An Saighdiúir Samhraidh: Bhain Norn Iron? Tá mise ag switcheáil sides láithreach

Ní soineanta go Saighdiúir Samhraidh agus uaireanta bíonn an fhírinne ‘BitterSwede’ i saol an spóirt

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Yó yó Euro!

Bhuel, sin agat spórt. Thuas seal, thíos seal. Nuair atá tú chomh haineolach ar shacar agus atá an Saighdiúir Samhraidh seo, níl a fhios agat cad é atá i ndán duit ó chluiche go cluiche. Shíl mé nuair a cuireadh an Phoblacht in aon roinn amháin leis an Bheilg, an tSualainn agus an Iodáil go mbeadh an t-ádh orthu nul points a bhaint amach. Chonacthas dom go raibh na trí fhoireann eile ní b’fhearr ná an Phoblacht.

Mar sin féin, shaothraigh siad pointe amháin in éadan na Sualainne agus bhí mí-ádh orthu nár bhain siad an cluiche. Shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh seans acu an dara pointe a fháil in éadan na Beilge. Ní soineanta go Saighdiúir Samhraidh. Bhí an Bheilg chomh míthrócaireach leis an Phoblacht agus a bhí arm na Breataine le lucht an Éirí Amach. D’aimsigh Fir na Beilge trí chúl bhreátha gan mórán stró. Shootann siad, scoreann siad, mar a déarfá ar TG4.

Gareth McAuley. Pictiúr: INPHO/Presseye/William Cherry
Gareth McAuley. Pictiúr: INPHO/Presseye/William Cherry

Tadhg an Dá Thaobh

Ná tabhair Saighdiúir Samhraidh orm feasta ach Tadhg an Dá Thaobh. Chonaic tú gur bhain Norn Iron? Tá mise ag switcheáil sides láithreach. Ní feall atá ann ar Martin O’Neill OBE agus na leaids. Níl ann ach go bhfuil mé ag leanstan de dhea-shampla Shinn Féin agus ag síneadh lámh an charadais i dtreo..blá blá blá. Bhí na Shinners lá den saol in aghaidh Stormont agus tá siad uilig anois i Stormont agus cultacha breátha orthu ar fad. Norn Iron abú – go dtí go gcailleann siad!

Oisin McConville. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Bainisteoir Raonaithe na Croise, Oisin McConville. INPHO/Presseye/Andrew Paton

McCúlville

Do bharúil an bhfuil tionchar ag seanchur chuige Arrrggh Mhacha ar stíl imeartha na nEuros? Tá mé ag caint ar na cúil sin ar fad a fuarthas agus an réiteoir ar tí an fheadóg a shéideadh don uair dheireanach. Bhí duine de na tráchtairí á rá go bhfuarthas 13 cúl – 13 cúl! – sna nóiméid dheireanacha i gcluichí go dtí seo. Dochreidte. Bím leath ag súil go bhfeicfinn Oisín McCúlville, ahem, ar an pháirc, é ag réabadh leis agus an clog ag tarraingt ar 90 nóiméad!

 Jarlath Burns. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy
Jarlath Burns. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy

Ciall agus croí gonta

Agus ag caint ar Arrrgh Mhacha… Chloígh Laois iad ag an deireadh seachtaine agus tá deireadh lena gcuid iarrachtaí sa chraobh i mbliana. (Go maire Laois a mbua!) Leanann bliantaí an dorchadais Ard Mhacha mar a thuar an colúnaí seo fadó fadó. Mar sin féin, shíl mé go raibh an méid a dúirt Jarleth Burns fúthu ar an Sunday Game oíche Dhomhnaigh an-mhaith. Rinne sé cur síos macánta ciallmhar urramach ar an chontae agus ar a gcuid seansanna: contae beag a bhí ann agus ní bheadh rath orthu gach aon bhliain; ba ghá le foighde agus rinne sé cosaint ar bhainisteoir an chontae, Kieran McGeeney. Bhí ciall lenar dhúirt sé – ach ní leigheas i gcónaí í an chiall ar an chroí gonta.

Newspaper printing press

Bua an fho-eagarthóra

Bua iontach é fo-eagarthóir a bheith agat atá in ann greann a bhaint as an Bhéarla agus cúrsaí spóirt faoi chaibidil. Níl a fhios agam cé atá ag an Irish News ach is léir go bhfuil duine inteacht ann a bhfuil féith an ghrinn agus na cumadóireachta go smior ann.

Agus an cluiche idir Tír Eoghain agus an Cabhán ar na bacáin, scríobh fo-eagarthóir dalba an ceannlíne: “It’ll be Harte-stopping stuff.” Chan amháin go raibh an líne greannmhar ach bhí an ceart aige. D’aimsigh an Cabhán cúl sna bomaití deiridh den chluiche, cúl a shaothraigh athimirt don Chabhán.

Bhí líne ar dóigh sa pháipéar fosta i ndiaidh an chluiche idir an Phoblacht agus an tSualainn, cluiche eile a tháinig chun críche ar comhscór. “BitterSwede” a thug siad ar thoradh an chluiche sin. BitterSwede! Is iontach go deo an fhilíocht í sin.

Moladh go deo leis an fho-eagarthóir gan ainm

Fág freagra ar 'An Saighdiúir Samhraidh: Bhain Norn Iron? Tá mise ag switcheáil sides láithreach'