‘An rud is mó a bhfuil mé ag súil leis in 2023? Más féidir liom a bheith ag brionglóid ar feadh soicind…na hOscars!’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2023 le Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir an mhórscannáin Gaeilge 'An Cailín Ciúin', scannán atá ar an ngearrliosta d'ainmniúchán Oscar

‘An rud is mó a bhfuil mé ag súil leis in 2023?  Más féidir liom a bheith ag brionglóid ar feadh soicind…na hOscars!’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2023?

Ba mhaith liom dul ag snámh níos mó agus níos mó sosa agus scíthe a ligean.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Más féidir liom a bheith ag brionglóid ar feadh soicind…na hOscars!

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Ag breith suas le mo chuid páipéarachas.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Pósadh mo dheirféar céile, Caitríona agus a fiancé, Simon!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2023?

Mo bhuachaillí beaga, Diolun agus Rian. Beidh Rian ag tosú ar an mbunscoil agus beidh Diolun ag tosú ar Rang a 1 i mí Mheán Fómhair 2023.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2023?

Tús a chur le scannán eile!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2023, céard a d’athrófá?

Líon na ndaoine atá gan dídean a laghdú.

Fág freagra ar '‘An rud is mó a bhfuil mé ag súil leis in 2023? Más féidir liom a bheith ag brionglóid ar feadh soicind…na hOscars!’'