An Roinn Sláinte ag obair ar phasanna vacsaíne a chur ar fáil i nGaeilge

Fianaise a bheidh i ‘Deimhnithe Glasa Digiteacha’ an AE go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19

An Roinn Sláinte ag obair ar phasanna vacsaíne a chur ar fáil i nGaeilge

Tá geallta ag an Roinn Sláinte go mbeidh leagan Gaeilge ar fáil de na ‘pasanna vacsaíne’ atá le heisiúint amach anseo ag ballstáit an Aontais Eorpaigh.

Cé gur thug urlabhraí ón Roinn Sláinte le fios do Tuairisc.ie gur faoin Aontas Eorpach a bheadh sé na Deimhnithe Glasa Digiteacha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, thug an Coimisiún Eorpach le fios gur ar rialtas na hÉireann a bhí an dualgas sin.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an Roinn Sláinte arís faoin scéal, dúradh go raibh sé “ar intinn ag an Roinn leaganacha Gaeilge agus Béarla de na teastais a chur ar fáil”.

Tagann geallúint na Roinne Sláinte sna sála ar chonspóid faoi na deacrachtaí a bhí ag daoine clárú don vacsaín i nGaeilge.

Ní féidir clárú don vacsaín ar líne i nGaeilge go fóill, teip atá á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga. Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte rogha na Gaeilge ar fáil ar roghchlár réamhthaifeadta a líne cabhrach do dhaoine atá ag iarraidh clárú do vacsaín ar an bhfón.

Gheall an Roinn Sláinte mí na Nollag go gcuirfí gach eolas faoin vacsaín ar fáil i nGaeilge. Gealladh chomh maith go gcuirfí an t-eolas i nGaeilge ar fáil an t-am céanna a bhfoilseofaí i mBéarla é.

Chuir Conradh na Gaeilge, a d’ardaigh ceist na bpasanna vacsaíne leis an Aire Sláinte, fáilte roimh an scéal go bhfuil siad le heisiúint i nGaeilge agus i mBéarla.

Fianaise a bheidh sna Deimhnithe Glasa Digiteacha go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19, nó go bhfuil toradh tástála diúltach faighte aige, nó go bhfuil sé tagtha chuige féin ó Covid-19.

Tá sé i gceist go mbeadh sé níos éasca ag saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh saorghluaiseacht shábháilte a dhéanamh laistigh den Aontas le linn phaindéim Covid-19 ach an pas seo a bheith acu. 

Beidh siad ar fáil saor in aisce do shaoránaigh i ngach ballstát den Aontas i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir agus beidh siad ar fáil sa teanga náisiúnta agus sa Bhéarla.

Tá ráite ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil dualgas ar na ballstáit féin na pasanna a chur ar fáil ina dteangacha náisiúnta.

“Cé go bhfuil airteagal sa rialachán (mar atá sé) maidir le sonraíochtaí teicniúla (Airteagal 8), le hidir-inoibritheacht agus araile a chinntiú, is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as na deimhnithe a eisiúint (na leaganacha teanga san áireamh).”

Fág freagra ar 'An Roinn Sláinte ag obair ar phasanna vacsaíne a chur ar fáil i nGaeilge'

  • Agus Sin Sin

    Seafóid amach is amach. Táthar le Gaeilge a chur ar cháipéis do thaisteal idirnáisiúnta, áit nach mbeidh údaráis in ann an cháipéis Ghaeilge a thuiscint…. seachas an t-airgead seo a úsáid le Gaeilge a chur ar an tsuíomh idirlín do choinní vacsaíne nó na fógraí laethúla ón Roinn Sláinte agus an HSE do phobal Gaeilge na tíre seo, áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt. Cé atá i bhfeighil na gcinntí uafásacha seo.

  • Pól Ó Braoin

    “Tá ráite ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil dualgas ar na ballstáit féin na pasanna a chur ar fáil ina dteangacha náisiúnta.”
    Bhuel sin deimhniú agus dearbhú go gcuirfear na doiciméid ar fáil i mbéarla amháin, teanga náisiúnta an stáit seo.