An Roinn Oideachais ‘i mbun réamhphleanála’ do pholasaí náisiúnta don Ghaeilge

Dúirt an tAire Norma Foley go bhfuil ‘obair leanúnach’ ar bun ag a Roinn chun an polasaí nua a fhorbairt ach ní dúirt cén uair a bheadh an obair sin curtha i gcrích

An Roinn Oideachais ‘i mbun réamhphleanála’ do pholasaí náisiúnta don Ghaeilge

An tAire Oideachais Norma Foley. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá an polasaí cuimsitheach atá geallta ag an Rialtais do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge fós ag céim na réamhphleanála, a deir an tAire Oideachais.

Dúirt an tAire Norma Foley go bhfuil “obair leanúnach” ar bun ag a Roinn chun an polasaí nua a fhorbairt ach ní dúirt cén uair a bheadh an obair sin curtha i gcrích.

Bhí an polasaí ar cheann de na gealltanais a tugadh sa chlár rialtais a foilsíodh mí an Mheithimh seo caite.

Dúradh go dtabharfaí isteach polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ar fad, ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint na múinteoirí do gach cineál scoile.

“Tá obair leanúnach ar siúl ag mo Roinn le réamhphleanáil ar na céimeanna atá ag teastáil chun polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt,” arsa an tAire Foley.

Dúirt sí go raibh súil aici “an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn chun tógáil ar na torthaí dearfacha atá bainte amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a láidriú”.

Dúirt sí go mbeadh sí ag obair “leis na páirtithe leasmhara ábhartha éagsúla” ar an “obair thábhachtach seo”.

Dúirt an tAire Foley an méid sin i bhfreagra ar cheist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh uirthi. D’fhiafraigh an Teachta den Aire cén dul chun cinn a bhí déanta maidir leis an bpolasaí agus cén uair a fhoilseofaí é.

Tá éileamh ar pholasaí náisiúnta don ghaeloideachas ann le fada agus bhí sé ar cheann de phríomhéilimh Chonradh na Gaeilge ar na páirtithe roimh an olltoghchán anuraidh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, cheana gur “easnamh mór é” nach raibh a leithéid de pholasaí náisiúnta ann don Ghaeilge a chuimseodh gach gné den teanga sa chóras oideachais, idir theagasc agus foghlaim.

Chomh maith leis an bpolasaí don Ghaeilge, gealladh freisin sa chlár rialtais go ndéanfaí líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á fháil acu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana agus go gcuirfí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil san áit a bhfuil ‘éileamh láidir’ ar a leithéid.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais ‘i mbun réamhphleanála’ do pholasaí náisiúnta don Ghaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní shlogfainn é sin gan chogaint. Ar labhair Norma Foley leis an Aire Ardoideachais Simon Harris? D’fhoilsigh seisean Straitéis a Roinne le deanaí gan focal Gaeilge nó tagairt ar bith don Ghaeilge ann. An bhfuil an bheirt Airí seo sa rialtas céanna nó fiú ar an bpláinéad céanna?