Cumhacht nua d’Údarás na Gaeltachta i leith soláthar tithíochta pléite le hAirí Rialtais

Deir an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh go bhféadfaí cúram nua a leagan ar Údarás na Gaeltachta

Cumhacht nua d’Údarás na Gaeltachta i leith soláthar tithíochta pléite le hAirí Rialtais

Tá molta don Rialtas ról áirithe a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta.

Tá Teachta Dála amháin ag moladh gur fiú smaoineamh go háirithe ar ról a thabhairt don eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga i dtithe inacmhainne a sholáthar do chainteoirí Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála de chuid na Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh, gur labhair sé le déanaí le hAire Stáit na Gaeltachta agus leis an Aire Tithíochta faoi chás na tithíochta as Ghaeltacht agus “gur fiú smaoineamh ar cheart go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, go háirithe tithíocht inacmhainne do Ghaeilgeoirí.”

Luaigh Ó Cathasaigh an t-athrú ar chumhachtaí an Údaráis le linn plé as Dáil faoin reachtaíocht atá le tabhairt isteach ag na Rialtas chun athstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord na heagraíochta Gaeltachta.

“Beidh gá leis an bpríomh-Acht a leasú chuige seo, ach ag cur san áireamh an géarghanntanas tithíochta cuí sa Ghaeltacht agus an ghéarchéim teanga atá ann freisin, b’fhéidir gur fiú breithniú air seo,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Tá ceist thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain anuas ach d’fhéadfadh nach dtarlódh aon toghchán roimh 2025.

Pléadh an cheist sa Dáil an tseachtain seo caite agus d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go gceapfaí bord nua ar an eagraíocht Ghaeltachta mí Eanáir tríd an gcóras céanna atá ann faoi láthair.

Tréimhse “nach faide ná dhá bhliain” a bheidh ag an mbord sin, áfach, seachas tréimhse cúig bliana mar atá ag an mbord faoi láthair.

Tá sé i gceist ag an Rialtas reachtaíocht faoi struchtúr an bhoird a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, nuair a bheadh an t-athbhreithniú atá á dhéanamh faoin scéal curtha i gcrích.

Fág freagra ar 'Cumhacht nua d’Údarás na Gaeltachta i leith soláthar tithíochta pléite le hAirí Rialtais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Fáiltím roimh an méid atá molta ag an dTeachta Marc Ó Cathasaigh ó Phort Láirge.

    Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929 tá cumhachtaí forleathana ag Roinn na Gaeltachta maidir le tithíocht a sholáthar sa nGaeltacht. Ach níl na cumhachtaí sin á úsáid ag an Roinn le fada, ó cuireadh deireadh leis na scéimeanna éagsúla tithíochta a bhíodh ann ar mhaithe le airgead a shábháilt, mar dhea. Ní bheadh sé ró-dheacair an reachtaíocht atá ann a leasú le cumhacht a thabhairt faoin dlí do Údarás na Gaeltachta dul ag plé le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.

    An cheist atá ann, an bhféadfaí na cumhachtaí tithíochta atá ag Roinn na Gaeltachta a aistriú i mbealach éicint chuig Údarás na Gaeltachta agus an t-airgead a chur ar fáil le go bhféadfadh an tÚdarás dul i ngleic leis na fadhbanna tithíochta atá ag cainteoirí Gaeilge sa gcuid sin den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.

  • An Teanga Bheo

    Thar ama acu ról cumasach a bheith acu do thithe san nGaeltacht níos mó +++beir bua