An Ríocht Neamhaontaithe – ré na reifreann chugainn?

Cibé dearcadh atá agat ar an mBreatimeacht, ní féidir an ghuagacht a ghabhann leis a shéanadh

An Ríocht Neamhaontaithe – ré na reifreann chugainn?

Ní raibh Príomh-Aire na Breataine, Theresa May in ann a fearg a cheilt nó b’fhéidir nár mhian léi í a cheilt. Baineadh siar aisti nuair a d’fhógair Nicola Sturgeon, an Chéad-Aire i Holyrood, gur theastaigh reifreann eile faoi neamhspleáchas na hAlban uaithi i ngeall ar an mBreatimeacht. Ní cluiche í an pholaitíocht, arsa May, ina seanmóir do Sturgeon, freagra a bhí an-chosúil leis an gceann a thugann Arlene Foster ar dhaoine i dTuaisceart Éireann ar mian leo ceangal éigin leis an Aontas Eorpach a choimeád.

Ní suim le ceachtar den bheirt bhan imní an mhóraimh, abhus agus in Albain vótáil daoine le fanacht san AE. Murach an t-athrú saoil sa Bhreatain de bharr an reifrinn ar an AE, ní bheadh Albain ag smaoineamh ar vóta eile faoi neamhspleáchas sa ngearrthréimhse. Ach tá an saol athraithe.

Agus tá an saol athraithe in Éirinn freisin.

Cibé dearcadh atá agat ar an mBreatimeacht, ní féidir an ghuagacht a ghabhann leis a shéanadh. Chomh maith leis an reifreann atá á éileamh ag páirtí náisiúnach na hAlban, tá brí agus fuinneamh úr sa bhfeachtas le haghaidh reifreann faoin teorainn i ngeall ar an éiginnteacht faoi thionchar an Bhreatimeachta in Éirinn. Dúirt ceannaire Shinn Féin i Stormont, Michelle O’Neill go raibh práinn le vóta faoin teorainn mar gur thubaiste é an Breatimeacht d’Éirinn.

Cuid eile den mheascán scéalta sin is ea an reifreann atá geallta ag an Taoiseach faoi chearta vótála i dtoghcháin na huachtaránachta don diaspora, Tuaisceart Éireann san áireamh.

Maíonn lucht staidreamh vótála go bhfuil sé inmholta go mbeadh 20% de mhóramh i bhfabhar aighneachta sula ngairfí reifreann in Albain. Níl sé sin ag Sturgeon faoi láthair cé go bhfuil seans go dtiocfaidh méadú ar an tacaíocht de bharr neamhghéilliúlacht Theresa May. Níl a leithéid de mhóramh ag na páirtithe náisiúnacha i dTuaisceart Éireann faoi láthair ach an oiread, cé go bhfuil seans go mbeidh tionchar ar an scéal ag neamhshuim na Breataine (agus an DUP) in imní na ndaoine faoi theorainn chrua.

Díol suntais is ea é ó thuaidh go bhfuil an cur chuige i leith aontú na hÉireann i measc na bpolaiteoirí ó dheas athraithe nó ag athrú i bhfianaise an Bhreatimeachta. Níor lasadh tinte cnámh, ní raibh paráidí in iarthar Bhéal Feirste, i nDoire ná fan na teorann ach bhíog roinnt mhaith daoine ar chloisteáil dóibh na tuairiscí aneas. An Taoiseach i Philadelphia ag geallúint cearta atá iarrtha ag náisiúnaithe an tuaiscirt leis na cianta agus páipéar bán faoi athaontú á gheallúint ag ceannaire Fhianna Fáil. ‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach,’ arsa fear a bhfuil na blianta caite aige ag casaoid faoi neamhshuim an deiscirt in éilimh shíochánta ‘na mbráithre scartha’ abhus.

Beidh le feiceáil chomh maith, ar ndóigh, céard iad na coinníollacha a bhainfidh le cearta vótála i dtoghchán na huachtaránachta. Gach duine a bhfuil pas Éireannach aige/aici? Daoine a rugadh ar oileán na hÉireann amháin? An ghlúin seo amháin, nó an chéad ghlúin eile? Deirtear gur 800,000 vótóir ar fad a bheadh i gceist cé gur chuala mé duine éigin ag caint faoi 10 milliún duine. Beidh go leor le beachtú. An gcaithfear srianta a chur ar chearta ionas nach gcuirfear vótáil as a riocht? Is é sin, ionas nach dtoghfar uachtarán atá doghlactha ag na daoine a bhfuil cónaí orthu go seasta sa tír.

Ba é an freagra ó aontachtaithe ar chearta vótála don diaspora nár bhain sé leo. Dúirt Tom Elliott, duine de lucht idirbheartaíochta an UUP, gur chuma fad is nach mbeadh daoine ag iarraidh a dhul ag bothanna vótála i dTuaisceart Éireann ná ag iarraidh am ar na meáin!

Amaideach, ach bhí sé lándáiríre.

Is minic a mhaítear abhus gur mian le Gerry Adams a bheith ina uachtarán ar Éirinn. An seasfadh sé in 2025? An ngríosódh sé sin aontachtaithe chun leas a bhaint as a gceart ar shaoránacht na hÉireann le vótáil ina choinne? Tá aontachtaithe ag déanamh beag is fiú den phlean faoi láthair cé gur léir go bhfuil cuid acu buartha faoi reifreann i leith na teorann; bhí Arlene Foster ag síorbhagairt le linn fheachtas an toghcháin faoin nguagacht a chothódh vóta faoin teorainn. Ar an láimh eile, bhí sí lánchinnte nach mbeadh móramh i bhfabhar aontú na hÉireann.

Baineadh croitheadh as aontachtaithe nuair a chaill siad a stádas mar mhóramh i Stormont sa toghchán an mhí seo. Is é a bhfreagra ná aontas aontachtach a éileamh, seachas athmhachnamh a dhéanamh faoi conas fóint ar an bpobal ar fad. Cúngú agus dul ar a gcosaint an t-aon fhís atá acu, ach ní leor í chun a dhul i ngleic leis na hathruithe atá ar bun.

Tá an Breatimeacht curtha ar bhonn reachtúil anois i ndiaidh an vóta i Westminster oíche Dé Luain. Is cosúil nach gcuirfear alt 50 de Chonradh Liospóin i bhfeidhm go dtí deireadh na míosa, gníomh a chuirfidh tús oifigiúil leis an margáil faoin AE a fhágáil. Beidh sé sin ag tarlú ag an am céanna leis an spriocdháta chun na hinstitiúidí i Stormont a athbhunú nó a thuilleadh éiginnteachta a chothú.

Talamh méith don ghuagacht – agus do reifrinn.

Fág freagra ar 'An Ríocht Neamhaontaithe – ré na reifreann chugainn?'

  • M

    Is ionann Divorce sa mBreatain agus gan fáil ar aghaidh le tiortha eile agus gan neart ar bith san idirbheartaiocht, ach caint is caint agus iad abalta ar chor ar bith. Dream gan cumas ach sin ráite an Ríocht easaontaithe ag tabhairt faoi tiortha eagsúla i gconaí de shíor ar nós saint na Breataine go rímhinic