An Rialtas ar shos an tsamhraidh, ach an mbeidh siad le chéile san earrach?

Scoradh an Dáil tráthnóna inné agus grá Dia a bheidh sa mbriseadh don rialtas

An Rialtas ar shos an tsamhraidh, ach an mbeidh siad le chéile san earrach?

Pictiúr: MAXWELLS

Tá go leor polaiteoirí sa tír seo buíoch maidin inniu go bhfuil an Dáil scortha don samhradh. Cé nach bhfuil siad ach mí in oifig níl oiread agus lá ó shin nach raibh conspóid nó sárú de shaghas éigin ann. Thóg sé 133 lá de chainteanna agus d’idirbheartaíocht an socrú a chur le chéile idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas. Ó shin i leith tá siad ag imeacht ar nós cearc bhacach ó phraiseach go praiseach.

Bhí sé éasca go maith an chéad chonspóid a sheachaint. Bhí sé follasach ach breathnú ar léarscáil go raibh bearna mhór sna haireachtaí a d’fhógair Micheál Martin.

Níor theastaigh an léarscáil a tharraing Michael Fitzmaurice amach chun an éagóir a léiriú ach ba sheift éifeachtach í. Ainneoin é a bheith díomách faoi nach bhfuair sé aireacht ghlac Dara Calleary le cinneadh an Taoisigh. Bhí roinnt teachtaí eile glórach freisin faoin gcomhaireacht nua agus easpa buíochais an Taoisigh as a gcuid saothair don pháirtí.

Ní haon iontas, mar sin, go  dtuairiscítear gur tharla cruinniú i mBaile Átha Cliath an tráthnóna ar bunaíodh an rialtas leis an riocht ina bhfuil Fianna Fáil a phlé. Níor chall imní do Dhara Calleary – ní fada a bhí air fanacht le hardú céime a fháil nuair a tháinig sé chun solais gur ciontaíodh Barry Cowen as a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil.

Ghabh Cowen leithscéal go poiblí sa Dáil agus ar na meáin chumarsáide. Ghlac an Taoiseach leis an leithscéal ach bhí rud éigin faoin scéal seo ón tús a spreag tuilleadh ceisteanna. Cén fáth nár inis Barry Cowen do Mhicheál Martin faoin eachtra, cén fáth a raibh sé ag tiomáint le ceadúnas foghlaimeora agus ós amhlaidh a bhí, an raibh duine ar bith sa gcarr in éineacht leis? Má bhí cérbh iad? Agus an ndearna sé iarracht na Gardaí a sheachaint?  Séanann Cowen go ndearna agus teastaíonn uaidh taifead na nGardaí ar an gcóras a leasú. An iarraidh a mharaigh an mhuc gur dhiúltaigh sé teacht os comhair na Dála le ceisteanna a fhreagairt. Briseadh é mar Aire Talmhaíochta agus gan coicís ar éigean déanta aige sa ról. Ina áit ceapadh Dara Calleary.

D’fhág sin go raibh Príomh-Aoire nua le ceapadh agus Aire Stáit a bheadh freagrach as an nGaeltacht agus dualgais  eile. Is é Jack Chambers a roghnaigh Micheál Martin mar Phríomh-Aoire. Ceisteanna ón bhfreasúra sa Dáil a mheabhraigh don Taoiseach go raibh na cúraimí eile ann agus d’fhógair sé gur ar Chambers a bheidís. Is dóigh go bhfuil a laghad ómóis tugtha do ról na Gaeltachta le tamall anois gur ar éigean a bhí caint ar bith ann ar easpa Gaeilge an té a bheadh ag feidhmiú mar Aire sa Roinn.

Fógraíodh ansin go mbeadh an tAire Chambers, chomh maith leis an mbeirt airí eile a bhfuil cead acu freastal ar chruinnithe rialtais, Hildegarde Naughton agus Pippa Hackett, i dteideal ardú pá €16,000 an duine. Cuireadh an t-ardú os comhair na Dála na laethanta céanna go raibh sé molta an íocaíocht dífhostaíochta paindéime a laghdú de réir a chéile.

Tháinig sé chun solais go raibh an íocaíocht á baint de dhaoine a bhí ag taisteal amach as an tír. Ar mhaithe le dochar a bhaint as an scéal d’fhógair an Taoiseach go mbeadh ciorrú 10% ar phá Airí Rialtais.  Cinneadh an liúntas do na hAirí Sóisearacha a roinnt idir an triúr – os cionn €10,000 an duine. Láimhseáladh an scéal go dona, a dúirt an Taoiseach.

Idir an dá linn,  reáchtáladh toghchán ceannaireachta sa Chomhaontas Glas agus thit Eamon Ryan ina chodladh sa Dáil.  Chaill siad roinnt ball aitheanta amhail Saoirse McHugh agus bunaíodh grúpa nua ar an eite chlé den pháirtí. Foilsíodh an plean le scoileanna a oscailt ach bhí sciar mór de sceite ag an Tánaiste Leo Varadkar an lá roimh ré. Rinne an Tánaiste céanna idirghabháil ar son an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney lena charr agus a thiománaí a choinneáil.

Tá an teannas idir Fianna Fáil agus Fine Gael le brath – an dá dhream ag iarraidh a chinntiú nach ndéantar aon chreimeadh ar fhéiniúlacht a bpáirtí féin de bharr a bheith i rialtas leis an tsean-namhaid.

Cuireadh an íocaíocht dífhostaíochta paindéime ar bhonn reachtúil an tseachtain seo. Bhainfí an liúntas d’aon duine a bhí ag taisteal thar lear. Spréach an freasúra agus chuir siad easpa tuisceana i leith an rialtais. Taobh istigh de cheithre huaire fichead shínigh an tAire Heather Humphries rialachán a cheadódh do dhaoine taisteal chuig tíortha atá ar an liosta glas. Dúirt sí go bhféadfadh an scéal a bheith láimhseáilte níos fearr. Slán an scéal í.

Scoradh an Dáil tráthnóna inné agus grá Dia a bheidh sa mbriseadh don rialtas. Beidh siad ar ais i mí Mheán Fómhair. Beidh súil againn go mbeidh an chumarsáid feabhsaithe faoin tráth sin agus nach mbeidh aon eachtra eile le tuisle a bhaint astu. Mura dtarlaíonn sin is deacair a shamhlú go mbeidh siad le chéile san earrach, ní áirím faoi cheann cúig bliana.

Fág freagra ar 'An Rialtas ar shos an tsamhraidh, ach an mbeidh siad le chéile san earrach?'