An Rúis: an béar sa tseomra

Is gá dúinn labhairt faoi Vladimir Putin. Agus leis. Sula mbeidh sé rómhall

 

PUTIN_RUSO

Ar feadh i bhfad rófhada, bhí an tIarthar, an Eoraip go háirithe, dall ar fhírinne pholaitiúil ríthábhachtach: nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh fuar sa chuid eile den domhan, níor tháinig deireadh leis sa Rúis – in aigne cheannairí na tíre sin, cibé.

Ar feadh cúig bliana is fiche, shamhlaigh an tIarthar go n-iompódh an Rúis ina daonlathas ceart in am trátha, mar a tharla i dtíortha oirthear na hEorpa nuair tháinig deireadh, mar dhea, leis an gcogadh fuar.

Ní hamhlaidh a tharla.

Agus anois, tá béar sa tseomra.

Béar gortaithe.

Nuair a buaileadh ar an gcumannachas ag deireadh na n-ochtóidí, samhlaíodh go mbeadh lúcháir ar mhuintir na Rúise go raibh deireadh le réimeas brúidiúil a mharaigh na milliúin. Bhí, ar ndóigh.

Ach chomh maith leis sin, thit impireacht Mhoscó as a chéile; neamhspleáchas á fhógairt ceann i ndiaidh na chéile ag scata tíortha a bhí faoi bhois an bhéir le cuimhne na ndaoine. Ní an cumannachas amháin a buaileadh, ach an béar féin freisin.

Ar ndóigh, tharla sé seo ar fad cheana. Nuair a thit seanimpireacht na Sár as a chéile sa bhliain 1917, d’fhógair na tíortha ceannann céanna neamhspleáchas. Ach scór go leith blianta ina dhiaidh sin, tar éis an dara cogadh domhanda, bhí bos an bhéir ina luí go trom arís ar an gcuid is mó acu. Ní haon rún é gurb é a theastaíonn ó Putin ná gurb amhlaidh a bheas arís.

Agus seo á scríobh, de réir fhigiúirí ó na Náisiúin Aontaithe, tá os cionn sé mhíle duine, idir shaighdiúirí agus sibhialaigh, tar éis bás a fháil i gcogadh neamhfhógartha, neamhoifigiúil atá á fhearadh ag an Rúis san Úcráin. Fuair na céadta duine nach raibh baint ar bith acu leis an gcoimhlint bás nuair a bhuail diúracán an t-eitleán ina rabhadar ag taisteal.

Tá líne dhoiléir, dho-mhínithe á trasnú ag Vladimir Putin le bliain anuas, líne nach féidir a thrasnú sa treo eile. Líne a scarann ciall ó chogaíocht.

Bíodh baint dhíreach ag na húdaráis leis nó ná bíodh, léiriú eile é dúnmharú brúidiúil Boris Nemtsov, duine de cheannairí an fhreasúra sa Rúis, díreach taobh amuigh den Chreimil ar an 27 Feabhra, gur tír í an Rúis atá ag sleamhnú síos le fána i dtreo an dorchadais.

Beidh a chuid scileanna taidhleoireachta ar fad ag teastáil ón Iarthar lena chinntiú nach sleamhnóidh an chuid eile den réigiún síos ina teannta.

Is gá dúinn labhairt faoi Putin. Ach is gá dúinn coinneáil orainn ag labhairt leis, freisin. Níl aon rogha eile ann nach mbeidh cogadh domhanda eile mar thoradh air.

 

Fág freagra ar 'An Rúis: an béar sa tseomra'

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá NATO ag cruthú i bhfad níos mó fadhbanna don Eoraip ná an Rúis, agus is mó an bhagairt do shlándáil na hEorapa ó NATO ag dul i méad ná ón Rúis. Níl dea-cháil ar Phutin san iarthar mar gheall go raibh sé de dhánacht ann seasamh suas i gcoinne na “olligarchs” (berezovski agus a leithéidí) a bhí ag goid ón Rúis agus muintir na tíre sin.

