An Rúis le ‘laghdú an-mhór’ a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí catha timpeall Kyiv

Tuairiscítear go ndearnadh dul chun cinn níos mó ag cainteanna síochána an lae inniu ná mar a rinneadh ag aon bhabhta cainteanna idir an dá thaobh roimhe seo

An Rúis le ‘laghdú an-mhór’ a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí catha timpeall Kyiv

Deir an Rúis go bhfuil sé i gceist acu laghdú “an-mhór” a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí catha i gceantair Kyiv agus Chernihiv.

Fógraíodh an méid sin i ndiaidh na gcainteanna síochána idir an Úcráin agus an Rúis a bhí ar siúl sa Tuirc inniu.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Tuirce Mevlut Cavusoglu gur deineadh dul chun cinn níos mó ag cainteanna an lae inniu ná mar a deineadh ag aon bhabhta cainteanna idir an dá thaobh roimhe seo. Ba é inniu an chéad uair le coicís go raibh cainteanna aghaidh ar aghaidh ag an dá thaobh.

Dúirt Leas-Aire Cosanta na Rúise,  Alexander Fomin, go raibh cinneadh déanta “gearradh siar bunúsach” a dhéanamh ar ghníomhaíocht chatha a thíre “timpeall ar Kyiv agus Chernihiv”.

Mhaígh sé go raibh seo á dhéanamh “le cur leis an muinín atá ag an dá thaobh as a chéile agus leis na cúinsí cearta a chruthú roimh an idirbheartaíocht a bheidh ar siúl amach anseo ar mhaithe leis an sprioc dheiridh, margadh síochána a aontú agus a shíniú leis an Úcráin.”

Dúirt príomh-idirbheartaí na Rúise Vladimir Medisnky gur cainteanna “fiúntacha” a bhí ann agus go raibh “dhá chéim” á dtabhairt ag an Rúis chun “an choimhlint a mhaolú”.

“Fuaireamar moltaí le meas ón Úcráin maidir lena seasamh soiléir faoi cad a bheadh i gconradh síochána. Féachfar ar na moltaí seo sa tréimhse amach romhainn, cuirfear faoi bhráid an Uachtaráin [Putin] iad agus tabharfar freagra orthu,” arsa Vladimir Medisnky.

Dúirt lucht idirbheartaíochta na hÚcráine gur mhol siad ag na cainteanna inniu go nglacfadh an tír “stádas neodrachta” chuici féin ar mhaithe le gealltanais a fháil faoi chúrsaí slándála.

D’fhágfadh sin nach lorgódh an Úcráin ballraíocht in aon chomhghuaillíocht mhíleata amhail NATO agus nach gceadófaí ionaid mhíleata le tíortha eile san Úcráin. Mar chúiteamh ar an méid sin bheadh gealltanais faoi chúrsaí slándála ag an Úcráin ó thíortha eile, gealltanais a chomhlíonfaí sa chás go ndéanfaí ionradh arís ar an Úcráin.

D’fhéadfadh an Pholainn, Iosrael, an Tuirc agus Ceanada a bheith i measc na dtíortha a thabharfadh barántais slándála don Úcráin.

Deir lucht idirbheartaíochta na hÚcráine go bhfuil dóthain údar plé sna moltaí acu gurbh fhiú cruinniú a bheith ag an Uachtarán Volodymyr Zelensky agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile.

Fág freagra ar 'An Rúis le ‘laghdú an-mhór’ a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí catha timpeall Kyiv'