Is í Muireann McDonnell, as Baile Átha Cliath, a bheidh ag canadh ar son na hÉireann sa chomórtas amhránaíochta Junior Eurovision a bheidh ar siúl sa tSeoirsia ag an deireadh seachtaine
Bhuaigh McDonnell an comórtas náisiúnta a reáchtáil TG4 níos túisce an mhí seo le hionadaí na hÉireann a roghnú.
Déarfaidh McDonnell, atá 11 bliain d’aois, an t-amhrán Súile Glasa ag 15ú Comórtas Eoraifíse na nÓg Dé Domhnaigh sa ოლიმპიური სასახლე (an Pálas Oilimpeach) i bpríomhchathair na Seoirsia, Tbilisi. Ba í Mariam Mamadashvili, Seoirsiach, a tháinig sa chéad áit i gcomórtas na bliana seo caite i Málta.
Mhaígh an iris ar líne WiWiBloggs, iris atá dírithe go huile is hiomlán ar chomórtais na hEoraifíse, gurb é roghnú McDonnell mar iomaitheoir na hÉireann “an rún ba mheasa ceilte” i mbliana ó tharla gur úsáid TG4 an t-amhrán Súile Glasa i go leor leor ábhar poiblíochta agus gur áiríodh McDonnell i measc na n-iomaitheoirí ar albam an chomórtais a eisíodh coicís sular fógraíodh í mar bhuaiteoir an chomórtais náisiúnta.
Ba iad Bláthnaid Treacy, Fiachna Ó Braonáin, Jedward, Brendan Murray, Dustin, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy, agus Linda Martin a bhí mar mholtóirí le linn an chomórtais náisiúnta, a craoladh ina chodanna i gcaitheamh na seachtainí romhainn.
Tá amhráin canta ag McDonnell go poiblí cheana féin ag ócáidí beaga i mBaile Átha Cliath ach seo é an chéad uair a bheidh sí ar an stáitse domhanda. Chum sí an t-amhrán Súile Glasa í féin.
Craolfaidh TG4 Comórtas Amhránaíochta Eoraifís na nÓg tráthnóna Dé Domhnaigh ag 8pm.
Fág freagra ar '‘An rún is measa ceilte’ ag TG4 – Muireann McDonnell le canadh ar son na hÉireann in Eoraifís na nÓg'