An sa bhaile a chrochfar Trump seachas sa Rúis?

I gcomhar le hiarrthóir agus faoina stiúir a d’íoc mé é ar mhaithe leis an bhfeachtas a stiúradh i dtreo ar leith – Michael Cohen

An sa bhaile a chrochfar Trump seachas sa Rúis?

Sin a bhí le rá Michael Cohen, dlíodóir pearsanta Donald Trump, os comhair cúirte i Nua-Eabhrac aréir agus é ag admháil gur bhris sé an dlí. Ocht gcúis éagsúla a bhaineann le seachaint cánach, dhá chúis a bhain le síntiúis chalaoiseacha don fheachtas toghcháin agus cúiseanna a bhain le ráitis bhréagacha d’institiúidí airgeadais a cuireadh ina leith. Bhain an dá íocaíocht a sháraigh dlí toghchánaíochta na Stát Aontaithe leis an airgead a d’íoc Michael Cohen le Stormy Daniels agus Karen McDougal chun na líomhaintí a rinne siad faoi chaidreamh a bheith acu le Donald Trump a phlúchadh.

Dúirt Cohen gur íoc sé an t-airgead leo “in coordination with and at the direction of a candidate for federal office”. Dúirt sé freisin go ndearnadh na híocaíochtaí ar mhaithe leis an bhfeachtas toghcháin a stiúradh i dtreo ar leith. Is mór atá cloiste againn faoi dhaoine a bheith ag cur an toghcháin uachtaránachta deiridh sna Stáit Aontaithe as a riocht ach is ar na Rúisigh a bhí an aird go dtí seo seachas ar dhlíodóir an Uachtaráin.

Tharla seo ar fad an oíche chéanna ar ciontaíodh iarbhainisteoir feachtais Trump, Paul Manafort, in ocht gcinn de chúiseanna a bhain le calaois agus cúbláil airgid. Chinn ar an ngiúiré teacht ar bhreith sna deich gcúis eile a bhí curtha ina leith agus d’fhógair an breitheamh míthriail sna deich gcúis sin.

Comhtharlúint eile is dóigh na ráitis ón Uachtarán an lá ceannann céanna go raibh imní air dá mbeadh sé féin ag comhoibriú le fiosrúcháin áirithe go gcuirfí na leith gur inis sé bréag faoi mhion.

Agus an tUachtarán Trump in Virginia ag slógadh toghcháin, dúirt sé faoi Paul Manafort: “Is fear maith é Paul Manafort. Is chun claonpháirtíocht leis na Rúisigh le linn an toghcháin in 2016 a fhiosrú a bunaíodh an fiosrúchán (Mueller) seo, agus níl aon bhaint ag an scéal seo leis na Rúisigh”.

Meas tú nach gcaithfear glacadh leis anois nach gá a ghabháil chun na Rúise le deacrachtaí an Uachtaráin Trump a aithint? Cé go nglactar leis go bhfuil bunús ag Mueller lena fhiosrúchán faoi cheangal leis an Rúis is dóigh ná a mhalairt anois go mbeidh dóthain fianaise le fáil a bhaineann le cúrsaí sa mbaile i Meiriceá le cúiseanna a thabhairt in aghaidh Donald Trump lena tháinseamh.

Is nós leis an Roinn Dlí agus Cirt sna Stáit Aontaithe gan an dlí a chur ar an Uachtarán. Bíodh sin mar atá, is deacair a shamhlú nach mbeadh fiosrúchán de shaghas éigin bunaithe ar na cásanna coiriúla seo. Baineann an scéal ar fad le cúrsaí polaitíochta ag an tráth seo agus na Stáit Aontaithe i gcroílár fheachtas na dtoghchán lár téarma. Má éiríonn leis na Daonlathaigh dóthain suíochán breise a thabhairt leo sa Teach is dóigh go dtionscnóidh siad cúiseanna táinsimh.

An gcuirfidh pobal na Stát Aontaithe ar a gcumas sin a dhéanamh? Nó cé mhéad cás cúirte eile a fheicfidh muid sula rachfar i mbun gnímh?

Fág freagra ar 'An sa bhaile a chrochfar Trump seachas sa Rúis?'