An rógaire an rogha cheart mar chaptaen na hEorpa

Roghnaíodh Clarke mar chaptaen na hEorpa do Chorn Ryder na bliana seo chugainn. Leis an taithí agus an phearsantacht atá aige, ba é an rogha cheart é

Darren Clarke celebrates with champagne at the clubhouse 24/9/2006
Captaen nua na hEorpa, Darren Clarke, ag ceiliúradh tar éis an bhua ag an K Club i 2006. INPHO/Morgan Treacy

 

An tseachtain seo caite, bhí súile lucht ghailf an domhain ag fanacht ar fhocal ó Wentworth, ceanncheathrú an European Tour. Istigh sna hoifigí sin, bhí coiste ag déanamh cinnidh faoi cé dhó ar cheart ceannas ar fhoireann na hEorpa a thabhairt le haghaidh Chorn Ryder, 2016.

Ar an taobh eile den domhan, bhí Darren Clarke ag imirt i gcomórtas san Afraic Theas. Gach seans nach raibh Clarke ag feitheamh ar an nglaoch mar, ar an gcéad dul síós, ní dual dó a bheith neirbhíseach ná ró-imní a dhéanamh faoi na cúrsaí seo.Ar an dar dul síos, nuair a tháinig an scéal ní cúis iontais d’éinne a bhí ann gurb é Clarke captaen nua foireann na hEorpa.

Bhí ainm Clarke á cur chun cinn le fada don phost seo. Bhí Paul McGinley, an t-aon Éireannach eile a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann, ar an gcoiste. Níl an caidreamh idir McGinley agus Clarke chomh cairdiúil agus a bhí ach chuir McGinley é sin go leataobh mar go raibh a fhios aige gurb é Clarke an fear is fearr don chúram.

Chomh maith leis sin, bhí tacaíocht na n-imreoirí aige. Mar Ultach, agus mar chara, bhí Clarke i gcónaí in ann brath ar thacaíocht Graeme McDowell agus, níos tábhachtaí, Rory McIlroy. In éineacht leo siúd, chuir an bheirt Sasanach, Ian Poulter agus Lee Westwood, ainm Clarke chun cinn.

Cé go raibh sé tábhachtach tacaíocht cuid de na himreoirí a bheith aige, seasann cáil agus gaiscí Clarke mar galfaire leo féin. Tá a dhóthain déanta aige mar imreoir chun go mbeadh aige meas na n-imreoirí eile, idir Eorpaigh agus Mheiriceánaigh.

I 2000, bhuaigh Clarke a chéad Chraobh Gailf Domhadan, comórtas a bhfuil an-mheas acu air i Meiriceá. Ba é an daloi mullaigh ar an scéal gurb ar Tiger Woods a fuair sé an ceann is fearr i gcluiche ceannais an chomórtais sin. Bhuaigh Clarke ceann eile i 2003 agus díreach nuair a bhreathnaigh sé go raibh a chlú agus a chumas ag meath, bhuaigh sé ceann de na mórchomórtais, an Open i 2011.

Fós féin, is le Corn Ryder is mó a cheanglaítear Clarke. Dá mbeadh an próiseas roghnúcháin bunaithe ar éachtraí sa chomórtas sin amháin, dhéanfadh ceapachán Clarke níos mó céille fós.

Nuair a chuirtear é i gcomparáid leis na fir a bhí ina gcoinne, Miguel Ángel Jiménez agus Thomas Bjørn, beirt fhear a raibh an-rath orthu i gCorn Ryder, níl aon dabht ach gurb é Clarke fós an rogha is feiliúnaí.

Mar imreoir bhí sé páirteach i gcúig cinn de Choirn Ryder ó 1997 go dtí 2006, é ar an bhfoireann bhuacach a thug leo an chraobh ceithre huaire in imeacht na tréimhse sin. Ní dhéanfar dearmad go deo ar a chuid iarrachtaí i 2006, nuair a bhuaigh sé trí phointe i dtrí chluiche, díreach sé seachtaine tar éis bhás a bhean, Heather, le hailse.

Fágadh ar an trá fholamh é i 2008 nuair nár phioc Nick Faldo é don fhoireann, rud a chuireann isteach ar Clarke fós. Seans go raibh sé níos fearr aige fanacht amach ón gcomórtas an bhliain sin, áfach, mar bhí fíor-dhrochimirt ag na hEorpaigh an bhliain sin agus glactar leis go raibh Faldo ar an gcaptaen ba mheasa a bhí ag an bhfoireann le blianta.

I 2010, agus arís i 2012, ainsmníodh Clarke mar leaschaptaen Colin Montgomerie agus Jose Marie Olazábal faoi seach. Bhauigh foireann na hEorpa an dá uair.

Is cinnte go bhfuil an taithí ag Clarke anois, ach céard faoin bpearsantacht? Cé go bhfuil cáil air mar rógaire agus fear ragairne – bhí sé fós leathchaochta nuair a labhair sé leis an bpreas an mhaidin tar éis an Open a bhuachan – ach tá baois na haimsire sin fágtha ina dhiaidh aige.

Tá a stíl mhaireachtála athraithe go hiomlán aige le roinnt blianta anuas agus an oiread sin meáchain caillte aige go bhfuil tomhas 32 aige sa choim, seachas an 41 a bhíodh.

Aithnítear chomh maith gur fear é Clarke a dtéann an fearg lastuas de uaireanta, cé nach bhfeictear an taobh sin de go poiblí mórán.

Ach arís ar ais, dealraíonn sé go bhfuil sé séimhithe le roinnt blianta anuas, go háirithe ó chas sé lena bhean nua, Alison.

Tríd is tríd, mar sin, fear socair atá anois ann a bhfuil an taithí agus na tréithe cuí aige chun cúram maith a dhéanamh de dhualgais an chaptaein ar fhoireann na hEorpa.

Fág freagra ar 'An rógaire an rogha cheart mar chaptaen na hEorpa'