An Rúis 2018: Na scéalta is aistí agus is iontaí ó Chorn an Domhain

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ón Rúis, mar a bhfuil Corn an Domhain 2018 faoi lán seoil

An Rúis 2018: Na scéalta is aistí agus is iontaí ó Chorn an Domhain

Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Ciceanna Saora

Cé nach bhfuil an tseachtain féin caite go fóill, tá níos mó cúl ó chiceanna saora scóráilte sa Rúis cheana féin ná mar a scóráladh i rith an chomórtais uile sa Bhrasaíl ceithre bliana ó shin.

Tá ceithre chúl ó chiceanna saora anois scóráilte ag Corn an Domhain 2018, ceann an duine ag Juanfer Quintero (An Cholóim), Aleksandar Kolarov (An tSeirbia), Cristiano Ronaldo (An Phortaingéil) agus Aleksandr Golovin (An Rúis).

Níor scóráladh ach trí cinn sa 64 cluiche a imríodh ag Corn an Domhain sa Bhrasaíl ach tá píosa fada le dul más faoi naoscairí na bliana seo curiarracht 2006 agus 2002 a shárú – 9 cic saor a scóráladh na blianta sin.

Tionchar VAR le feiceáil cheana féin

Pé rud faoi na ciceanna saora, gach seans gur ag an gcomórtas seo a bhronnfar an méid is mó ciceanna éirice riamh ag Corn an Domhain. Tá tionchar na réiteoireachta físchuidithe, nó VAR, le feiceáil cheana féin agus, gan ach an chéad bhabhta cluichí imeartha. Tá beagnach an oiread céanna ciceanna éirice bronnta sa Rúis agus a bronnadh sa chomórtas go léir sa Bhrasaíl ceithre bliana ó shin.

Bronnadh naoi gcic éirice sa chéad 14 cluiche de chomórtas na bliana seo, i gcomparáid le ceithre cinn san achar céanna ag Corn an Domhain 2014.

Cheana féin i mbliana tá leas bainte as VAR chun ciceanna éirice a bhronnadh ar an bhFrainc, ar Pheiriú agus ar an tSualainn. Bronnadh 13 cic éirice san iomlán sa Bhrasaíl ceithre bliana ó shin agus tá sé ionann is cinnte go mbeidh níos mó ná sin i gceist roimh dheireadh Bhabhta na nGrúpaí i mbliana.

Cé go bhfuil ardú tagtha ar líon na gciceanna éirice, níl ardú tagtha ar líon na gcártaí dearga atá feicthe againn. Ba é Carlos Sanchez na Colóime an chéad imreoir ar taispeánadh cárta dearg dó sa chomórtas nuair a leag sé lámh ar an liathróid agus gan ach trí nóiméad imeartha ina gcluiche in aghaidh na Seapáine inné.

An tSeineagáil ag seasamh an fhóid don Afraic

Bhí ar fhoirne na hAfraice fanacht go dtí an cluiche deireanach sa chéad bhabhta chun a gcéad bhua a fháil. Bhuaigh an tSeineagáil 2-1 ar An Pholainn i nGrúpa H, an chéad fhoireann ón Afraic a bhuaigh cluiche ag Corn an Domhain 2018.

Chuir na foirne eile ón Afraic drochthús leis an gcomórtas mar chaill an Nigéir, Maracó, An Éigipt agus An Túinéis a gcluichí.

Tá an oiread céanna cluichí buaite ag foirne na hAfraice agus atá ag na foirne ó Mheiriceá Theas. Foireann Uragua an t-aon fhoireann ón mórthír sin a bhuaigh cluiche sa chéad bhabhta, agus cúl sa nóiméad deireanach a chinntigh an bua sin dóibh. Theip ar phéire de na foirne móra, An Bhrasaíl agus An Airgintín a gcluichí a bhuachan agus chaill Peiriú agus An Cholóim ina gcluichí féin.

As na foirne ón Áise a bhain áit amach sa chomórtas, bhuaigh an tSeapáin agus an Iaráin agus chaill an Chóiré Theas agus an Araib Shádach. Is iad Meicsiceo an t-aon dream ó Mheiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir a bhuaigh a gcéad chluiche. Theip ar Chósta Ríce agus Panama, mar a theip ar an Astráil, an t-aon fhoireann Aigéineach a bhain áit amach sa Rúis.

Maidir leis na foirne Eorpacha, níor chaill go dtí seo ach dhá cheann acu, an Pholainn agus An Ghearmáin.

Súil ar an mbosca

Bhí gach duine iontach múinte ar RTÉ go dtí seo agus an chuma ar chách go bhfuil siad sona sásta go bhfuil Corn an Domhain ar siúl agus go bhfuil siad i mbun anailíse air.

Buíochas le Dia mar sin go bhfuil Roy Keane le feiceáil ar ITV.

Mar is iondúil, níor aontaigh Keane le mórán dá raibh le rá ag a chomhghleacaithe agus iad i mbun anailíse ar bhua na Cróite ar an Nigéir. Bhí Keane den tuairim nach raibh an Chróit chomh maith agus a mheas Bilic, iarbhainisteoir na foirne.

Chaith Keane sáiteán le Bilic agus le Lee Dixon nuair a dúirt sé go mbíodh sé féin cinnte dá áit ar pé foireann a mbíodh sé ag imirt leo, rud nach bhféadfaí a rá faoin mbeirt eile.

Ní fios cén fáth go raibh strainc chomh mór sin ar Keane le linn an chláir – ní ghlacann sé mórán chun olc a chur air– ach ní gá a bheith i do shaineolaí ar an gcomharthaíocht choirp lena dhéanamh amach nach dtaitníonn sé rómhór le Keane nuair a leagann Bilic a lámh ar ghualainn an Chorcaígh.

B’fhéidir go mbeadh sé ina Saipan eile againn ar ITV gan mhoill.

Fág freagra ar 'An Rúis 2018: Na scéalta is aistí agus is iontaí ó Chorn an Domhain'