An saol bunoscionn agus gan ach seachtain fágtha go dtí tús chraobh aisteach 2020

An tseachtain seo chugainn a chuirfear tús le craobh iománaíochta na hÉireann ach níl aon easpa scéalta orainn

An saol bunoscionn agus gan ach seachtain fágtha go dtí tús chraobh aisteach 2020

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an saol bunoscionn le tamall anois agus muid ag plé le Covid-19 ó mhí an Mhárta. Is ait liom anois a bheith ag tosnú ag scríobh faoi thosach na craoibhe idirchontae agus Oíche Shamhna ar leac an dorais.

Is ceart a rá freisin gur iontach an rud a bheith ag caint faoi spórt agus an domhan ina chiseach.

I gcomórtas na bliana seo beidh cúig fhoireann ag iomaíocht lena chéile i gCraobh Laighean, Laois san áireamh, agus beidh na gnáthfhoirne san iomaíocht i gcraobh na Mumhan.

Beidh seans amháin eile ag na foirne a chailleann a gcluiche cúige agus ina dhiaidh sin is comórtas díbeartha ceart a bheidh i gceist sa séasúr thar a bheith gairid seo.

Mar is eol do chách tá cúrsaí Covid sa tír an-mhíshocair agus an scéal ag athrú ó lá go lá. Ach tá an traenáil idirchontae tosnaithe agus faoi lán seoil i gcónaí. Idir na rialacha nua san fheachtas in aghaidh an ghalair, na rialacha maidir le himirt na gcluichí féin, agus na rudaí eile go léir, bíonn na meáin lán le scéalta gach lá.

Dar ndóigh tá scéalta beaga nuachta ag teacht ós na contaetha éagsúla maidir le himreoirí a bheidh agus nach mbeidh ullamh don séasúr.

Is i gcontae an Chláir is luaithe a fuair bainisteoir drochscéal agus beidh ar an gceann feadhna nua Brian Lohan déanamh d’uireasa ceathrar imreoirí tábhachtacha. Tá an captaen John Conlon gortaithe le tamall agus faraor, ní bheidh sé ábalta imirt roimh dheireadh na bliana

Is é an dála céanna é ag an imreoir cumasach Colm Galvin. Tá Peter Duggan ag tógaint sos bliana ón iománaíocht agus dúirt Podge Collins seachtain ó shin nach bhfuil seisean sásta a bheith ina bhall den phainéal i mbliana. Gan na himreoirí sin beidh an Clár faoi bhrú mór. Is dócha go mbeidh gach contae gan imreoir éigin ach go dtí seo is measa a fhéachann cúrsaí do chontae an Chláir ná do dhreamanna eile.

Mar sin féin tá an fhoireann a bheidh rompu sa chéad bhabhta, a gcomharsana as Luimneach, faoi míbhuntáiste mór chomh maith agus beirt den líne lánchúil ó fhoireann bhuacach 2018, Richie English agus Mike Casey, gortaithe.

I rannóg nuachta na ‘scéalta eile’, tá sé fógartha go mbeidh sliotair bhuí á n-úsáid i mbliana. Chonaiceamar é le linn na sraithe Super 11s i Meiriceá anuraidh. Agus laethanta gruama dorcha romhainn mheasfá gur maith an smaoineamh é, cé nach n-aontaíonn Joe Canning, Brendan Maher ná John Kiely, bainisteoir Luimnigh leis. Feicfimid linn.
Ní fheicimid aon mhaor uisce ar an taobhlíne i mbliana. Mar a tharla sna cluichí sraithe beidh briseadh uisce sa dá leath againn.

Beidh 26 imreoir ceadaithe sa staid agus cead isteach ag dáréag ón gcúlseomra.

De réir an mháistirliosta cluichí agus na rialacha a bhaineann leis níl aon am ann go dtí na cluichí leathcheannais aon chluiche a chur ar ceal má bhíonn ráig den Covid-19 in aon champa. Nuair a thosnóidh na comórtais chraoibhe an Satharn seo chugainn ní bheidh aon seachtain saor ann go dtí na cluichí leathcheannais atá le himirt deireadh seachtaine an 28-29 Samhain.

Ach, dar ndóigh, is iomaí cor agus casadh a d’fhéadfadh tarlú idir seo agus deireadh an lae, deireadh na seachtaine, na míosa agus na bliana.

Fág freagra ar 'An saol bunoscionn agus gan ach seachtain fágtha go dtí tús chraobh aisteach 2020'