An Rúis 2018: An ‘Cruyff Turn’, an ‘Sombrero’, an ‘Delap’…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ón Rúis, mar a bhfuil Corn an Domhain 2018 faoi lán seoil

An Rúis 2018: An ‘Cruyff Turn’, an ‘Sombrero’, an ‘Delap’…
Cúl báire na hÉigipte, Essam El-Hadary

Seanfhondúir ag déanamh gaisce don Éigipt

Is é Essam El-Hadary an t-imreoir is sine riamh a d’imir ag Corn an Domhain tar éis dó imirt sa chúl i gcluiche na hÉigipte i gcoinne na hAraibe Sádaí Dé Luain. 45 bliain d’aois atá El-Hadary, dhá bhliain níos sine ná Faryd Mondragon na Colóime, a ndeachaigh a ainm sa Táin nuair a d’imir sé sa chúl ag Corn an Domhain 2014.

Ní hamháin gur bhain El-Hadary áit amach sa stair i rith na seachtaine ach rinne sé gaisce ar an bpáirc chomh maith. Bronnadh cic éirice ar an Araib Shádach sa chéad leath ach rinne El-Hadary sábháil den scoth chun iarracht Fahad Al-Muwallad a stopadh.

Faraor, ní raibh sé in ann tada a dhéanamh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a bronnadh cic éirice eile ar an Araib Shádach, cic a shlánaigh Ahmed Fathi. Chuaigh rudaí in olcas ar fad do El-Hadary agus don Éigipt níos deireanaí sa chluiche nuair a ghéill siad cúl in am cúitimh a chinntigh an bua don Araib Shádach.

 

Rory Delap. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Scileanna an tsacair – An ‘Cruyff Turn’, an ‘Sombrero’, an ‘Delap’…

Fuair an Íoslainn caitheamh isteach agus iad ar an ionsaí díreach roimh leath ama in aghaidh na Cróite an lá eile. Arsa tráchtaire an BBC, Simon Brotherton, linn: ‘Féadaimis a bheith ag súil le ‘Rory Delap’ anseo’. Dúirt Brian Kerr an rud céanna nuair a bronnadh caitheamh isteach sa chluiche idir an Airgintín agus an Nigéir. Ar ndóigh, an rud a bhí i gceist acu ná caitheamh isteach an-fhada den chineál a thuill cáil do Delap na hÉireann nuair a bhíodh sé ag imirt i Sasana agus don tír seo. De bhunadh Dhún na nGall Delap agus tá gaol aige le Breandán Delap, an t-iriseoir aitheanta ó Nuacht TG4.

Is annamh a ainmnítear cleas sa sacar as imreoir agus is dócha gurb é an ceann is cáiliúla ar fad acu ná an ‘Cruyff turn’, an cleas a luaitear le draíodóir na hOllainne, Johan Cruyff.

Ach ní hé Rory Delap an t-aon imreoir de bhunadh Dhún na nGall a bhfuil cleas ainmnithe ina dhiaidh. Tá an ‘McGeady spin’ ann chomh maith, atá ainmnithe as cleas de chuid Aiden McGeady arbh as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall a sheanmhuintir.

Cá bhfios ach go bhfeicimid an ‘McGeady spin’ roimh dheireadh an chomórtais? Pé scéal é, a bhuíochas de chumas neamhghnách Rory Delap an liathróid a chaitheamh píosa an-fhada, tá Éireannach amháin á lua sa Rúis.

 

Mallacht Messi

Tharla eachtra dheas idir Lionel Messi agus an t-iriseoir Airgintíneach Rama Pantorotto tar éis do na hAirgintínigh a gcosa a thabhairt leo in aghaidh na Nigéire Dé Céadaoin.

Roimh thús an chomórtais, thug Pantorotto briocht do Messi. Dúirt an t-iriseoir gur iarr a mháthair air an briocht a thabhairt do Messi chun go gcuirfeadh sé an t-ádh air sna cluichí a bhí le teacht.

Chas Messi agus Pantorotta ar a chéile arís i ndiaidh an bhua i gcoinne na Nigéire. D’fhiafraigh Pantorotta den pheileadóir an raibh an briocht aige nó an raibh sé caite uaidh aige agus thaispeáin Messi dó é agus é á chaitheamh ar a rúitín clé, rud a thaitin go mór le Pantorotto.

Anois, níl muid ag rá gur cheart do Messi an briocht a chaitheamh sa mbosca bruscair ar an bpointe ach níl an chuma ar an scéal gur chuidigh sé chomh mór sin go dtí seo.

Tugadh an briocht dó roimh an gcluiche i gcoinne na hÍoslainne. Chuir Messi cic éirice amú lena chos chlé sa chluiche sin. An t-aon chúl atá scóráilte aige go dtí seo sa chomórtas, an ceann i gcoinne na Nigéire, is lena chos dheas a bhuail sé an liathróid.

Má tá tada déanta ag Mamma Pantorotto, is amhlaidh atá mallacht curtha aici ar chos chlé Messi.

Fág freagra ar 'An Rúis 2018: An ‘Cruyff Turn’, an ‘Sombrero’, an ‘Delap’…'