  • Donnchadh Mac an Ghoill

    Tá an t-alt seo go dona. An raibh Éire, nó aon tír eile san Iarthar, riamh ina daonlathas ceart?

  • Shane

    Cad é an cur chuige ceart dar leis an mar sin?

    Leis an Úcrán?:
    Reiteach diplomatiúl/poliariùl – plé is plé is plé ag lorg comhaontú (ala Merkel is Hollande)
    Reiteach mileata – gunnaí agus airm gan stad a thabhaiet don Úcrán (á phlé ag Obama is Kerry)

    Leis an Rúis go fad tearmach?:
    Iad a mhealadh u dtreo an gnáth “ord idirnsisiúnta”.
    Iad a ghlacsdh amach on gcomhphobal idirnaisiúnta? (Isolation-containment)
    Nó lig dóibh cuidín beag den seanimpearacht a ghabháil ar ais?

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Cén fáth mar sin go bhfuil na Pólannaigh, Laitbhiaigh, Liotuáinigh Agus na Fionnlannaigh comh neirbhíseach faoi láthair?

  • Vincent Morley

    Is fada ó léas alt in aon áit a bhí chomh leataobhach leis an gceann thuas.

    Maidir leis an gcogadh atá “á fhearadh ag an Rúis san Úcráin”, is léir go bhfuil an Rúis ag tacú leis na scarúnaithe in oirthear na tíre, ach is léir leis go bhfuil tacaíocht an phobail ag na scarúnaithe céanna. Maidir leis an tuairim go bhfuil an Rúis “ag sleamhnú síos le fána i dtreo an dorchadais”, tuairiscítear go bhfuil beirt á gceistiú faoi dhúnmharú Boris Nemtsov cheana féin.

    Léirigh Henry Kissinger – fear nach bhfuil cáil ná síocháná ná na stuaime air – i bhfad níos mó tuisceana in alt a scríobh sé ar an Úcráin:
    “Far too often the Ukrainian issue is posed as a showdown: whether Ukraine joins the East or the West. But if Ukraine is to survive and thrive, it must not be either side’s outpost against the other – it should function as a bridge between them … The West must understand that, to Russia, Ukraine can never be just a foreign country … The politics of post-independence Ukraine clearly demonstrate that the root of the problem lies in efforts by Ukrainian politicians to impose their will on recalcitrant parts of the country, first by one faction, then by the other.”
    Féach: https://www.huffingtonpost.com/2014/03/06/kissinger-ukraine_n_4912573.html

    Maidir leis an Rúis, cé nach féidir gach rud atá déanta ag rialtas na tíre sin a chosaint, is léir nárbh iad a thionscain an ghéarchéim reatha ach an “Drang nach Osten” a bhí ar siúl ag an Aontas Eorpach. Is fiú súil a chaitheamh ar an tuairisc ar chúlra na géarchéime a d’eisigh Teach na dTiarnaí sa Bhreatain:
    “While we are clear that NATO is a defensive alliance, for the Russians NATO is seen as a hostile military threat, and successive rounds of NATO’s eastern enlargement have, as the Russians see it, brought it threateningly close to the Russian border. EU enlargement, as it has become conflated with NATO enlargement, has also taken on the aspect of a security threat. These views are sincerely and widely held in Russia, and need to be factored into Member States’ strategic analyses of Russian actions and policies.”
    Féach: https://www.publications.parliament.uk/pa/ld201415/ldselect/ldeucom/115/115.pdf

  • Glór í Eo

    Aontaím le Alex agus tá cara ón Rúis agam. Is cabal de oligarch atá thart ar Phútín anois. Níl siad ag déanmh faic don ghnáth shaoránch sa Rúis- scoileanna, bóithre, córas sláinte uilig ag dul i ndonas i gcónaí.B’fhearr leis an éirí in airde le ceannairí an Iarthar ag imirt cluiche cumhachtaí. Tá an geilleagar ag titim as chéile ón seafóid seo agus é ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar na namhaid ón taobh amuigh. Sean-chleas an dheachtóra ariamh anall.

  • Cian

    Cé eile atá anseo in 2022?