‘An Saol Ó Dheas’ an cleite is gile i gcaipín Raidió na Gaeltachta, tá cneasú ón gcovid féin ann

Dearbhaíonn ‘An Saol Ó Dheas’ ar RnaG do chúléisteoir amháin gur diabhlaí an t-aicsean atá fágtha fós i dteanga agus i muintir na Gaeltachta

‘An Saol Ó Dheas’ an cleite is gile i gcaipín Raidió na Gaeltachta, tá cneasú ón gcovid féin ann

Helen Ní Shé

Is deacair cúléisteacht agus an aicíd bhréan sin thart agus is fánach a bhfuil cloiste agam ar an aer le fada agus mé ag seachaint aon údar cantail.

Tá tálach i mo mhéar ag brú cnaipí ag tachtadh aon tráchtaire a n-éalaíonn an chéad siolla ‘có’ sin as a bhéal.

Ardú meanma is croí a theastaíonn uaim ón raidió na laethanta seo agus mé ar mo theitheadh ó gharrantaí dóite, beithígh scrúdta agus liostaí na marbh.

Ceann de na tíolacthaí a roinntear ort sa nGaeltacht go dtabharfaidh duine éigin leagan éigin d’aon scéal a bhíonn ar an raidió duit, bíodh sé uait nó ná bíodh.

Is minic a chaillim nuacht a hocht ar maidin mar nach ligfeadh an faitíos dom mo mhéar a chur ar an gcnaipe go dtí buille a hocht ar fhaitíos go n-ardódh grág d’amhrán an cloigeann díom le fáinne na fuiseoige.

Ar ndóigh, tá daoine go leor ann a bhfeileann an clár sin iad le moch maidine agus níl mise ina dhiaidh orthu.

Sa gcarr is mó a chloisim Iris Aniar agus ar fhaitíos go dtiocfadh suanaíocht ar bith orm, ar mhaithe le sláinte is sábháilteacht, bíonn an mhéar cruógach.

Aon ábhar gur féidir paidir chapaill a dhéanamh de faigheann muid na cúig dheichniúr déag.

B’fhéidir gur drochsheachtain a bhí sa gceann seo caite agus mé i mbun taighde mar bhí fíbín ar mhuintir Árann ag crochadh a gcuid giobal smeartha ar na sceacha don saol mór.

Scéin iontu ag an aicíd ar ndóigh ach is beag solamar atá le baint as téacsanna gan ainm.

Tá mé cinnte go bhfuil taighde uileghabhálach déanta ag lucht an raidió ar an lucht éisteachta a léirigh dóibh gur láithreoirí múinte deasa séimhe is fearr leis an spriocphobal tar éis a mbricfeasta.

A chonách sin orthu ach ní fhaighim féin aon sásamh ar Marmite ach an oiread tar éis a bhfuil de vitimín B ann. Tá mise sách sean gur cuimhneach liom speáráil bhríomhar mhaidine as Casla sular nochtadh an gobán.

An cleite is gile i gcaipín RnaG ó cuireadh iriseoirí is oibrithe na seirbhíse poiblí ar gor ná An Saol ó Dheas, clár amháin a n-éistim leis go rialta ar líne.

Suaimhneas Dé don Chonnachtach seo gur cuma léi sa sioc faoi aitheanta a gcanúna mar nach n-aithneoinn an difríocht.  Ach is breá liom an nádúr, an dúchas, an giodam agus an greann a bhraithim ón gcriú. Cuireann siad giúmar níos fearr orm agus dearbhaíonn siad dom gur diabhlaí an t-aicsean atá i dteanga agus i saoithiúlacht seo na Gaeltachta.

An bhfuil aon chraoltóir eile sa tír in aon teanga a dhéanfadh mír chomh paiteanta le Helen Ní Shé agus í ag caint le Bríd Búdhlaer faoina saol agus a fear in ospidéal an Daingin agus gan cead aici cuairt a thabhairt air de bharr srianta an Covid-19? Sílim go raibh an leagan is deise fós ag Bríd ar an scoitheadh sóisialta – ‘bhí fairsinge ann’. Go deimhin bhí agus fairsinge daonnachta is dea-chaint ag an mbeirt bhan stuama.

Inné agus an clár ag teacht as Baile na nGall nó Ballydavid nó Baile Dháith, bhí boladh an tsáile i mo shrón, torann na dtonnta i mo chluasa agus blas an bhradáin i mo bhéal cé gur ar an teallach breis is 250 ciliméadar uathu a bhíos.

Cén áit eile a bhfaighfeá amach go gcosnaíonn galún sobal díghalraithe lámh €50, gur chosain teach ósta TP £500 i 1904 agus go raibh tráth ann nuair a scaoiltí leanaí i mótair le cuairteoirí fir a thógadh pictiúir díobh agus a cheannaíodh uachtar reoite is milseáin dóibh?

Anlann an ghrinn agus na géarchúise leis an mbiaiste seo ar fad – Ciarraígh ag póirseáil i ngoirt ag goid prátaí slachtmhara do chomórtas prátaí, stócach ag tindeáil ar a chaitín a scamh cleas sin an Daingin i 1958 agus comhrac na bpóitseálaithe bradán in aghaidh an chabhlaigh. Cá bhfaighfeá bradáin, turcaithe is coiníní  sna ceannlínte ach i gcás cúirte i gCiarraí?

Táim á rá libh seo saol eile – an saol ó dheas. Tá cneasú ón gCovid féin ann.

Tuigeann bean léinn leathfhocal a deirtear ach níor bhuail sé mé féin go dtí le cúpla lá go bhfuil a meon agus a misean soiléir i dteideal an dá chlár seo. Iris Aniar – iris, focal gan anam mura mbeadh ceangal le cur ar chliabh nó tuairisc le tabhairt do choiste. 

An Saol Ó Dheas – idir ghol is gháire, fuil is feoil, sean is óg, fíor is bréag. É blasta, goirt agus milis. 

Cá bhfaigheadh duine blaiseadh den Saol Thiar?

Fág freagra ar '‘An Saol Ó Dheas’ an cleite is gile i gcaipín Raidió na Gaeltachta, tá cneasú ón gcovid féin ann'

  • Tony

    Alt ar dóigh – beidh mé ag cuartú tuilleadh uaithi seo.

  • Áine

    Bhain mé an-sásamh as an bpíosa sin a Mháire…. ní éistím leis an iris níos mó – tá brí agus anam i nguth agus i gcur i láthair Helen, ní mór don chraoltóir cumasach suim a léiriú san ábhar agus sa duine a bhíonn ar an aer, bíodh sé/é suimiúil nó ná bíodh – ba dheas an rud leagan den saol thiar a chloisteáil cinnte…. an bhfuil aon duine eile liom??

  • Máire Úna Ní Bheaglaoich

    Ana-alt ó Mháire Ní Fhinneadha..agus na cláracha den Saol Ó Dheas ag dul i bhfeabhas go tréan..bèaloideas,stair,comhrá,cleachta,eolas agus ceol na n-éan…prátaí..tá sé ann go canta!

  • Helena Lordan

    Comhghairdeachas Helen. Ard-mholadh & é tuillte agat

  • Mártan Ó Ciardha

    Fíorphíosa scríobhneoireachta a théann go bun an údair faoin gcuntar ar cuireadh Raidiò na Gaeltachta ar an aer an chéad lá riamh. Lá i ndiaidh lae, lena cumas agus a cuid sáririsoireachta, dèanann Helen Ní Shè comhlíonadh ar na dualgais ba chùis le bunù na seirbhíse a thugann glòr di. Go mba fada buan í.