An rialtas atá romhainn? FG + FF + X, Rialtas Mionlaigh, FG/FF/LO + X, an eite chlé le chéile?

Beidh rialtas nua de chineál éigin sa tír, má fhágtar míorúilt as an áireamh, faoi cheann bliana. Is fiú mar sin na roghanna iarthoghcháin a mheá 


Colage An tOireachtas

Ní rachaidh Fine Gael i gcomhrialtas le Fianna Fáil ná le Sinn Féin. Níl an Lucht Oibre toilteanach dul i mbun rialtais le Sinn Féin. Níl dhéanfaidh Fianna Fáil margadh comhrialtais le Fine Gael ná le Sinn Féin. Agus ní bheidh Sinn Féin páirteach i gcomhrialtas ar bith ina mbeidh Fine Gael nó Fianna Fáil in uachtar.

Tá na tuairimí thuas cloiste againn ó cheannairí na bpríomhpháirtithe go léir le tamall. Is eol dúinn mar sin an comhdhéanamh rialtais nach dteastaíonn uathu. Ach, mura dteastaíonn olltoghchán eile gan mhoill uathu, céard iad na roghanna rialtais dáiríre?

FG + FF + ?

Tá seans réasúnta ann go mbeidh Fine Gael agus Fianna Fáil ábalta comhrialtas le móramh Dála a chur ar bun. Nó go mbeidh móramh acu má thagann, b’fhéidir, an Lucht Oibre nó Renua ar bord ina dteannta. Níl bheadh ach aon chúis láidir amháin ag an bpáirtí is lú díobh i ndiaidh an toghcháin cur i gcoinne rialtas dá leithéid: an chontúirt go dtabharfaí buille an bháis dóibh sa chéad olltoghchán eile.

Ní féidir bunú comhrialtais mar seo a chur as an áireamh, go háirithe murar léir aon rogha eile ag a mbeadh an tacaíocht chuí sa Dáil.

Rialtas Mionlaigh

Mura mbeidh na páirtithe toilteanach margadh comhrialtais a dhéanamh, d’fhéadfadh páirtí amháin (Fine Gael, is dóigh) dul i mbun rialtais gan móramh Dála a bheith acu. B’fhéidir go dtiocfadh rialtas dá leithéid ar chomhréiteach éigin le neamhspleáigh.

An toradh is dóichí a fheicfí ar rialtas mionlaigh? Olltoghchán eile sar i bhfad. I 1981-82, theastaigh trí olltoghchán sarar bhain Fine Gael agus an Lucht Oibre in éineacht móramh Dála amach.

FG/FF/LO + ?

Fearacht gach rogha atá á meá anseo, bheadh comhrialtas ina mbeadh Fine Gael agus/nó Fianna Fáil agus/nó an Lucht Oibre chomh maith le páirtí/páirtithe eile ar an eite chlé ag brath go hiomlán ar uimhreacha.

Bheadh cur le chéile rialtais dá leithéid deacair cheal Sinn Féin, ach níl sé doshamhalta.

An eite chlé le chéile

Páirteach i gcomhrialtas mar seo, bheadh Sinn Féin, an Lucht Oibre, mionpháirtithe eile ar an eite chlé agus neamhspleáigh a bheadh báúil leo. Tá amhras ort? Ormsa freisin.

Ní léir faoi láthair aon chúís go dtiocfadh athrú chomh mór sin ar mheon an phobail ná ar thoil pholaiteoirí ar an eite chlé le go bhfeicfí Siriza na hÉireann i mbun rialtais tar éis toghcháin.

Ní mian leis na príompháirtithe aon rogha díobhsan thuas a phlé, ach tá sé ionann agus cinnte gur cineál nua comhrialtais atá romhainn. Sin, nó olltoghchán eile.

D’IMIGH SIN AGUS THÁINIG SEO

Sa chlár rialtais a d’fhoilsigh Fine Gael agus an Lucht Oibre tar éis olltoghchán 2011, d’fhógair siad:

“We will abandon the practice of providing a ‘mid-term break’ — a full week off at St Patrick’s Day and Halloween.”

Ar ndóigh, ní bheadh aon chiall le cruinnithe Dála a reáchtáil gan airí a bheith i láthair. Bhí gach aire, ach amháin Michael Noonan, as baile le cúpla lá ag freastal ar shearmanais na Féile Pádraig thar lear.

D’fhéadfadh coistí leanacht lena gcuid oibre, shílfeá. Ach níl oiread agus cruinniú coiste amháin ann ar dhialann oifigiúil an Oireachtais don tseachtain seo. Cuireadh an Dáil ar atráth ar an Déardaoin an 15 Márta. Ní bheidh an briseadh, nó “mid-term break”, thart go dtí Dé Máirt an 24 Márta.

– Is láithreoir ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'An rialtas atá romhainn? FG + FF + X, Rialtas Mionlaigh, FG/FF/LO + X, an eite chlé le chéile?'