An sainmhíniú ar ‘íobartach’ ina chnámh spairne idir an DUP agus Sinn Féin

Bhí an sainmhíniú ar ‘íobartach’ ina chnámh spairne le fada ó thuaidh agus is cosúil gur ag géarú atá an t-easaontas

An sainmhíniú ar ‘íobartach’ ina chnámh spairne idir an DUP agus Sinn Féin

Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith

Oidhreacht na dTrioblóidí, an cancar ar deineadh faillí ann: 3,600 marbh agus timpeall 40,000 gortaithe. D’ainneoin coimisiún, coimisinéirí, trí nó ceithre bhabhta comhairliúcháin agus comhréiteach Stormont House in 2014, níor cuireadh i bhfeidhm socruithe chun a dhul i ngleic le hiarmhairt na coimhlinte.

Dé hAoine seo caite ghlac Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith an chéad chéim chun cuidiú le híobartaigh, ‘daoine a gortaíodh gan aon mhilleán a bheith orthu féin’. Faoiseamh ar deireadh do ghrúpaí atá á éileamh le fada, daoine atá i bpian an t-am ar fad, bean a chaill a dhá cois mar shampla, fear a fágadh gan lúth na ngéag beagnach leathchéad bliain ó shin agus nach bhfuair aon tacaíocht ariamh.

Ní nach ionadh, áfach, b’údar conspóide é idir Sinn Féin agus an DUP, níos lú ná mí ó chuaigh siad ar ais go Stormont le chéile, gur cuireadh iar-pharaimíleataigh as an áireamh.

Ní bheadh duine a gortaíodh in ionsaí a raibh sé páirteach ann i dteideal pinsin, ná duine a ciontaíodh as foréigean.

Bhí an sainmhíniú ar ‘íobartach’ ina chnámh spairne le fada agus is cosúil gur ag géarú atá an t-easaontas.

Shínigh Smith bille chun pinsean a cheadú do na híobartaigh. Gheobhaidh siad idir £2,000 agus £10,000 sa bhliain fad a mhairfidh siad, bunaithe ar chomh holc is atá a gcás, daoine atá ag fulaingt go buan ó ghortuithe tromchúiseacha coirp nó síceolaíochta. Ina theannta sin beidh tacaíocht le fáil ag cúramóirí, ag céile nó ag duine eile a thugann aire do dhuine a gortaíodh. Déanfar na híocaíochtaí a shiardhátú go dtí 2014, tráth a ndearnadh an comhréiteach a gheall cúiteamh. Cuirfear an scéim ar bhonn reachtúil ag deireadh na míosa seo agus cuirfear tús léi ag deireadh na Bealtaine. Baineann an scéim le heachtraí a tharla idir 1966 agus 2010 ach níl daoine a gortaíodh sa Phoblacht san áireamh.

Caithfidh íobartaigh iarratas a dhéanamh chun an pinsean a fháil agus fianaise (taifead ó dhochtúirí agus ospidéil de ghnáth) faoin mbail atá orthu a sholáthar. Beidh scrúdú dochtúra i gceist mura bhfuil an taifead soiléir. Beidh breitheamh i gceannas ar an mbord neamhspleách a dhéanfaidh cinneadh faoin ráta cúitimh i ngach cás. Sé seo an scála íocaíochta in aghaidh na bliana

  • £9,870 100% éagumas
  • £4,935 50% éagumas
  • £1,974 20% éagumas

Mhol Julian Smith na híobartaigh a rinne feachtasaíocht chun cúiteamh a fháil. “Tá dóthain cainte déanta faoin gcinneadh seo, tá sé in am gnímh,” a dúirt sé. Ní raibh an dara rogha aige mar Státrúnaí ach an reachtaíocht a dhearbhú. Bhí sé ar cheann de na beartais a chuir feisirí Parlaiminte in Westminster mar aguisín le reacht éigeandála Thuaisceart Éireann an samhradh seo caite. Ritheadh na dlíthe chun díchoiriú a dhéanamh ar ghinmhilleadh agus chun pósadh comhghnéis a cheadú ag an am céanna.

Cor nua is ea cinneadh rialtas na Breataine sainmhíniú nua a thabhairt ar íobartach. Níor deineadh idirdhealú ar bith san dlí in 2006 idir paraimíleataigh agus íobartaigh nach raibh aon bhaint acu le foréigean. Níor deineadh an t-idirdhealú sin i réiteach Stormont House in 2014 ach an oiread. Ghlac an DUP leis sin ag an am ach tá siad ag cúlú uaidh, ag éileamh gur daoine neamhchiontacha amháin a gheobhadh cúiteamh nó cabhair.

D’fháiltigh ceannaire an DUP, Arlene Foster, an Chéad-Aire roimh an gcinneadh gur daoine gan mhilleán amháin a bheidh i dteideal an phinsin seo. Dúirt sí go raibh an sainmhíniú sa dlí in 2006 ‘mímhorálta’ mar gur cuireadh daoine neamhchiontacha ar comhchéim le ciontóirí – daoine a gortaíodh ina n-ionsaithe buamála féin, mar shampla. Dúirt ceannaire Shinn Féin in Stormont, Michelle O’Neill an LeasChéad-Aire go raibh an sainmhíniú sa bhille cúitimh claonta agus rinne sí gearán le Julian Smith. Chuir urlabhraithe ó Shinn Fein mí-ionracas i leith rialtas na Breataine agus dúirt go raibh ordlathas íobartach á chur i bhfeidhm acu.

Ní léir cé chomh costasach is a bheidh an scéim. Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster go gcaithfí an pinsean a íoc as gnáthbhuiséad Stormont. Tuairiscíodh áfach gur dhúirt rialtas na Breataine go raibh £100 milliún curtha acu lena aghaidh leis an maoiniú d’oidhreacht na dTrioblóidí.

Dúirt Coimisinéir na nÍobartach Judith Thompson gur cheart fáilte a chur roimh an gcinneadh mar chéad chéim. Ba thrua, dar léi, go raibh an bille conspóideach ach níor cheart ligean do mhíshástacht faoi ghné ar leith de a theacht salach ar chabhair dóibhsean a raibh géarghá acu léi.

Tá an bille á scrúdú go mion ag lucht chearta an duine féachaint cé na ciallachais atá aige do na socruithe eile i réiteach Stormont House 2014. Aontaíodh ansin go mbunófaí aonad fiosrúcháin stairiúil – le cúisimh dá bhfeilfeadh sin, aonad bailithe faisnéise le súil go bhfaigheadh daoine an fhírinne agus cartlann don stair bhéil i measc nithe eile. Bhí amhras ariamh go n-inseodh na húdaráis ná na paraimíleataigh an fhírinne lom. Ina theannta sin ní údar uchtaigh é go bhfuil sainmhínithe ó 2014 á n-athrú ná plean an Phríomh-Aire Boris Johnson saighdiúirí a chosaint ó fhiosruithe agus ó chúisimh ar an mbonn go mbeidís ‘cráiteach’.

Arís eile is iad na híobartaigh a bheidh thíos le héagumas agus easaontas na bpolaiteoirí cé gur maith ann an scéim phinsin.

Fág freagra ar 'An sainmhíniú ar ‘íobartach’ ina chnámh spairne idir an DUP agus Sinn Féin'