‘An scian is géire, feannfaidh sí’ – an ceacht do Chiarraí

Faoi láthair ar chuma ar bith is deacair méar a shíneadh ar dhream a thabharfadh tomhas a láimhe féin d’Áth Cliath

‘An scian is géire, feannfaidh sí’ – an ceacht do Chiarraí

Seán O'Shea Chiarráí. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An chuid is tábhachtaí ar dtús. Níl dabht dá laghad nach ag Áth Cliath atá an bhuíon peileadóirí is fearr a chonaic tusa ná mise riamh agus bheadh iontas orm dá mbeadh a leithéid ann arís go deo. Ní ar a gcumas imeartha amháin atá ardmheas agam, ach freisin ar a ndúthracht, a ndílseacht, a bhflaithiúlacht agus a n-iompar. Taobh amuigh de Ciarán Kilkenny níl aithne agam ar aon duine eile acu ach go bhfeictear dom go bhfuil an dáiríreacht agus an daonnacht chéanna ag baint leis an gcuid is mó acusan agus atá ag baint leis siúd.

Dá mbuafadh siad deich gcraobh as a chéile ní bheinn ina dhiaidh orthu. Cén chaoi a mbeinn?

Más iad is fearr nach bhfuil sé tuillte acu. Fós is beag a chaoinfidh mé an lá a sárófar iad – ní mórán a théann an saol chun feabhais as forlámhas iomlán a bheith ag duine nó ag dream amháin air.

Fós agus sin ráite is beag a thugann le fios go bhfuil mórán d’athrú le theacht ar an roth ón méid atá feicthe agam le cúpla seachtain agus craobh ghiorraithe na bliana seo faoi lán seoil.

Neart na ngéag agus seilbh na liathróide. Sin bunchloch na peile gaelaí sa lá atá inniu ann agus le blianta maithe anois, is iad fir na ngeansaithe spéirghorma na máistircheardaithe.

Níl contae sa tír nach bhfuil ag iarraidh aithris a dhéanamh ar a gcóras agus le fírinne tá cuid acu a bhfuil véarsa nó dhó den amhrán de ghlanmheabhair acu faoi seo. Ach tá a seans ar Chorn Uí Riada chomh fada uathu agus atá sé uaim féin.

An té nach bhfuil guth binn acu agus iomlán na bhfocal, is amhlaidh a mhilleann siad an t-amhrán.

Tá Seánie O’Shea agus David Clifford ar bheirt den bheagán peileadóirí na gcontaethe eile a mbeadh seans acu ar fhoireann Átha Cliath – ní móide go bhfuil leathdhosean lena gcois sin sa tír a bhfuil an rud céanna le rá fúthu.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an bheirt ar fhoireann Chiarraí a d’imir i gCluiche Leathcheannais na Mumhan ar Pháirc Uí Chaoimh. Is mór an dul amú atá orm nó bheadh obair ag formhór a gcéilí comhrac as Corcaigh áit a fháil ar na foirne a chuir Jim Gavin amach i gCorn Uí Bhroin anuraidh.

Fós chaith O’Shea agus Clifford oiread den chluiche timpeall lár na páirce agus i leath Chorcaí agus a chaitheadar sna háiteacha is contúirtí iad. Anuraidh chuir an bheirt an croí trasna i gcosantóirí agus iad i mbun an cineál imeartha a thuill All Stars dóibh mar
aon le hainmniúcháin mar Pheileadóir Óg na Bliana – gradam a bhuaigh Mac Uí Shé.

“An scian is géire, feannfaidh sí,” a deir an seanfhocal ach ba scian gan faobhar a thug Ciarraí leo go Páirc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh. Tá scian den déanamh céanna i mórán chuile chontae eile, maolaithe d’aon turas ag aithris ar Mhac Giolla Cheannaigh agus a chomrádaithe.

Obair in aisce atá inti den chuid is mó mar cé go dtráchtann seanfhocal eile ar dhuine a bhualadh lena shlat féin, creidim i mo chroí istigh nach aon chosaint ar an namhaid beag is fiú a dhéanamh do na nirt atá agat féin.

Go cinnte in aghaidh Átha Cliath níor mhór do Chiarraí a bheith níos airdeallaí ná a bheidís i gcluichí eile, ach fiú agus an aimsir a fhágáil as an áireamh, ba mhór a bhí idir aghaidh a thabhairt ar Chorcaigh Dé Domhnaigh seo caite agus iarracht a thabhairt faoi dhíoltas a bhaint amach ar na seaimpíní.

Agus cluiche ceannais na bliana seo caite ag drannadh chun críche bhí tús cúilín ag Ciarraí. Fiú agus aon iarracht amháin ar scór níor thugadar sna 12 nóiméad deireanach. Ainneoin iad a bheith plódaithe thiar ina leath féin, fós thugadar dornán deiseanna scórála dá gcéilí comhrac – ina measc, ceann a chuir Súil an tSeabhaic ar athló agus cic saor comhscóir Dean Rock.

San achar céanna ag tús na himeartha agus crot níos géire ar Chiarraí chruthaigh Paul Geaney as féin dhá sheans ar chúil – cic éirice ar cheann acu a tháinig as an gceannas a bhí ag Clifford ar Jonny Cooper.

Tuigim go maith an cur chuige cúramach ach is daor a d’íoc Ciarraí as an lá sin agus arís Dé Domhnaigh seo caite.

Tiocfaidh foireann aniar aduaidh ar Áth Cliath lá éicint – b’fhéidir nach fada uainn sin agus b’fhéidir eile gurb ea. Faoi láthair ar chuma ar bith is deacair méar a shíneadh ar dhream a thabharfadh tomhas a láimhe féin dóibh.

Fág freagra ar '‘An scian is géire, feannfaidh sí’ – an ceacht do Chiarraí'

  • Liam Mac an Mhaoir

    “Tuigim go maith an cur chuige cúramach ach is daor a d’íoc Ciarraí as an lá sin agus arís Dé Domhnaigh seo caite”. In ainm Dé, bain díot púicín Chiarraí a Mhartan, agus tabhair creidiúint éigin do bhuaiteoirí. Ta’s agam gur deacair duit a thuiscint nach soilsíonn an ghrian ó thóineacha na gCiarraíoch!!

  • Micheál

    Níl aon staonadh ar dhó geirbe na gCorcaigh bhochta, fiú agus iad buacach. Ní as Ciarraí ná Corcaigh dom ach tá an fhírinne san alt. Cinnte níorbh ag Corcaigh an neart air, ach dá mbeadh Ciarraí fiú beagán níos dearfaí bheadh an bua le le cúpla cúilín ar a laghad. Is iad Corcaigh na curaidh agus é tuillte go hiomlán acu, ach ní ionann sin agus a rá nach raibh locht le fáil ar Chiarraí, mar bhí.