An Rialtas agus NPHET ag dul ar mhalairt slí agus Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm

Mhaígh NPHET gurb iad na srianta Leibhéal 5 an t-aon deis a bhí ann scaipeadh an ghalair a chur faoi smacht ach srianta Leibhéal 3 atá roghnaithe ag an Rialtas

An Rialtas agus NPHET ag dul ar mhalairt slí agus Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm

An Príomoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, agus an Dr Philip Nolan, NPHET, ag fágáil Tithe an Rialtais tráthnóna

Tá an Rialtas chun diúltú do chomhairle NPHET agus srianta Leibhéal 3 seachas Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm sa stát go léir.

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil beartaithe ag an Rialtas go gcuirfí an stát go léir go dtí Leibhéal 3 den phlean ‘Living With Covid’ agus go ndéanfar iarracht níos fearr a chinntiú go gcuirfear na srianta i bhfeidhm.

D’fhágfadh a leithéid de chinneadh ar mhalairt slí ceart an Rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí den chéad uair ó thús na paindéime.

Mhaígh NPHET gurb iad na srianta Leibhéal 5 an t-aon deis a bhí ann scaipeadh an ghalair a chur faoi smacht arís, ach is cosúil gur Leibhéal 3 agus roinnt srianta breise rogha an Rialtais.

Bhí cruinniú inniu ag an triúr ceannairí rialtais leis an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, le moladh NPHET faoi Leibhéal 5, a phlé. 

Beidh cruinniú rialtais tráthnóna ann chun beannacht a thabhairt don chinneadh diúltú don mholadh faoi Leibhéal 5, moladh a bhain siar as mórán aréir ó tharla gurbh í tuairim NPHET an tseachtain seo caite nár ghá srianta Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm sa stát go léir.

Is iad srianta Leibhéal 5 na srianta is déine sa phlean ‘Living with Covid-19’ agus an toradh a bheadh ar iad a thabhairt isteach ná go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm sa tír arís. Tá na srianta sin an-chosúil leis na srianta a bhí i bhfeidhm sa Mhárta agus san Aibreán ach amháin nach ndúnfaí na scoileanna.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna go bhfuil na cluichí club ar fad ar fionraí go fóill. Coiste Bainistíochta CLG a rinne an cinneadh maidin inniu agus tá an cosc ar chluichí club i bhfeidhm ar gach club sa tír.

Níl an comórtas craoibhe críochnaithe go fóill i roinnt contaetha. 

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna inné chun an t-ardú leanúnach ar líon na gcásanna a phlé agus cuireadh litir go dtí an Rialtas ina dhiaidh inar moladh na srianta is déine a thabhairt isteach.

Faoi Leibhéal 5 bheadh ar dhaoine fanacht laistigh de chúig chiliméadar ón mbaile agus dhúnfaí gach gnó neamhriachtanach. Seirbhís beir leat amháin a bheadh ceadaithe i gcás bialanna. Ní bheadh cead aon chuairteoirí chun an tí, bheadh cosc ar ócáidí sóisialta agus ní bheadh cead aon chluichí a imirt.

Bheadh scoileanna agus crecheanna oscailte i gcónaí.

977 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ag an deireadh seachtaine, 613 cás Dé Sathairn agus 364 cás Dé Domhnaigh.

Faoi Leibhéal 3, atá tugtha isteach i nDún  na nGall agus i mBaile Átha Cliath cheana féin, bíonn cosc ar ócáidí sóisialta is teaghlaigh agus ní cheadaítear ach daoine ó theaghlach amháin eile a thabhairt chun an tí.

Bíonn ar dhaoine fanacht laistigh dá gcontae ach amháin i gcás turasanna riachtanacha.

Ní bhíonn cead ag níos mó ná 15 duine freastal ar aon imeacht ealaíon nó oiliúna lasmuigh agus ní bhíonn imeachtaí laistigh, amhail comhdhálacha, cúrsaí traenála nó imeachtaí amharclainne, ceadaithe in aon chor.

Cé nach gceadaítear formhór na gcluichí spóirt ag Leibhéal 3, tá eisceacht déanta den scothspórt.

Ar líne amháin a bhíonn seirbhísí eaglasta pobail ceadaithe ach beidh na séipéil oscailte don té ar mian leis cuairt phearsanta a thabhairt orthu.

Bíonn póstaí agus sochraidí ceadaithe ach ní bhíonn cead ach 25 aoi a bheith ag pósadh.

Ní bhíonn cead ach ag 25 duine freastal ar shochraid ach an oiread.

Tugadh srianta breise isteach i dtithe tábhairne agus bialanna Bhaile Átha Cliath agus Dhún na nGall chomh maith.

Tá na tithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu iata go fóill sa phríomhchathair ach bhí cead ag a macasamhail fanacht oscailte i nDún na nGall ó tharla iad a bheith oscailte cheana. Níl cead acu, áfach, ach deoch a chur ar fáil do dhaoine taobh amuigh. Ach oiread le Baile Átha Cliath tá cosc i nDún na nGall ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia.

Fág freagra ar 'An Rialtas agus NPHET ag dul ar mhalairt slí agus Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm'