An rud is measa faoin uaigneas ná go minic bíonn an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach rud ina cheart

Labhair ár gcolúnaí le fear as a baile dúchais atá ag iarraidh dlús a chur leis an bhfeachtas #CallThemForaCuppa, a d’eagraigh Cumann Sheideanna Fear na hÉireann

An rud is measa faoin uaigneas ná go minic bíonn an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach rud ina cheart

An lá cheana fuair mé teachtaireacht ‘WhatsApp’ gan choinne ó fhear as Bealach an Doirín, mo bhaile dúchais. Ba é sin Pat Towey, fear gnó áitiúil a bhí ag iarraidh dlús a chur leis an bhfeachtas #CallThemForaCuppa, a d’eagraigh ‘Irish Men’s Sheds.’

D’inis sé scéal nó dhó dom a léirigh fadhb an uaignis, i saol seo an ‘víris Corona.’

Labhair mé le Pat cúpla bliain ó shin agus scríobh mé faoin bhfadhb anseo an uair sin. Ach na laethanta seo tá an diabhal de víreas tar éis an scéal a chur in olcas ar fad.

Tóg an fear a thiomáineann fhad leis an stáisiún peitril. Ach ní thagann sé isteach agus ní cheannaíonn sé aon ní. Fanann sé sa charr páirceáilte sa chlós. Suas le trí uair an chloig go minic.

‘Cén fáth a ndéanann sé é sin?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Toisc go n-airíonn sé sábháilte. Tá a fhios aige nach dtarlóidh tada dó an fhad is a bheas sé sa charrchlós.’

‘Tá na fir i gcruachás faoi láthair. Scoite amach óna chéile, gan mórán scil acu sa teicneolaíocht nua – ní oibreodh leithéidí ‘WhatsApp’ anseo.’

‘Ceapann daoine go dtagann na fir anseo le haghaidh obair cheardaíochta. Ní fíor é sin go hiomlán,’ a dúirt Pat liom. ‘Tagann daoine anseo den chuid is mó, ar son an chomhluadair.’

‘Cuid acu, ní labhraíonn siad mórán. Ach éisteann siad. Agus braitheann siad an comhluadar thart orthu.’

Fadhb mhór nua is ea an t-eolas míchruinn – scaiptear scéalta go sciobtha fiú amháin sna meáin sheanbhunaithe ar nós páipéir is raidió. Scaipeadh scéal amháin faoi cheantar a bhí ‘scriosta’ ag an víreas corónach. Ach ní raibh bunús ar bith leis an scéal.

Agus ‘Seideanna na bhFear’ ag troid in aghaidh an uaignis, déanann scéalta mar sin an-dochar ar fad, dar le Pat.

‘Is fada an t-achar idir seo agus Meán Fómhair,’ arsa Pat, ‘agus muide ag streachtailt ag iarraidh daoine a choinneáil le chéile.’

Bhí an tuairim ann go mb’fhéidir go leanfadh an ‘ghéarchéim’ go dtí an fómhar.

An rud is measa faoi fhadhb seo an uaignis ná go bhfuil sí dofheicthe. Go minic bíonn an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach rud ina cheart.

Tóg an fear sa charr ag stáisiún an pheitril, mar shampla.

Féach ansiúd é. Ní seanfhear é. Tá carr aige, nach bhfuil? Agus má tá fonn néal codlata air ar feadh tamaillín, cén dochar?

Bhí post maith aige ach tá sé ar a phinsean anois. Bhásaigh a mháthair agus gaolta eile leis agus fadhbanna meabhairghalair acu. Tá beagán de sin ag goilliúint air féin.

Fanann sé páirceáilte ag siopa an pheitril ar feadh cúpla uair an chloig. Tugann Pat cupán caife amach chuige.

Agus nuair a fhilleann sé ar an mbaile? Tá sé ina chónaí i dteach atá roinnte idir ceathrar fear. Is beag cainte a dhéanann siad lena chéile.

