An Rialtas le síneadh a chur le srianta dianghlasála go dtí an 5 Márta

Déanfaidh an Rialtas cinneadh inniu srianta níos déine agus níos doichte a thabhairt isteach faoi chúrsaí taistil

An Rialtas le síneadh a chur le srianta dianghlasála go dtí an 5 Márta

Déanfaidh an Rialtas cinneadh inniu na srianta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil go dtí an 5 Márta ar a laghad agus tabharfaidh siad a mbeannacht do shrianta nua faoi chúrsaí taistil. 

Faoi na socruithe nua beidh ar dhaoine a thagann chun na hÉireann agus gan toradh diúltach ar thástáil PCR acu dul ar coraintín ar feadh 14 lá. Beidh ar dhaoine a thagann ón mBrasaíl agus ón Afraic Theas an rud céanna a dhéanamh mar gheall ar na cineálacha nua den víreas a gineadh sna tíortha sin.

Ar na bearta a d’aontaigh fochoiste Covid-19 an Rialtais aréir tá gan aon víosaí gearrthéarmacha a eisiúint agus smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm ar an teorainn taistil cúig chiliméadar le daoine a chosc ó dhul go dtí aerfoirt le dul ar eitiltí neamhriachtanacha. Táthar ag caint freisin faoi bheith níos dícheallaí ag fiosrú paisinéirí a líon foirmeacha faoin áit a mbeidís ag leithlisiú agus faoina thuilleadh seicéalacha a dhéanamh gar don teorainn.

Tá cruinniú rialtais an lae inniu ag tarlú tráth a bhfuil líon na gcásanna den ghalar sa phobal ag laghdú an-tapa – 8-10% in aghaidh an lae. 

Ach táthar an-bhuartha i gcónaí faoin líon ard othar atá sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim. 

1,905 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 219 duine atá sna haonaid dianchúraim.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna inné gur dócha go mbeadh thart ar 1,000 othar Covid-19 fós sna hospidéil gach lá faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus gur os cionn 100 duine a bheidh i gceist i gcás líon na n-othar san ICU an uair sin.

Táthar buartha chomh maith faoi líon na gcásanna i measc daoine atá os cionn 75 bliain d’aois.

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan go mbeidh ag Rialtas “níos déine, níos doichte agus níos cúramaí” faoi chúrsaí taistil de bharr na dtréithchineál nua den Covid-19 atá ag scaipeadh. 

Ina theannta sin, déanfaidh na hairí rialtais an sainmhíniú ar oibrí riachtanach a phlé arís mar chuid de na srianta nua taistil a chuirfear ar phaisinéirí a thiocfaidh isteach go hÉirinn ar muir nó san aer.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go gcaithfí coraintín éigeantach a thabhairt isteach do gach paisinéir a thiocfadh isteach chun na tíre lena chinntiú nach mbeidh aon duine ag teacht anseo ach amháin i gcás riachtanais. 

Creidtear anois gur de réir a chéile a athosclófar na scoileanna agus gurb iad na scoileanna speisialta is túisce a osclófar agus ranganna Ardteiste an dara dream. 

Idir an dá linn, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen fainic ar an gcomhlacht cógaisíochta AstraZeneca go gcaithfidís na conarthaí soláthair vacsaíní atá déanta acu a chomhlíonadh.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go mbeifear ag cur an vacsaín ar fáil don tríú grúpa i gclár vacsaínithe an Rialtais an chéad mhí eile. 

Faoi Straitéis Dáilte Vacsaíne an Rialtais, is san ord seo a chuirfear an tsnáthaid ar fáil do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois: 85 agus os a chionn, 80-84, 75-79, 70-74.

Is iad na daoine atá 85 nó os cionn an chéad dream eile a gheobhaidh an vacsaín agus na dochtúirí teaghlaigh ina gclinicí a bheidh á tabhairt dóibh. 

Nuair a bheidh ceadúnas faighte ag AstraZeneca, tosófar ar an ngrúpa sin, cé go bhféadfadh moill a bheith ar an soláthar. 

Dúirt an tAire Donnelly go mbeadh ualach de vacsaín AstraZeneca ag teacht chugainn mí Feabhra, cé go mbeidh sé níos lú ná mar a bhíothas ag súil.

Meastar gur sa Mhárta is measa a bheidh laghdú ar an méid den vacsaín sin a gheofar sa tír seo. 

“Tabharfar tosaíocht do na daoine sa tsochaí is leochailí don Covid-19 ó tharla an soláthar vacsaíní a bheith teoranta,” a dúirt an tAire. 

Tá feachtas eolais á ullmhú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don phobal ionas go mbeidh a fhios ag gach duine roimh ré cá bhfaighidh sé an tsnáthaid, cén áit agus cén chaoi le dul ar a tóir. 

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 1,372 cás nua den Covid-19 a fógraíodh.

688 duine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás go dtí seo mí Eanáir. Is é 766 cás in aghaidh gach 100,000 duine ráta coicíse an ghalair

Fág freagra ar 'An Rialtas le síneadh a chur le srianta dianghlasála go dtí an 5 Márta'

  • Poraic o'hEipicín

    Cén fá nach bhfuil aoine ag glaoch ar paidiracha. árá.

  • Antóin

    Srianta nua faoi chúrsaí taistil, coraintín ar feadh 14 lá, smachtbhannaí níos déine le cur i bhfeidhm ar an teorainn, cosc ar dhul go dtí aerfoirt le dul ar eitiltí neamhriachtanacha, tuilleadh seicéalacha gar don teorainn, níos dícheallaí ag fiosrú paisinéirí.

    Céad Míle Fáilte go dtí an tSín.

    Agus ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, ag moladh coraintín éigeantach a thabhairt isteach do gach paisinéir a thiocfadh isteach chun na tíre! Náireach.

    An fada go mbeidh sí agus a páirtí ag cur fáilte ar ais roimh arm na Breataine ar ár sráideanna?

  • Antóin

    Freagra ar do cheist a Phoraic.

    Tá an Eaglais gan tréadaí. Misneach caillte.
    Tá sé in am anois snas a chur ar na carraigeacha Aifrinn.