáirtithe eile, seachas Fianna Fáil agus Fine Gael – An Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, an Lucht Oibre agus Pobal Seachas Brabús faoi rialtas den eite chlé a bhunadh. Ní foláir nó go raibh a fhios aici nach mbeadh a ndóthain Teachtaí Dála acu don ghnó. 80 a theastaíonn agus níl ag na dreamanna sin go léir in éineacht ach 66. Ní haon ribín réidh é agus súil ag McDonald a bheith ina Taoiseach.

Má theipeann orthu margadh rialtais a dhéanamh le lucht na heite clé, seans go ndéanfaidh siad iarracht bloc a bhunú le cuid den eite chlé agus clár polasaithe aontaithe a thairiscint do Fhianna Fáil mar pháirtnéir i gcomhrialtas. An dtabharfadh sé sin na huimhreacha di le post an Taoisigh a éileamh nó a roinnt ar a seal? An mbeadh sé stuama ag Fianna Fáil glacadh le Sinn Féin mar pháirtnéir sóisearach nó sinsearach i rialtas?

Is léir go bhfuil easaontas i bhFianna Fáil faoi chomhrialtas le Sinn Féin. An bhfuil baol scoilte sa pháirtí? Cén brú a chuirfear ar Mhicheál Martin ón dá thaobh? Ó mhaígh Mary Lou McDonald gur ghlac gach éinne leis gurb iad Sinn Féin a bhuaigh an toghchán agus ós athrú rialtais a bhí uathu an ar Shinn Féin seachas Fianna Fáil atá an fhreagracht rialtas a bhunú?

An mbeadh sé níos stuama fanacht glan ar rialtas a thabharfadh deis téarnaimh eile d’Fhianna Fáil?

An é an scéal céanna é d’Fhine Gael?

Cé na ciallachais d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael mura gcuirfear comh-aireacht le chéile? An dtabharfadh na vótóirí breithiúnas níos déine orthu dá mbeadh toghchán eile riachtanach? Tá a fhios ón bpobalbhreith iarvótála go ndearna duine as ceathrar suas a intinn faoina vóta sna laethanta díreach roimh an toghchán – an mbeadh a dhearcadh athraitheach geábh eile?

Deir lucht tacaíochta Shinn Féin sa tuaisceart, roinnt náisiúnaithe eile agus aontachtaithe gur deargfhimínteacht é diúltú do chomhrialtas le Sinn Féin ó dheas nuair a chuirtear brú ar na páirtithe abhus cumhacht a roinnt leo. Níl aon ghlacadh acu leis an míniú gur stát ceannasach í an Phoblacht murab ionann agus an Tuaisceart, réigiún le riail dhíláraithe faoi chonradh idirnáisiúnta Comhaontú Aoine an Chéasta a dhaingníonn roinnt na cumhachta.

Ní léir cén tionchar a bheadh aige ar Stormont Sinn Féin a bheith i rialtas ó dheas. Ba gheall le hairteagail chreidimh ag Sinn Féin é nuair a ghlac siad le Comhaontú Aoine an Chéasta go bhfíorófaí an aisling uile-Éireannn aontaithe trí chumhacht a bheith acu in Stormont agus i dTeach Laighean. Dúirt an DUP go raibh siad ar a suaimhneas faoin gcor is deireanaí ach thagair ceannaire an UUP do thoradh an toghcháin mar ábhar imní. Ní hamháin go bhfuil ullmhúchán do reifreann ó Shinn Féin, ach dúirt Mary Lou McDonald ar an Luan gur theastaigh tacaíocht an Aontais Eorpaigh uaithi don athaontú. Ba léir go raibh roinnt aontachtaithe neirbhíseach faoin ghuagacht a bhí á tuar aici.

Ceistíonn roinnt dílseoirí conas is féidir le Sinn Féin a rá nach sárú ar an Comhaontú é iad a bheith i gcumhacht ó dheas nuair a bhí siad deimhin de gur tháinig margadh an DUP le rialtas Theresa May salach ar shocrú Stormont.

’Sí an difríocht gurb é rialtas na Breataine atá freagrach as an Tuaisceart agus dualgas neodrachta air dá réir.

Ní shuaimhneoidh an fhíric sin na daoine atá ag bagairt feachtais in aghaidh eacnamaíocht uile-Éireann.

Tréimhse shuimiúil thuaidh agus theas i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Amharc aduaidh ar scrios an tseanreachta ó dheas…'