An Rialtas ag súil nach n-íocfaidh siad praghas ródhaor ar an ardú ar an gcostas maireachtála

Léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad le scaitheamh go bhfuil an chóir leis an bhfreasúra a bheidh ag súil buntáiste polaitiúil a bhaint as an ardú ar an ráta boilscithe

An Rialtas ag súil nach n-íocfaidh siad praghas ródhaor ar an ardú ar an gcostas maireachtála

Tá brú ag teacht ar theaghlaigh, ar thionscail ar leith agus ar sciar mór den phobal mar gheall ar an ardú ar an ráta boilscithe. Ní raibh boilsciú chomh hard le fiche bliain agus tá muid ar fad ag tabhairt faoi deara go bhfuil earraí níos costasaí. Tá fadhb ar leith le cúrsaí fuinnimh. Is féidir a bheith cinnte de réir mar a théann muid níos faide amach sa mbliain gur chun donais a rachaidh cúrsaí do dhaoine nuair a bheidh costais fuinnimh, scoile agus ardoideachais le sárú sa bhfómhar.

Tá roinnt leidí faighte againn ón rialtas le seachtain anois go bhfuil fonn orthu cuidiú leo siúd is mó atá faoi bhrú. Tá tús curtha le cainteanna le ceardchumainn agus é tugtha le fios ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Michael McGrath, go dteastaíonn ón rialtas réiteach a dhéanamh faoi chúrsaí pá ar mhaithe leis an tsíocháin a chinntiú i gcúrsaí tionsclaíochta. Thug an Tánaiste leide an tseachtain seo freisin go bhfuil an rialtas ag breathnú ar bhealaí le faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil teacht isteach €45,000 nó mar sin acu. Tá rún ag an rialtas díriú ar chostais oideachais tríú leibhéal agus cúram leanaí, a dúirt an Tánaiste.

Ar ndóigh ní féidir a leithéid a gheallúint ag an bpointe seo sa mbliain. Thug an Taoiseach foláireamh i dtús na seachtaine go mbeidh brú ar chostais fuinnimh go ceann tréimhse eile. Tá sé dá thuar go láidir go mbeidh rátaí úis ag ardú ar a laghad uair amháin i mbliana agus b’fhéidir faoi dhó nó trí huaire idir seo agus deireadh na bliana. Tuilleadh brú ar theaghlaigh atá ag íoc morgáistí. Cuirtear san áireamh go bhfuil foláireamh tugtha ag an gComhairle Fhioscach gur beag scóip atá ag an rialtas le cúnamh breise a thabhairt do dhaoine. Tá brú ag teacht ó chuile thaobh faoi láthair – sin gan trácht ar bith a dhéanamh ar an mbrú ar lóistín agus tithíocht de réir mar a leanann an cogadh san Úcráin.

Ó thaobh na polaitíochta cuireann an méid seo ar fad brú breise ar an rialtas agus tugann sé deis don fhreasúra iad a ionsaí. Léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad le scaitheamh anois go bhfuil an chóir leis an bhfreasúra céanna. Cuirfidh sin brú ar an rialtas seasamh le chéile agus tacú le chéile. An aidhm a bheidh ag an rialtas as seo go ceann tamaill ná a chinntiú nach mbíonn aon rud a thugann níos gaire d’olltoghchán muid. Ní gan dua a tharlóidh sin nuair a chuirtear teannas idirpháirtí agus uimhreacha Dála san áireamh.

Beidh siad sásta an dua a chaitheamh leis mar sin féin mar taobh amuigh de na dúshláin airgeadais, fuinnimh agus uimhríochta atá roimh an rialtas faoi láthair beidh mian amháin acu sna míonna seo romhainn – a chinntiú nach bhfaigheann an pobal aon deis tacaíocht a léiriú do Shinn Féin agus an páirtí sin a choinneáil ar bhinsí an fhreasúra chomh fada in Éirinn agus is féidir.

Fág freagra ar 'An Rialtas ag súil nach n-íocfaidh siad praghas ródhaor ar an ardú ar an gcostas maireachtála'

  • Pól Ó Braoin

    Den chéad uair riamh le céad bliain anuas tá rialtas agus freasúra againn in ionad an chur i gcéill. Is fada liom an lá a fheicfidh mé an t-athrú ag teacht sa rialtas. Beidh le feiceáil an ndéanfaidh siad aon mhaith ach ar a laghad taispeánfar go bhfuil daonlathas ar deireadh thiar thall againn.