An lá cheana, bhí coinne aige le duine a bhí le hinstealladh a tabhairt dó. Bhí an gléas ceannaithe aige sa chógaslann agus é réidh don chúram sin. Níor tháinig an duine eile.

‘Anois ní raibh ansin ach rud beag, shílfeá,’ a dúirt Pat. ‘Ach chuir sé trína chéile ar fad é.’

Tá Pat anois ina oibrí tacaíochta deonach leis an mhóreagraíocht ‘Irish Men’s Sheds’. Tá 29 oibrí tacaíochta ar nós é féin anois ann agus bíonn cruinniú seachtainiúil acu ar ‘Zoom’.

Nuair a labhair mé le Pat dhá bhliain ó shin, bhí an ‘seid’ i mBealach an Doirín ag bailiú airgid go tréan chun áit nua a chóiriú dóibh féin.

Ag an am, bhí mise ag déanamh iontais den dúshlán mór a bhí rompu an t-airgead a theastaigh uathu a bhailiú. Muintir na háite den chuid is mó a thacaigh leo.

Ina phingineacha beaga a bailíodh é. Lá amháin fuair sé glaoch ó fhear a raibh fondúireacht carthanachta aige. D’fhéadfadh sé cuidiú leo ach bhí ‘ceangal’ de shórt éigin ag teastáil.

Fuaireadar amach go raibh beirt uncaileacha leis sa seid. Thug sé €3,000 dóibh.

‘Cheannaigh muid ceardlann oibre agus an trealamh ab fhearr a d’fhéadfaí a fháil ann,’ arsa Pat.

Ach mheabhraigh sé dom go bhfuil béim acu ar rud eile seachas ceardaíocht anois. ‘Nuair a thosaigh muid bhíomar ag smaoineamh ar dhaoine a choinneáil gnóthach,’ arsa seisean. ‘Anois is ag smaoineamh ar dhaoine a choinneáil le chéile a bhímid.’

Sin é atá taobh thiar den iarracht mhór nua ‘#CallThemForaCuppa. Iarrann siad ar dhaoine glaoch gutháin a dhéanamh ar dhuine atá leo féin, atá i gcontúirt ag an uaigneas.

D’fhéadfadh sé gur comharsa leat an duine sin, nó duine muinteartha, nó cara b’fhéidir. Tá an baol ann leis an víreas corónach agus daoine ag coinneáil amach ón saol atá thart orthu, go mbuailfeadh an t-uaigneas go dona iad.

Is í an chomhairle a thugann lucht na ‘Men’s Sheds’ ná – déan cupán tae, suigh síos agus cuir glaoch ag rá leis an duine eile – ‘rinne mé cupán tae agus smaoinigh mé ort, cén chaoi a bhfuil tú?’.

Go minic ní bhíonn mórán fonn cainte ar na daoine sin.

Ach is breá leo an teagmháil dhaonna. Ní bhíonn uathu ach glór an duine eile a chloisteáil.

‘Is é an fáth go n-éiríonn go maith leis an ngluaiseacht seo ná gur rud simplí é,’ arsa Pat. ‘Téann na fir go dtí an seid agus is breá leo é. Ná hiarr ar na fir seo dul chuig ‘health centre’. Ní dhrannfaidís leis.’

Tá idir iarpheileadóirí, bainisteoirí foirne peile, amhránaithe ceol tíre agus daoine eile ag cabhrú leis an bhfeachtas náisiúnta seo.

Féach faoi #CallThemForaCuppa agus feicfidh tú an tacaíocht atá acu.

Smaoinigh ar an bhfear sa charr. Nár bhreá leis siúd glaoch gutháin a fháil ag fiafraí ‘Cén chaoi a bhfuil tú – bhí mé ag smaoineamh ort agus mé ag déanamh braon tae’?

#CallThemForaCuppa

@IrishSheds agus ar Facebook: Irish Men’s Sheds Association

Fág freagra ar 'An rud is measa faoin uaigneas ná go minic bíonn an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach rud ina cheart'