An Rialtas cáinte sa Dáil faoi bhóithre ‘dainséaracha’ Ghaeltacht Chonamara

Dúirt an Teachta Dála Mairéad Farrell go bhfuil an easpa maoinithe atá curtha ar fáil do bhóithre, d’iompar poiblí agus do chéanna in iarthar na tíre ag cur isteach ar mhuintir na háite gach lá

An Rialtas cáinte sa Dáil faoi bhóithre ‘dainséaracha’ Ghaeltacht Chonamara

Tá ráite ag Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nDáil Éireann go bhfuil príomhbhóithre Chonamara “an-dainséarach ar fad” agus go bhfuil an stát ag teip ar mhuintir na háite agus ar phobal na tuaithe trí chéile mar gheall ar an easpa infheistíochta atá déanta i mbhonneagar na gceantar tuaithe.

Dúirt Mairéad Farrell go bhfuil an easpa maoinithe atá curtha ar fáil do bhóithre, d’iompar poiblí agus do chéanna in iarthar na tíre ag cur isteach ar mhuintir na háite gach lá agus thug an Teachta Dála roinnt samplaí de na fadhbanna atá ann agus í ag labhairt sa Dáil.

Dúirt sí freisin nach raibh beartais chuí sa Phlean Forbartha Náisiúnta a d’fhoilsigh an Rialtas an mhí seo caite chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin.

“Is léir do chách go bhfuil an Stát ag teip ar an Iarthar agus ar na pobail tuaithe mar gheall ar easpa infheistíochta cuí agus níl sa Phlean Forbartha Náisiúnta ach leanúint den treocht sin,” a dúirt Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin ó Ghaillimh Thiar.

Dúirt Farrell go bhfuil torthaí an pholasaí sin soiléir “nuair a bhreathnaíonn tú ar staid na mbóithre i gConamara”.

Dúirt an Teachta Dála sa Dáil go raibh “an R366 ó dheas agus an N59 ó thuaidh an-dainséarach ar fad”. Mhaígh sí nach féidir “rothaíocht ná siúl orthu go sábháilte” agus dúirt sí go mbíonn “timpistí orthu go minic”.

Luaigh Farrel muintir Ros Muc agus dúirt sí go raibh siadsan “an-bhuartha go mbeadh drochthimpiste ar an mbóthar” mar go raibh  “poill mhóra ann”, agus nach raibh “cosán ná soilse air”.

Thagair sí do ghrúpa pobail ar an gCeathrú Rua atá ag lorg maoiniú “ar feadh blianta” le cosán a thógáil ar bhóthar Dhoire Fhatharta. Luaigh sí chomh maith fuarlaigh ar Bhóthar Chuan na Loinge i mBéal an Daingin a choinníonn daoine óna gcuid oibre, dar léi.

Tharraing an Teachta Dála de chuid Shinn Féin anuas na céanna i gConamara chomh maith agus í den tuairim go gcuirtear a n-athchóiriú “ar an méar fhada”.

“Ní chuirtear an obair i gcrích [ar na céanna] ach nuair a bhíonn géarchéim ann agus nuair a dhéantar raic,” a deir sí.

Bhí Farrell ag caint sa Dáil ar rún a bhí á rith ag Sinn Féin go ndéanfaí “infheistíocht chuí” i bpobail tuaithe na tíre.

Maoiniú breise sa gcóras iompair poiblí a bhí ag teastáil, a deir sí agus dúirt nach raibh aon ghealltanas maidir le Bealach Iarnród an Iarthair sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030.

Tá cuarbhóthar na Gaillimhe, forbairt an bhóthair idir Corcaigh agus Luimneach, athbheochan chathair Phort Láirge i measc na dtograí móra atá luaite sa phlean forbartha €165 billiún nua.

Fág freagra ar 'An Rialtas cáinte sa Dáil faoi bhóithre ‘dainséaracha’ Ghaeltacht Chonamara'