An Ríocht Áiféise -ní fada uainn críoch na chéad chaibidil i scéal an Bhreatimeachta

Is ar bhonn aineolais, áibhéile nó raiméise a rinneadh gach mórshocrú sa Bhreatain le ceithre bliana anuas

An Ríocht Áiféise -ní fada uainn críoch na chéad chaibidil i scéal an Bhreatimeachta

Beidh an díobháil a rinne an reifreann Breatimeachta don Ríocht Aontaithe soiléir agus an Príomh-Aire Theresa May ag labhairt le ceannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu.

Ní ar an AE ná ar dhuine ar bith taobh amuigh den Ríocht Aontaithe an locht.

Is ar bhonn aineolais, áibhéile nó raiméise a rinneadh gach mórshocrú sa Bhreatain le ceithre bliana anuas.

Gabhaim mo leithscéal. Ní foláir místuaim a chur san áireamh freisin, go háirithe má chuimhnítear ar an ngeallúint réamhthoghcháin a thug David Cameron in 2015. Dá mbeadh na Caomhaigh i mbun rialtais arís, a dúirt sé, dhéanfaidís margadh nua leis an AE agus thabharfaí deis don phobal vótáil air i reifreann.

Shíl Cameron go raibh geallúint gan dochar tugtha aige, toisc go raibh gach cosúlacht ar an scéal roimh olltoghchán 2015 go mbeadh na Caomhaigh i gcomhrialtas leis na Liobrálaigh arís ina dhiaidh, agus go gcuirfeadh na Liobrálaigh bac ar aon reifreann a reáchtáil. Nuair a bhuaigh a pháirtí móramh iomlán ní raibh aon dul as ag an bpríomh-aire ach a gheallúint a chomhlíonadh.

Chuaigh Cameron thar fóir sa chur síos ar na hathruithe a bhainfí amach sna cainteanna leis an AE – ní raibh seans dá laghad ann go ngéillfí dó. Ba laige dá réir a chás nuair a thosaigh an feachtas reifrinn, inar léiríodh easaontas follasach ina rialtas.

Dúirt Liam Fox, Michael Gove agus airí rialtais eile le linn an fheachtais dá vótálfaí i bhfabhar an Bhreatimeachta go bhféadfaí margadh a dhéanamh gan stró leis an AE ina dhiaidh. Dúirt siad freisin go mbeadh conarthaí trádála nua sínithe le tíortha eile seachas ballstáit an AE sula bhfágfadh an Bhreatain an tAontas go foirmiúil.

Mar a bhí á thuar go forleathan roimh an reifreann agus mar is eol do chách anois, ní raibh i gcaint dá leithéid ach tuairimíocht gan bhunús.

I ndiaidh an reifrinn, mhol státseirbhísigh agus taidhleoirí sinsearacha do rialtas Theresa May comhréiteach de chineál éigin a mheá a choinneodh an trádáil oscailte leis an AE i réim, sula rachfaí i mbun idirbheartaíochta leo. A mhalairt a rinne an Príomh-Aire ina hóráid i Lancaster House i mí Eanáir 2017.

Dúirt Theresa May go dtarraingeodh an Bhreatain amach as margadh aonair agus aontas custam an AE. Bhagair sí freisin nach gcomhoibreodh a rialtas le cur chuige an AE in aghaidh na sceimhlitheoireachta (laistigh de chúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, dúirt urlabhraí ar a son nach raibh bagairt dá leithéid á déanamh aici).

Laistigh de thrí mhí, chuir May tús leis an bpróiseas foirmiúil imeachta nuair a chuir sí litir chun na Bruiséile a thug le fios, de réir airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach mbeadh an Ríocht Aontaithe ina ballstát ón 29 Márta 2019 – seachtain ón lá amárach.

Is le lántacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre a sheol sí an litir imeachta. Go deimhin, bhí Jeremy Corbyn a gríosú le tamall chun tús a chur leis an bpróiseas imeachta. Ba léir faoi cheann achair ghairid i Londain agus sa Bhruiséil go gcuirfeadh easpa ama brú ar an mBreatain toisc nach raibh rialtas ná parlaimint na tíre tagtha ar aon tuairim faoin gcineál margaidh indéanta a d’iarrfaí sna cainteanna.

Ní gá na botúin ar fad a rinne rialtas May ó shin i leith a chuntas arís. Is leor cuimhneamh ar éidreoir a rialtais, ar éagumas a ionadaithe idirbheartaíochta (tar éis d’ambasadóir cumasach na Breataine sa Bhruiséil Ivan Rogers éirí as a phost in 2017), agus ar an síor-éileamh ar na buntáistí a ghabhann le ballraíocht san AE – buntáistí nach ngéillfí go deo do thír a bhí ag imeacht.

Is faoi cheannairí an AE a bheas sé teacht ar chomhsheasamh inniu agus amárach (nó an tseachtain seo chugainn) maidir leis an gcéim dheireanach d’aistear casta na Breataine i dtreo an dorais. Ach níl dabht ar mhórán anois ach go bhfuilimid ag teannadh le críoch na chéad chaibidle de scéal an Bhreatimeachta.

Iarfhocal:  De réir mar a chuaigh cás na Breataine ar gcúl ó 2016, chuaigh tacaíocht bhallstáit an Aontais Eorpaigh d’Éirinn i dtreise, a bhuí le hardchumas ár dtaidhleoirí agus an rialtas ag tacú leo.

Tá éacht déanta acu, agus moladh tuillte acu. Faraor, tá éacht eile de dhíth anois.

Fág freagra ar 'An Ríocht Áiféise -ní fada uainn críoch na chéad chaibidil i scéal an Bhreatimeachta'