An scrúdú a bheidh le déanamh ná cé air an gcaithfear an t-airgead

Tá sé soiléir cheana féin go mbeidh ar na hairí a bheith níos cúramaí leis na pinginí ná mar a ceapadh

An scrúdú a bheidh le déanamh ná cé air an gcaithfear an t-airgead

Idir seo agus an Mháirt nuair a chuirfidh na hairí sa Roinn Airgeadais an Buiséad inár láthair déanfar cur agus cúiteamh go leor faoi fhorálacha an bhuiséid chéanna. Le roinnt mhaith blianta anois sceitear an oiread de dhintiúirí an bhuiséid gur beag is fiú a bheith ag éisteacht leis na hóráidí ar urlár na Dála. Ní mórán rún a bhíonn le fuascailt.

Tá sé soiléir cheana féin go mbeidh ar na hairí a bheith níos cúramaí leis na pingineacha ná mar a ceapadh. Idir an laghdú sa teacht isteach ón gcáin chorparáideach agus an ró-chaiteachas ollmhór sa Roinn Sláinte ní bheidh an t-airgead chomh flúirseach agus a bhí á thuar ó thús na bliana. Mar sin féin, beidh €6.5 billiún de chaiteachas i gceist. An scrúdú a bheidh le déanamh ná cé air an gcaithfear an t-airgead sin.

Tá sé tugtha le fios ag Michael McGrath do pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil gur Buiséad maith a bheidh ann ach go gcaithfidh tacaíochtaí áirithe a bheith teoranta mar gheall ar bhrú ón ráta boilscithe. Tabharfar cabhair leis an gcostas maireachtála ach beidh siad dírithe ar dhreamanna ar leith. Os a choinne sin dúirt Leo Varadkar go mbeidh tairbhe ón mbuiséad seo follasach do dhaoine roimh an Nollaig. Beidh ciorruithe cánach agus laghduithe ar an muirear sóisialta uilíoch ar fáil do dhaoine.

Taobh amuigh de na forálacha airgeadais mar sin tá teachtaireacht pholaitiúil le craobhscaoileadh faoin Mháirt seo chugainn. Tá Fianna Fáil ag cur béim ar an méid a dhéanfar dóibh siúd atá faoi bhrú de bharr ardú mór sa gcostas maireachtála. Tá Fine Gael ag tabhairt le fios go mbeidh an buiséad ag breathnú amach do dhaoine atá ag obair agus a íocann cáin ag an ráta is airde. An aidhm atá leis na teachtaireachtaí seo, ar ndóigh, ná idirdhealú a dhéanamh idir an dá pháirtí.

Cé gur dóigh go mbeidh buiséad eile againn roimh an olltoghchán an bhliain seo chugainn tá an dá phríomhpháirtí sa rialtas tosaithe cheana féin ag ullmhú an phobail do na teachtaireachtaí a bheidh acu. Tuigeann Fianna Fáil agus Fine Gael go bhfuil siad faoi bhrú ag Sinn Féin. Maíonn an dá pháirtí nach bhfuil fonn orthu dul i gcomhrialtas leo agus dá réir sin, feiceann siad gurb é an rogha is fearr atá ann ná bheith le chéile in athuair ag bord an rialtais an chéad uair eile.

Mar sin féin, teastaíonn uathu tabhairt le fios nach ionann iad – cé go ndéarfadh go leor nach bhfuil tada eatarthu níos mó – agus beidh siad ag obair as seo go ceann bliana ar an idirdhealú sin eatarthu. Cuirfear tús leis an obair ar an teachtaireacht sin agus iad ag tarraingt aird ar bhearta ar leith sa mbuiséad. An rachaidh sin i bhfeidhm ar na vótóirí? Sin ceist agus plé do lá eile.

Fág freagra ar 'An scrúdú a bheidh le déanamh ná cé air an gcaithfear an t-airgead'