AN RÚIS 2018: Naomh Isco Ghleann Dá Loch agus iontais eile ó Chorn an Domhain

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ón Rúis, mar a bhfuil Corn an Domhain 2018 faoi lán seoil

AN RÚIS 2018: Naomh Isco Ghleann Dá Loch agus iontais eile ó Chorn an Domhain

Naomh Isco Ghleann Dá Loch

Ghlac imreoir lár páirce na Spáinne, Isco, sampla Naomh Caoimhín i rith na seachtaine nuair a shábháil sé éinín beag le linn cluiche na Spáinne i gcoinne na hIaráine Dé Céadaoin. Sa chéad leath, chonaic fear Real Madrid éan ar an bpáirc a bhí gortaithe. Phioc Isco suas an t-éan agus d’fhág sé as an mbealach é ar an taobhlíne.

Ní fios cén tionchar a bhí ag dea-ghníomh Isco ar an gcluiche ach bhí an t-ádh dearg ar an Spáinn leis an gcúl a d’aimsigh siad sa dara leath. Seans go mbeidh imreoirí eile sa Rúis anois ag coinneáil súil amach d’ainmhithe beaga timpeall na háite chun iad a shábháil.

Caith san aer é Mohammadi

Ní raibh ach fiche soicind fágtha sa chluiche céanna idir An Iaráin agus an Spáinn nuair a bronnadh caitheamh isteach ar an Iaráin rud a thug deis amháin eile dóibh cúl an chomhscóir a fháil.

Ba é Milad Mohammadi a tháinig suas an pháirc chun í  a chaitheamh agus, ar chúis éigin, mheas sé gurbh é an t-am ceart chun ruainne gleacaíochta a thriail. Bhí Mohammadi ag iarraidh léim thar a chorp a dhéanamh chun an liathróid a chaitheamh níos faide ach ba léir le féachaint air nach raibh mórán muiníne aige go n-éireodh leis. Iontas na n-iontas, rinne sé praiseach de.

Agus náire air, chaith Mohammadi an liathróid ar ais i dtreo lár na páirce, shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh agus bhí an cluiche thart. Beidh tamall ann sula dtriailfidh fear na hIaráine an cleas céanna

Cé atá i bhfeighil an tí?

Marcus Berg ag imirt don tSualainn i gcoinne na hÉireann in 2016. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Agus os cionn 700 imreoir ag imirt sa Rúis faoi láthair, tá na céadta tithe móra galánt, ar fud an domhain folamh ar feadh míosa. A muintir nó a gcairde don chuid is mó a choinníonn súil ar a dtithe do na himreoirí. Ach bhí réiteach eile ag Marcus Berg na Sualainne.

Reáchtáil Berg comórtas ar Facebook chun duine a fháil chun dul i bhfeighil a thí agus é ag imirt sa Rúis. Ba é Jesper Bergkvist a bhuaigh an comórtas agus thug Berg cuireadh dó agus do dheichniúr dá chairde teacht go dtí Gothenburg chun fanacht ina árasán ar feadh cúpla lá agus breathnú ann ar gcompord ar an gcluiche idir an tSualainn agus An Chóiré Theas.

D’íoc Berg as costais taistil agus beatha na bhfear ach bhain cúpla riail lena nduais. Ar an dea-uair, ní raibh siad ródhian. Scríofa ar an gcuisneoir bhí ‘Tabhair aire do na bláthanna, siúil timpeall na cathrach agus tugaigí tacaíocht don tSualainn sa chluiche’.

Thug an tSualainn leo an cluiche i gcoinne na Cóiré Theas ach seans nach mbeidh Bergkvist ag fáil cuireadh go dtí Gothenburg do na cluichí eile. Nuair a iarradh air measúnú a dhéanamh ar thaispeántas a thiarna talún sa chluiche, ní raibh sé rómholtach. ‘Ní raibh sé uafásach agus ní raibh sé iontach…Ba cheart go mbeadh cúpla cúl scóráilte ag Marcus.’

Faraor gan aon chomórtas mar sin a bheith ag imreoirí na hÉireann i rith Chorn an Domhain 2018. Cosúil linn féin, tá siad ar fad ag breathnú sa mbaile air.

Cluichí móra an deireadh seachtaine

Beidh cluiche mór tráthnóna ag Marcus Berg agus a chomhghleacaithe agus aghaidh á tabhairt acu ar An nGearmáin i nGrúpa F. Is iad na Gearmánaigh is mó atá faoi bhrú roimh an gcluiche seo tar éis dóibh a gcéad chluiche a chailleadh i gcoinne Mheicsiceo.

Ní raibh cuma ná caoi ar fhoireann Jaochim Löw sa chluiche sin agus ualach deiseanna scórála ag Meicsiceo. Bhí na cosantóirí Mats Hummels agus Jerome Boateng ag gearán nach bhfuair siad dóthain tacaíochta agus is cinnte go gcaithfidh Löw an méid sin a réiteach más faoi sheaimpíní 2014 teacht slán ón nGrúpa.

Imreoidh Sasana don dara huair amárach agus iad ag imirt i gcoinne Phanama. D’fhéadfadh foireann Gareth Southgate áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile má bhuann siad i Nizhny Novgorod agus ba cheart go ndéanfadh, go háirithe agus Panama chomh dona sin i gcoinne na Beilge.

Sceitheadh eolas faoi fhoireann Shasana i rith na seachtaine agus is cosúil go mbeidh Marcus Rashford ag imirt ag Southgate in áit Raheem Sterling. Ní raibh aon anam in imirt Shasana i gcoinne na Túinéise ach fad is atá Harry Kane ag imirt go maith, níor chóir go gcuirfeadh foirne leithéidí Phanama aon mhairg orthu.

Fág freagra ar 'AN RÚIS 2018: Naomh Isco Ghleann Dá Loch agus iontais eile ó Chorn an Domhain'