An rugbaí in umar na haimiléise san Astráil in ainneoin ghaiscí Cheika

B’fhéidir go mbuafaidh gliceas Mhichael Cheika Corn Rugbaí an Domhain fós don Astráil, ach ní móide gur leor sin chun an cluiche a thógáil as poll sa tír faoi thoinn

2015 Rugby World Cup Group A, Twickenham, London, England 3/10/2015 England vs Australia Australia’s head coach Michael Cheika before the match Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland
©INPHO/Billy Stickland

Má cheap tú go mba mhó den fhaoiseamh ná de na sceitimíní a bhí le brath ar Matt Williams agus é i mbun ainilíse do TV3 an tseachtain seo caite ar bhua a thíre dhúchais, an Astráil, ar Shasana i gCorn Rugbaí an Domhain, bhí an ceart ar fad agat.

Sula dtáinig Williams mar chóitseálaí ar Chúige Laighean i 1999 agus ina dhiaidh sin ar Albain agus ar Chúige Uladh, bhí sealanna caite aige i mbun na hoibre sin le foirne club agus idirnáisiúnta ina thír dhúchais, rud a fhágann tuiscint faoi leith aige ar an ngéarchéim ina bhfuil an cluiche san Astráil, ainneoin babhtaí ceathrú ceannais an Choirn Domhanda a bheith sroichte acu sular himríodh cluichí na deireadh seachtaine seo beag ná mór.

Ba sa gcluiche sin in aghaidh na Sasanach a rinne na hAstrálaigh an imirt ba shlachtmhaire a bhí feicthe go dtí sin sa gcomórtas agus scóráil siad cúpla úd a bhí ar an gcaighdeán ab airde. Tharlódh fós gur acu a bheas an bua, ach tuigeann Williams nach ndéanfaidh sin ach uair na cinniúna a chur ar athlá, mar nach leis an bhfoireann idirnáisiúnta a bhaineann an fhadhb, ach le struchtúr an chluiche ó bhonn, i dtír ina raibh sé mar phríomhspórt inti go dtí le blianta beaga.

Cúpla seachtain sular thosaigh Corn an Domhain, scríobh Williams ina cholún san Irish Times : “Australian rugby is on its knees. The full extent of the problems in the heartland of Australian rugby will not be seen for another five years. Like the problems in the sub-prime market, before the crash in the global financial crisis, the heartland of Australian rugby is structurally and culturally gravely ill.

Airgead nó a easpa is cúis leis, céard eile? Sin mar aon le spórtanna eile atá i gcomórtas leis an rugbaí a bheith eagraithe agus riartha ar bhealaí níos fearr. Ní chuidíonn sé leis an scéal ach an oiread go bhfuil na tíortha eile ina bhfuil an spórt láidir chomh fada sin ó bhaile – cé is móite den Nua-Shéalainn.

Bhí caillteanas $6.3 milliún ar an Australian Rugby Union (ARU) an bhliain seo caite. Is measa ná sin a bheidh an scéal i 2015 mar go bhfágann Corn an Domhain nach raibh deis acu oiread cluichí dúshláine a imirt, rud a chuireann toirt sa sparán blianta eile. Cheana féin, tá laghdú 20% déanta ar phá na n-imreoirí idirnáisiúnta. Is amhlaidh cás dóibh siúd eile a bhfuil conarthaí acu leis na 5 fhoireann club atá sa tír agus a bhíonn san iomaíocht sa gcomórtas Super Rugby sa Leathsféar Theas, i dteannta 5 fhoireann as an Nua-Shéalainn agus 5 cinn eile as an Afraic Theas.

Is deacair a leithéid de chomórtas a shamhlú, ní áirim a riaradh, agus ní hiontas gur caillteanas atá ar chuile cheann d’fhoirne na hAstráile, cé is móite de na Queensland Reds a imríonn i mBrisbane.

Go fiú laistigh de theorainneacha a dtíre féin, bíonn aistear 4,300 cileméadar ar na Reds dul go Perth le n-imirt i gcoinne Western Force. An bhliain seo caite tar éis don Force aistear 3,500K a dhéanamh go Canberra, beagán le cois 11,000 duine a tháinig chuig an gcluiche idir iad agus na Brumbies.

Ansin, ar ndóigh, beidh dornán cluichí le n-imirt acu sa Nua-Shéalainn agus dornán eile 11,000K ó bhaile san Afraic Theas.

Sna cearta teilifíse, ar ndóigh, atá na huibheacha óir do na heagraíochtaí spóirt ar fud an domhain na leathanta seo, ach faraor don ARU, tá an lucht féachana á dtréigeadh ar na scáileáin chomh maith le ag na geataí.

Ar an bpeil Astrálach is mó atá tóir ar an teilifís, cruicéad ina dhiaidh sin, leadóg, Rugby League, snámh, sacar agus fiú an rothaíocht chun cinn ar an Rugby Union. Fágann sin, ar ndóigh, gur mó i bhfad airgid a fhaigheann na heagraíochtaí peile eile ar a gcuid cearta teilifíse féin ná a fhaigheann an ARU, a fuair $25 i mbliana i gcomparáid le $40 milliún do lucht an tsacair, $200 milliún don Rugby League agus $250 milliún do lucht na Peile Astrálaigh.

Mórán mór an leagan amach céanna atá ar choinníollacha fostaíochta na n-imreoirí Astrálacha sa Super League agus atá ag imreoirí na gcúigí sa tír seo – conradh leis an gclub agus breis airgid ag dul dóibh siúd atá ar an bhfoireann idirnáisiúnta.

Ach, tá srian ar an méid is féidir leis na clubanna a íoc mar thuarastal sa mbliain ($5 mhilliún ina iomláine) agus i mbliana laghdaíodh de $3,000 an táille a íoctar as cluiche a imirt don Astráíl.

Tá cuid de na himreoirí sa Super League nach bhfuil ag tuilleamh mórán le $60,000 sa mbliain – fuair cúlaí na hAstráile Matt Giteau an méid sin in aghaidh na míosa nuair a d’fhág sé na Brumbies le gabháil chuig Toulon cheithre bhliana ó shin.

De réir na rialacha a bhí i bhfeidhm ag an am, d’fhág a imeacht nach bhféadfadh sé imirt don Astráil níos mó, ach, agus é ag ullmhú do Chorn an Domhain, d’áitigh cóitseálaí nuacheaptha na foirne idirnáisiúnta, Michael Cheika, ar na húdaráis an scéal sin a athrú ina dtaobh siúd a raibh os cionn 60 cluiche idirnáisiúnta imeartha acu agus ba é Giteau a scóráil an t-úd deireanach a fuarthas in aghaidh Shasana seachtain ó shin.

B’fhéidir go mbuafaidh gliceas Cheika Corn Rugbaí an Domhain fós don Astráil, ach ní móide gur leor sin chun an cluiche a thógáil as poll sa tír faoi thoinn.

 

Fág freagra ar 'An rugbaí in umar na haimiléise san Astráil in ainneoin ghaiscí Cheika'